Top Issue 1-2024

3 October 2016 Edition

Resize: A A A Print

Gaeil san Afraic

Chuaigh Gaeil Óga as Béal Feirste chun na Afraice le linn an tsamhraidh. Tugann duine acu, Conall Ó Corra, cuntas ar an turas.

• Ag feirm faoin tuath le daoine áitiúila

Ní Moses an fíor-ainm s’aige ach tír iontach cráifeach atá ann agus mar aon le gach tír eile inár ndearnadh coilíniú air tá saghas náire orthu faoi na fíor-ainmneacha s’acu féin

BA GHEARR don am seo anuraidh gur chuir mé tús le mo chuid airgid a thiomsú dár dturas chun na hAfraice, nuair a dúradh linn go mbeadh muid ag dul chun na Saimbia. Thosaigh muid láithreach bonn ar an tiomsú. 

Bhí réimse de mhodhanna againn, ba é an ceann is éifeachtaí dár liom ná an ‘Bonus Ball’ - a rinne mé féin gach áit a ndeachaigh mé. Chuir duine amháin £250 ar a laghad isteach ann ach ní bhfuair sé faic ar ais. D’éirigh liom go fiú roinnt ticéidí a dhíol le Mike Nesbitt nuair a thug sé cuairt ar an scoil s’againn – Coláiste Feirste - níor bhain sé ach an oiread. 

Bhain mé díom mo chuid gruaige uilig fosta mar chuid den tiomsú. Rinne mé an t-éacht um Nollaig áfach, rud nár shásaigh mo mháthair mórán. Cibé, tháinig an lá agus d’imigh muid linn chuig an Aetóip.

Díreach sular imigh muid, áfach, thug O’Neills (cumann CLG i mBéal Feirste) deonú iontach flaithiúil ar fad. Thug siad dhá mhála lán de gheansaithe peile dom chun glacadh liom, mórchuid acu ba gheansaithe mo scoile féin iad. 

I ndiaidh eitilt fhada chuig an Aetóip, bhí eitilt eile againn chuig Luzaka sa tSaimbia. Turas bus a bhí i ndán dúinn ina dhiaidh sin, aontas na n-aontas. 

Faoi dheireadh, agus beagnach lá iomlán taistil caite againn, bhí muid i Mazabukan na Saimbia, baile beag 3 uair an chloig an taobh ó dheas den phríomhchathair. Taispeánadh dúinn ár lóistín don chéad seachtain go leith eile; dílleachtlann.

Ní féidir liom scríobh faoi gach uile eispéireas a bhí agam nó faoi gach uile duine ar chuir mé aithne orthu ansin, mar sin féin tabharfaidh mé breac-chuntas ar na daoine a chuaigh is mó i bhfeidhm orm agus ar na heispéiris is mó atá go foill ag imirt tionchair orm. 

Chuir muid aithne ar na lads sa dílleachtlann mar sin, chuir mé féin aithne mhaith ar Moses.

Ní Moses an fíor-ainm s’aige ach tír iontach cráifeach atá ann agus mar aon le gach tír eile inár ndearnadh coilíniú air tá saghas náire orthu faoi na fíor-ainmneacha s’acu féin. 

Bhí Moses ina uncail ar an teach, is é sin le rá gurb eisean a bhí i gceannas ar na lads eile, a bheag nó a mhór. Bhí cónaí air sa teach céanna lá den tsaol ach oibríonn sé ann anois agus é cúig bliana is fiche d’aois. Tá Moses críochnaithe ar an scoil le blianta anuas ach níl an t-airgead aige fós le freastal ar an ollscoil. Tá sé fós ag fanacht le maoiniú ón Eoraip, agus ag fanacht le choir a bheith cúig bliana anuas. 

Ní eisean amháin atá ann sa teach, tá cineál cócaire ann agus thar aon rud eile tá an príomhdhuine ann i bhfoirm Bah Mama – bean aosta a dhéanann cinnte go dtarlaíonn rudaí mar ba cheart ar bhonn laethúil. Ach Moses atá i gceannas go príomhúil agus eisean a bhfuil an dualgas air cinnte a dhéanamh de go dtéann na páistí ar scoil.

Pg30-2

•  Ag tógáil cnó na gcearc i Mazabuka

Caithfidh mé a rá go ndeachaigh dhá rud i bhfeidhm orm thar aon rud eile agus mé ansin. 

Tá sé luaite agam thuas faoi na geansaithe peile agus an dóigh ar dheonaigh O’Neills na geansaithe dúinn. B’iomaí uair ba cheart dúinn iad a bhronnadh, na mílte páiste leis an ghá, páistí nach raibh léinte acu go fiú. Chuige sin, dúradh linn gan iad a bhronnadh ar dhuine ar bith ar eagla go mbeadh círéib ann ar na sráideanna. Dúradh linn bheith cúramach agus an bronnadh a dhéanamh ar dhóigh cliste.

Dá bharr sin, bhí muid ag staonadh óna dtabhairt amach, rud a bhí ag briseadh mo chroí. Ach ansin, shroich muid an áit cheart dár liom féin; thug muid cuairt ar ‘The Flamboyant School for Special Children’ – scoil ina bhfuil páistí le riachtanais speisialta.

Thuig muid ansin nach mbeadh páistí chomh tuillteanach choíche.  Thug muid beagnach 50 geansaí do na daltaí an lá sin. Ní fhaca mé agus tá mé cinnte de nach bhféicfidh mé arís, daoine chomh sásta sin. Fanfaidh an lá sin i mo chroí liom go deo na ndeor. Níor mhothaigh mé chomh beag sin sa domhan riamh ach oiread, muidne ag gearán faoi rudaí amaideacha inár saoil féin.

Agus mé thall, bhí leabhar á léamh agam a chuaigh go mór i bhfeidhm orm fosta. As siocair gur i mbliana comóradh 35 bliana ó na stailceanna ocrais, chinn mé ‘Ten Men Dead’ a léamh, leabhar a dhéanann cur síos iontach ar an tréimhse ina iomlán agus ar na fáthanna taobh thiar de n stailceanna.

Níl mé féin ag déanamh aon chomparáid idir mo chuid oibre féin san Afraic agus íobairt an deichniúir a fuair bás ach d’aithin mé rud sa stailc nár aithin mé riamh. Ardaíodh mo mheas níos mó arís don deichniúir a fuair bás i 1981, bhí na fir toillteanach a mbeatha a dhíbirt ar son leas an phobail agus ar son leas na tíre. Thuig siad rudaí dar liom nár thuig mórán daoine riamh. Ba é an Afraic an áit is fearr le léamh faoina leithéid. Tá neart bochtanais ann sa tír sin agus cluintear go minic faoi na daoine atá sásta gan a dhath ar bith acu ach atá beo ar an ghannchuid. Níl aon saol eile acu, áfach, agus níl an dara rogha acu.

Chuaigh an eispéireas dochreidte seo i bhfeidhm go mór orm, ní amháin ar mo chorp. Inseoidh mé duit gur chaill mé neart meáchain ach chuaigh sé i bhfeidhm ar mo dhearcadh ar an domhan agus cad é atá ionainn.

Is féidir linn grá agus daonnacht a léiriú agus is féidir le gach aon duine, is cuma cé iad, difear dearfach agus fiúntach a dhéanamh sa domhan seo. Is féidir linn domhan a chruthú ina gcuireann muid béim ar dhaoine agus béim ar ghrá.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland