Top Issue 1-2024

1 November 2016 Edition

Resize: A A A Print

Bochtaineacht tuaithe níos measa san Iarthar

Léirionn taighde nua le Nasc Tuaithe na hÉireann an ghéarchéim bochtaineacht in Éireann

Tá cuid mhór de na moltaí atá sa mbeartas polasaí tuaithe ‘Margadh Nua Don Iarthar’ atá againn ag deileáil go direach leis na ceisteanna tromchúiseacha seo

TÁ SÉ SOILÉIR ó thaighde nua atá foilsithe ag Nasc Tuaithe na hÉireann (IRL Irish Rural Link) go bhfuil géarchéim bochtaineachta againn in Éireann, go h-áirithe sna ceantair tuaithe agus astu sin gurb iad na ceantair san Iarthar, lártíre agus cois teorainn is measa atá buailte.

I dtuairisc a d’fhoilsigh siad le mí anuas deir siad go mbíonn an bhochtaineacht tuaithe ceilte go minic, ach go léirítear go follasach é sna dúshláin a bhíonn roimh na pobail tuaithe. Dúshláin ar nós an easpa córais iompar, easpa infreastructhúr teicneolaiochta, an easpa fostaíochta, an ganntann i seirbhisí bhunúsacha agus mar sin de.

De réir na staitistici a chuireann siad ar fáil sa tuairisc ‘Poverty & Social Inclusion – The Case for Rural Ireland’ léirítear go bhfuil duine as gach cúigear san gceantar ‘BMW’ i mbochtaineacht – a leath acu sin ar bhonn leanúnach.

Tá an ráta dífhostaíochta níos airde sna ceantair tuaithe ná an meán náisiúnta freisin agus is léir gur sna bailte móra is mó atá an fás fostaíochta ag tarlú. Lena chois sin, léirítear go bhfuil caighdeán na fostaíochta sna ceantair tuaithe níos ísle – conraí gearra, séasúracha ar phá níos íseal agus araile.

pg5-2

Níl aon amhras ach an oiread go bhfuil an droch chóras iompar agus rochtain ar leathanbhanda ardluais ag cur leis na deacrachtaí atá ann chun comhlachtaí a mhealladh le lonnú faoin dtuath. Tagraíonn IRL do staidéar a rinneadh ar na seoltaí idirlíon atá ag comhlachtaí beaga in Éirinn a thaispeánann go bhfuil an ceathrú cuid díbh dhá choinneáil ó ghníomhaíochtaí ar-líne de bharr droch chaighdeán leathanbhanda.

Tugann siad le fios chomh maith go bhfuil an ganntann ioncam níos follasaí sna ceantair tuaithe ná sna bailte móra agus go bhfuil na h-ioncaim atá ag feirmeoiri go maith faoi bhun an meán-phá náisiúnta agus teaghlaigh ag brath ar fhoinsí eile seachas ioncam na feirme chun maireachtáil. Ach, tá laghdú le blianta beaga anuas ar an teacht isteach ó na gníomhaíochtaí breise seo, rud atá ag cur inmharthanacht na bhfeirmeacha féin i mbaol.

Cuid lárnach den bhochtaineacht a thugann siad le fios ná an ganntann bhreosla. Tá caighdeán na tithíochta tuaithe ag cur leis na fadhbanna sa gcomhthéacs seo. Níl na roghanna céanna ar fáil agus go minic bíonn an bhreosla níos costasaí de bharr cúrsaí iompar, rud a bhaineann pingineacha breise amach as pócaí na ndaoine chomh maith.

Tá fócas faoi leith sa tuarascáil ar chás na mban faoin dtuath. Tagraíonn siad don maoiniú a baineadh de chuid mhaith eagraíochtaí pobalbhunaithe a bhí ag díriú ar thacaíochtaí eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar fáil do mhná. Luann siad chomh goilliúnach is atá cás na dtuismitheoirí aonair, gurb iad mná a bhformhór, na deacrachtaí a chruthaíonn easpa seirbhísí feiliúnacha cúram leanaí ó thaobh deiseanna fostaíochta agus oideachais na mban freisin. Ach, deacrachtaí nua atá tagtha chun cinn le linn na géarchéime is déanaí ná méadú ar an bhforéigean baile agus ar líon na mban agus teaghlaigh gan dídean.

pg5-3

•  An Feisire Michelle O'Neill a thug isteach polasaí profáíl tuaithe fad is a bhí sí ina hAire Talmhaíochta & Forbartha Tuaithe sa gComthionóil

Tá ceisteanna móra áireamh shóisialta ag cuir as do na pobail tuaithe chomh maith. Bhuail an ghéarchéim ioncam lucht na tuaithe níos mó ná muintir na cathracha. Cruthaíonn an laghdú ioncam a chuid deacrachtaí féin. Áirítear anseo, imeallú ón bpobal, daoine a bheith ag obair astu féin, easpa áiseanna agus maoine, deacrachtaí le ganntann modhanna taisteal, easpa deiseanna oideachais, fostaíochta agus seirbhísí.

Tá dreamanna éagsúla sa bpobal a mbíonn an imeallú seo ag cur as dóibh níos mó, ar an áirítear na mná, daoine aosta, óganaithe, daoine le míchumas, pobail mhionlaigh agus mar sin de.

An moladh is mó atá ag Nasc Tuaithe na hÉireann le dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla seo ná go ndéanfaí profáil tuaithe ar pholasaithe agus straitéisí uile an rialtais sa gcaoi is go mbeidh deiseanna ag pobal na tuaithe fanacht faoin dtuath agus na seansanna céanna a bheith acu post maith a fháil agus saol réasúnta a chaitheamh.

Dár ndoigh, seo sprioc atá ag Sinn Féin le fada an lá agus tá cuid mhór de na moltaí atá sa mbeartas polasaí tuaithe ‘Margadh Nua Don Iarthar’ atá againn ag deileáil go direach leis na ceisteanna tromchúiseacha seo. Níos mó ná sin, fad is a bhí an tAireacht Tuaithe againn sa gComthionóil rinne muid beart de réir briathar agus chur muid an polasaí sin i bhfeidhm. Agus déanfaidh muid amhlaidh ó dheas, ach an deis a fháil.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland