10 November 2016
Plécháipéis Ghaeilge Shinn Féin Seolta ag Oireachtas na Samhna
SHEOL Sinn Féin plécháipéis nua ag Oireachtas na Samhna ar na mallaibh. Sheol an Feisire den Pharlaimint Eorpach Liadh Ní Riada an cháipéis ag plé painéil faoin téama ‘I dTreo Polasaí Nua’.
Ag labhairt ag deireadh an imeachta, dúirt an Feisire Ní Riada,
“Tá mé thar a bheith sásta gur seoladh an phlécháipéis seo le linn Oireachtas na Samhna agus go raibh deis ag pobal na Gaeilge súil a chaitheamh uirthi. Is mór dúinn an t-aischothú a fuair muid agus tá mé buíoch don scata mór a bhí i láthair.
“Gabhaim mo bhuíochas le Peadar Mac Fhlanncha (Conradh na Gaeilge) agus le Marcas Mac Ruairí (Glór na nGael) as a gcuid tuairimí a roinnt linn agus as páirt a ghlacach sa phlé painéil.”
Lean an Feisire Ní Riada léi:
“Tá an cháipéis féin ina dréacht i dtreo polasaí nua don pháirtí.
“Leanfaimid leis an bplé seo san am atá romhainn.”
Tá an cháipéis féin ar fail trí rphost a chur chuig [email protected] nó @SinnFeinGaeilge ar Twitter/Facebook. Cuirtear fáilte roimh aiseolas.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures