Top Issue 1-2024

7 October 2016

Resize: A A A Print

1916 & 1981 Comórtha i Ráth Chairn

TÁ MOLADH tugtha ag an Teachta Dála Peadar Tóibín don chumann lán-Ghaeilge de chuid Shinn Féin i Ráth Chairn.

D'eagraigh an cumann deireadh seachtaine lán d’imeachtaí chun Éirí Amach na Cásca i 1916 agus An Stailc Ocrais i 1981 a chomóradh. Is i nGaeilge a reáchtáladh na heachtraí ar fad.

Dúirt an Teachta Tóibín go raibh sé bródúil as an chumann áitiúil mar gheall ar a chuid oibre agus as an phobal i Ráth Chairn “a bhfuil ról tábhachtach acu in athbheochán na teanga”.

Dúirt sé:

“Tá mé thar a bheith sásta go raibh cumann Shinn Féin Ráth Chairn in ann deireadh seachtaine den saghas seo a shocrú. Is onóir dúinn ar fad gur inár dteanga dúchais a bhí an comóradh tábhachtach seo ar siúl chun Éirí Amach 1916 agus na stailceanna ocrais a chomóradh.”

Ar chéad oíche an chomóraidh, 30 Meán Fómhair, chuir Ceoltóirí Tlachtgha (CCÉ) faoi stiúir Chaitríona Durkin, fáilte bhríomhar roimh an slua, sular chuir Mairéad Uí hÉanaí, Rúnaí an Chumainn tús leis na himeachtaí oifigiúla.

Is é Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams a bhí ina phríomhchainteoir na hoíche. Mhol an Teachta Adams pobal Ráth Chairn agus thug sé súil ar chás na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas.

Ráth Chairn 2016 Gerry Adams

Dúirt an Teachta Mac Adaimh:

“Tá ag teipeadh ar Rialtas na Breataine, Acht na Gaeilge a thabhairt isteach de réir Chomhaontú Chill Rímhinn. Tá dualgas ar an Rialtas in Átha Cliath brú a chur ar Rialtas na Breataine leis seo a chomhlíonadh.

“Tá imní orm faoi chinntí Aire Oideachais an DUP, Peter Weir, maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge.

“Sa deisceart, tá Sinn Féin ag tacú le hAire sinsir a cheapadh chuig an Rialtas a bheadh freagrach as an Ghaeilge agus as an Ghaeltacht.”

Maidin Dé Sathairn, bhí plé cuimsitheach ann maidir leis an Éirí Amach agus a himpleachtaí. Labhair an Comhairleoir Mícheál Mac Donncha faoi chúlra 1916 agus thug Aengus Ó Snodaigh TD cuntas ar imeachtaí na hÉirí Amach féin le linn sheachtain na Cásca. Is é an Comhairleoir Contae Maria O’Kane a dhírigh ar iarmhairt na hÉirí Amach.

Sa tráthnóna, bhí turas stairiúil den chéad scoth go Cnoc Tlachtgha. Tá an-stair go deo bainteach leis an Chnoc agus roinn an treoraí áitiúil Simon a chuid eolais go fial leis an ghrúpa ar bhonn thaitneamhach.

Ráth Chairn 2016 Seanna et al

I ndiaidh an turais, bhí plé páinéil ann maidir leis an Stailc Ocrais i 1981. Labhair na cainteoirí Eoghan Mac Cormaic, Gearóid Mac Siacais, Séanna Breathnach, Labhrás Mac Eoin agus an Comhairleoir Mairéad Farrell ar a dtaithí pearsanta féin; bíodh sé sin i bpríosún nó ag fás aníos sna blianta i ndiaidh ré na stailceanna ocrais.

Labhair Mairéad Farrell faoin dúshraith a leag na h-iarchimí síos don ghlún s'aici féin agus faoin dúshlán a thug siad do Phoblachtánaigh an lae inniu.

Thug baill Chumann Shinn Féin i Ráth Chairn a mbuíochas le gach duine a ghlac páirt agus a bhí i láthair.

Ráth Chairn 2016 Gerry Adams and group

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland