Top Issue 1-2024

5 September 2016 Edition

Resize: A A A Print

Fáilte go Saor-Ghaeltacht Theach Laighean

Caitheann sí a súil ar tionscnamh nua ar thug Sinn Féin faoi ar na mallaibh – chun ‘Saor-Ghaeltacht’ a bhunú i dTithe an Oireachtais

• Saor-Ghaeltacht Theach Laighean, urlár a cúig – Sinn Féin have turned the 5th Floor of Leinster House's 2000 Annex into a "Saor-Ghaeltacht", meaning it is a space where the Irish language is welcomed, encouraged, supported, used, heard, respected and pr

In Leinster House, I’m surrounded by the language. There are loads of Gaeilgeoirí, and foghlaimeoirí. It’s very organic and encouraging – Nikki Gavan

TÁ FOIREANN mhéadaithe ag Sinn Féin i dTeach Laighean, rud a chuireann gliondar agus iontas orainn agus muid go léir bailithe le chéile in aon seomra amháin le haghaidh cruinnithe. Tá áit cónaithe nua, agus níos galánta againn, (le cistin in ionad cófra), ar dhá urlár in LH2000, urlár a cúig (urlár a bhíodh ag Páirtí an Lucht Oibre, tráth dá raibh), agus urlár a sé.

Tugaimid Saor-Ghaeltacht Theach Laighean ar an spás seo.

Teachtaí, Seanadóirí, baill fhoirne, preas agus bainisteoirí san áireamh, tá ceathrar ‘Shinners’ is seachtó i dTithe an Oireachtais faoi láthair. Tá Gaeilge ar a dtoil ag dáréag dár dTeachtaí agus Seanadóirí. Labhair ochtar de chuid Shinn Féin sa Dáil ag na ráitis ar an nGaeilge ní ba luaithe sa bhliain, i gcomparáid le duine amháin ó na páirtithe eile. Tá Gaeilge líofa ag ceathrar is fiche den fhoireann cúnta agus gach uile dhuine eile thar a bheith sásta cúpla focal a úsáid.

I measc an ghrúpa seo, tá go leor daoine a bhfuil grá acu don Ghaeilge; gníomhaithe teanga, daoine ón Ghaeltacht, foghlaimeoirí, daoine líofa nó daoine le cúpla focal. 

Is gnách dúinn Gaeilge a labhairt le chéile go sóisialta agus cloistear Gaeilge go laethúil is go rialta ar phasáistí Shinn Féin; áit a gcothaítear atmaisféar suaimhneach, uileghabhálach ina n-airíonn daoine ar a gcompord ag baint triail as labhairt na Gaeilge.

Tagann grúpa oibre Gaeilge le chéile uair sa choicís chun cúrsaí teanga a phlé agus straitéis ghnímh, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais agus go hinmheánach, a phleanáil.  Freastalaíonn idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus bhaill fhoirne ar an gcruinniú seo, rud fiúntach a chuireann go mór le héifeacht na díospóireachta.  

Rugadh agus tógadh an Teachta Aengus Ó Snodaigh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Iarscoláire de chuid Scoil Lorcáin agus Coláiste Eoin é, a chaith tamaill sna seachtóidí lena theaghlach i nDún Chaoin, ag agóid ar son Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Tógann sé agus a bhean chéile Aisling a bpáistí trí Ghaeilge. 

Ba phríomhoide gaelscoile i gContae Uíbh Fáilí í an Teachta Carol Nolan agus an Ghaeilge an-ghar dá croí. Fuair sí a post i nGaelscoil Thromair mar ionadaí ar Liam Ó Néíll, iar-uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael. SpReagadh í chun an Ghaeilge a fhoghlaim nuair a d’fhreastal sí ar an Ghaeltacht i nGaoth Dobhair agus i gCarna. Labhraíonn sí go minic sa Dáil agus ar na meáin i nGaeilge.

Is foghlaimeoir í  Teachta Denise Mitchell ó thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Freastalaíonn a triúr iníonacha ar Ghaelscoil Choilm Cille i gCúlóg. Téann an chlann ar fad go Coláiste an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, gach bliain ar chúrsa Gaeilge agus Cultúir. 

Deir Denise liom go mbíonn sí ag rince, ag canadh agus ag foghlaim na feadóige stáin chomh maith leis an Ghaeilge. Molann sí do chách triail a bhaint as cúpla focal Gaeilge a labhairt agus go labhródh Gaeilgeoirí i nGaeilge le foghlaimeoirí  lena spreagadh agus chun cleachtadh cainte a thabhairt dóibh.

“I think that everyone should try and use their cúpla focal, and anyone with Irish, especially in the party, should speak Irish to learners to encourage them and give them an opportunity to practice. It’s fantastic in here for my Irish because so many of the team speak Irish around the corridors.

“The mini-Gaeltacht idea is brilliant and could be replicated in the other institutions, in constituency offices, and right across the party in fact.”

Nuair ar chríochnaigh an Teachta Dessie Ellis an ‘Group Cert’ ar scoil ní raibh sé ábalta an Ghaeilge a labhairt, agus ba mhór an trua a chuir sé sin air. Thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge arís nuair a bhí sé i bpríosún i bPort Laoise ag aois naoi mbliana is fiche:

“Bhíodh ranganna Gaeilge ag na poblachtaigh agus as sin a d’eascair an ‘Gaoltacht’ ar urlár a 4. Mise nó Éamonn Nolan agus daoine eile a bhíodh ag múineadh na ranganna. Bhí Arnie O’Connell, Cyril McCurtain, Jimmy Nolan, Jimmy Dunne, Liam O’Dwyer agus go leor eile sa Ghaoltacht. Bhí dhá thaobh an urláir ag labhairt Gaeilge, rud a bhí go hiontach spreagúil, le ceol, craic agus díospóireacht i gcónaí againn.

“Nuair a scaoileadh saor mé, thosaigh mé ag reáchtáil ranganna i bhFionnghlas i dteach mo mhamaí, do bhaill an chumainn áitiúil Clarke, Smith, Doherty. Ansin bheartaigh mé agus Seán Ó Donnghaile ar ghaelscoil a bhunú i 2002. Chuir an West Finglas Tenants and Residents Association ‘prefab’ ar fáil dúinn. Gaelscoil Uí Earcáin a thugtar uirthi anois ar bhóthar Glasnaíon.

“Ó shin i leith, tá fás agus forbairt tagtha ar an nGaeilge i mo cheantar agus liosta feithimh fhada do na gaelscoileanna. Labhraím Gaeilge chomh minic agus is féidir i dTeach Laighean.”

pg10-2

Paul Hayes, a proud Tipperary man, and Dublin TD Dessie Ellis’s PA, says he’d love to pick up more of the language:

“I’ve rudimentary school Irish but I’d love to attend the classes in Leinster House. I’ve a grá for the language and working with Dessie will give me an opportunity to practice my cúpla focal on a daily basis, build up my confidence and increase my vocabulary.”

Liam Ó Duibhir, from Baile Átha Cliath, learned his Irish in the Port Laoise ‘Gaoltacht’ alongside Dessie and many other comrades. He is now able to practice his cúpla focal with Mary Lou, who also is a fine Irish speaker, and who sends her children to local Gaelscoileanna.

Stephen Todd, from Dún Dealgan, is Teachta Donnchadh Ó Laoghaire from Corcaigh’s PA. He says: 

“Working here with Sinn Féin is the perfect environment to learn Irish because there are so many Irish speakers around. Donnchadh is an Irish speaker and working with him gives me an opportunity to use the language outside of the classroom in my normal, working environment.”

Tógadh Donnchadh le Gaeilge sa Tóchar i gCorcaigh:

“Ní teaghlach Gaeltachta sinne ach bhí Gaolainn ag m’athair agus an-suim ag mo Mham inti. D’fhreastal mé ar Ghaelscoil Uí Riada agus ar Choláiste Daibhéad ar an ardán thoir sa chathair. 

“Chaith mé tamall mar PA leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, agus tá dhá bhliain caite agam mar chomhalta ar bhord Fhoras na Gaeilge. Táim thar éis an Ghaeilge a úsáid i ngach óráid sa Dáil agus is minic a bhímse ag labhairt Gaeilge. 

“Bíonn go leor deiseanna agam Gaeilge a labhairt anseo le Sinn Féin.”

Is as Droichead Átha di Nikki Gavan, a oibríonn in oifig Gerry Adams:

“My grá of Gaeilge started with my amazing teacher Mrs Bradley in primary school. It was all about inspirational teachers for me. Mrs Dunne in the Sacred Heart used to give me extra classes. I stopped using the language after school as there were no opportunities to use it. When my son Conn came along, we decided to send him to our local Gaelscoil Aengusa.

“The holistic, immersion education and the wider school community, where parents attended Irish classes and ciorcal comhrá, was so amazingly supportive. The experience was phenomenal. Working in the Sinn Féin office in Dún Dealgán was another milestone for me.

“Seán Ó Murchadha, from Muineachán, would come and chat to me as Gaeilge. We’d read the Irish sections in An Phoblacht together and my confidence improved.

“In Leinster House, I’m surrounded by the language. There are loads of Gaeilgeoirí, and foghlaimeoirí. It’s very organic and encouraging.”

Is Corcaíoch é Joe Lynch a d ’fhreastal ar ghaelscoileanna i gCorcaigh. Oibríonn sé in oifig Gerry chomh maith.

“Ó thosaigh mé ag obair in oifig Gerry, úsáidim i bhfad níos mó Gaeilge ná riamh.”

D’fhoghlaim Richard McAuley nó RG, a chuid Gaeilge i gCeis Fada.

“Chuir mé mo pháistí chuig bhunscoil Pobal Feirste agus oibríonn m’iníon sa naíonra ar bhóthar ns bhFál.”

Is Seanadóir ó Bhéal Feirste é Niall Ó Donnghaile a bhí ina chomhairleoir agus ina Ard Mhéara sa Chathair sin:

“Bhí an Ghaeilge i gcónaí lárnach i mo shaol. Fuair m’athair píosa Gaeilge i bpríosún agus bhí se tábhachtach dó go bhfoghlaimeodh na páistí an teanga. 

“Nuair a bhí mé i mbunscoil Pobal Feirste bhí sé fós suite sa Chultúrlann. Táim go fóill sáite i saol Gaeilge Bhéal Feirste. 

“I dTeach Laighean, tá sé difriúil dom mar tá an teanga chomh feiceálach ar urlár Shinn Féin. Feicim gur rud fíor mhaith é an tionscnamh ‘Saor Ghaeltacht’.

“Spreagann sé daoine. Ba bhreá liom é a fheiceáil i gCnoc Anfa amach anseo.”

pg10-3

• Aengus Ó Snodaigh,  Carol Nolan,  Gerry Adams agus Denise Mitchell

Deir Doireann Ní Dhomhnaill, a oibríonn leis an Teachta Caoimhghín Ó Caoláin: 

“Is iontach an rud é Gaeilge a labhairt le mo chomhghleacaithe anseo. Tá Gaeilge mhaith ag neart daoine i Sinn Féin anseo i dTeach Laighean agus labhraím leo i gcónaí. D’fhreastal mé agus mo dheartháir Eoin ar bhunscoil Ghaeilge. 

“Ar an drochuair ní raibh gaelcholáiste ar fáil i Muineachán ag an am. Osclaíodh Coláiste Oiriall ó shin. Rinne mé Gaeilge agus Iriseoireacht san ollscoil agus chaith mé bliain ag obair sa Bhruiséil le Liadh Ní Riada, fad is a bhí sí i mbun stailc theanga. Bhíodh 80% dár gcuid obair trí Ghaeilge.”

Tá go leor Gaeilgeoirí agus foghlaimeoirí eile le fáil i bpáisistí Theach Laighean, ina measc siúd atá Pearse Doherty arb as Gaoth Dobhair dó, i gcroílár Ghaeltachta Dhún na nGall; Trevor Ó Clochartaigh, an Seanadóir arb as Carna i gConamara dó, a rugadh i Sasana agus nár fhoghlaim Gaeilge go dtí gur aistríodh an teaghlach go Conamara nuair a bhí sé trí bliana déag. 

Gaeilge amháin a labhraítear sa bhaile aige, a bhean Máilí agus na gasúir. Oibríonn  Séamus MacFloinn le Trevor. Tháinig sé chugainn ó Rannóg an Aistriúcháin agus cabhraíonn sé linne snas a chur ar ár gcuid Gaeilge. 

Feidhmítear m’oifig féin le Peadar Tóibín trí Ghaeilge amháin.  Níor tógadh ceachtar againn trí Ghaeilge nó sa Ghaeltacht. Is Bláth Cliathach mé agus rugadh agus tógadh Peadar san Uaimh, ach chuaigh an bheirt againn trí chóras Choláiste na bhFiann, mar a chéile le go leor Gaeilgeoirí eile na tíre agus i Sinn Féin.

Bhíos féin ag comhordú polasaí Gaeilge an pháirtí i mbliana. I mbun na hoibre seo, chuir mé aithne ar neart gníomhaithe teanga eile i Sinn Féin. Bíonn i bhfad níos mó deiseanna agam Gaeilge a labhairt anseo le Sinn Féin ná riamh. 

Bheartaíomar ar an tionscnamh “Saor-Ghaeltacht Theach Laighean” a bhunú chun daoine a spreagadh le Gaeilge a labhairt agus chun aitheantas a thabhairt do na Gaeilgeoirí a labhraíonn Gaeilge go hiondúil.

Oibrím go dlúth le Johnny McGibbon, Oifigeach lánaimseartha Gaeilge Shinn Féin. Ní rud beag é duine bheith fostaithe go lánaimseartha, ag Sinn Féin, chun tabhairt faoi obair ar son na Gaeilge. Go bhfios dom, níl a leithéid le fáil in aon pháirtí eile. 

Taispeánann sé go soiléir nach béalgrá atá againn don teanga. Táimid tiomanta don teanga. Tugaimid tús áite don teanga i ngach réimse den pháirtí. 

Gerry Adams has been a hugely positive force behind prioritising the Irish language. He rarely utters a sentence without some Gaeilge fite fuaite ann. He has encouraged, supported, inspired and ensured that Irish is central to Sinn Féin. It’s part of what we are. Is linne an Ghaeilge.

Molaim do gach aon duine an doiciméad ‘Gaelú an pháirtí’ a léamh agus bearta beaga a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina saol féin.

Táim féin thar a bheith dóchásach i leith todhchaí na teanga taobh istigh dár bpáirtí amach anseo. 

Déanfaidh Sinn Féin a dhícheall an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud fad na tíre trí reachtaíocht, trí thacaíocht, agus trí sheasamh ar son cearta lucht labhartha na Gaeilge.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland