Top Issue 1-2024

1 August 2016 Edition

Resize: A A A Print

An Ghaeilge 1916 – 2016

Bhí cás na Gaeilge á phlé i nDoire ar na mallaibh ag imeacht faoi 1916 agus An Ghaeilge

RÓL NA GAEILGE i rith ré na hÉirí Amach a bhí á phlé i nDoire le déanaí ag imeacht de chuid Shinn Féin. Is é an teachta dála Pearse Doherty a thug príomhoráid na hoíche ag an imeacht i gCultúrlann Uí Chanáin.

I dteannta an Teachta Dála Doherty, bhí painéal de chainteoirí a thug faoi dhíospóireacht maidir le tionchar na Gaeilge sa bhliain 1916 agus stádas na teanga sa lá atá inniu ann; ina measc siúd a bhí Carol Nolan TD, Cuan Ó Seireadáin (Conradh na Gaeilge), Fionntán de Brún (Ollscoil Ualdh) agus Ian Malcolm (Iriseoir).

Dúirt Oifigeach Náisiúnta Gaeilge Johnny McGibbon:

“Bliain thábhachtach spreagúil do phoblachtánaigh is ea 2016 agus ní ceart ról na Gaeilge a fhágáil i leataobh agus muid ag plé ré na hÉirí Amach. I ndáiríre, bhí an Ghaeilge ina chuid lárnach den athrú cultúrtha agus polaitiúil a tháinig ar an tír sna blianta roimhe sin.”

Lean sé leis:

“Gabhaim mo bhuíochas leis na cainteoirí ar fud a thug barúlacha suimiúla agus eolas tráthúil. Tá súil agam fosta gur chuir sé leis an phlé leanúnach i leith thodchaí na Gaeilge. 

Tá Johnny ar fail ag [email protected] nó ar na meáin shóisialta trí @SinnFeinGaeilge ar Twitter agus Facebook.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland