Top Issue 1-2024

1 August 2016 Edition

Resize: A A A Print

Fianna Fáil an dá thaobh

Caithfidh muid aird a tharraingt ar fhimínteacht ‘Saighdiúrí na Cinniúna’ ag gach leibhéal gur féidir

Tá Fianna Fáil ag freastal ar an dá thrá – iad ag ligean orthu go bhfuil siad sa bhfreasúra ach iad ag déanamh réamhshocraithe le Fine Gael maidir le vótaí ar chuile phiosa reachtaíochta

BHUEL, is fada an t-achar é seachtain sa bpolaitíocht agus ní raibh mí cosúil leis an gceann seo caite sa bpolaitíocht le fada an lá. Idir an Bhreatimeacht, na h-athraithe ceannaireachta i Sasana, Enda Kenny faoi bhrú anseo, an corraíl i dtiortha eile na hEorpa, sa Tuirc agus toghchán uachtaránachta idir dháa cheann na meá sna Stáit Aontaithe, níl aon dabht ach go mbeidh cúrsaí thar a bheith spéisiúil idir seo agus Nollaig 2016.

Agus muid díreach taréis briseadh an tSamhraidh a thógáil ó Theach Laighean, is am maith é le h-athbhreithniú a dhéanamh agus féachaint chun cinn ar an tréimhse a bheidh romhainn sa bhFómhar.  Tá foireann méadaithe de sheachtar Seanadóir againn agus chaon duine ag socrú isteach thar cionn.

An rud is mó ata le brath sa Seanad go dtí seo ná an smacht atá ag Fianna Fáil ar an gclár oibre agus na cinntí polaitiúla atá dhá ghlacadh. Is Seanadóirí nua iad triúr is dhá fhichead as an trí scór agus cuid mhaith díbh ag súil go mbeadh ‘polaitíocht nua’ dhá chleachtadh i ndáiríre. Mhol mé dóibh gan a bheith ró-dhóchasach áfach, mar gurb é an cur chuige seanchaite coimeadach  a bheadh i réim agus Fianna Fáil ag stiúrú chuile choscéim de chuid Fine Gael.

Tá Fianna Fáil ag freastal ar an dá thrá – iad ag ligean orthu go bhfuil siad sa bhfreasúra ach iad ag déanamh réamhshocraithe le Fine Gael maidir le vótaí ar chuile phiosa reachtaíochta. Fianna Fáil an dá thaobh!  Ach, is cosúil nach bhfuil seo ag cur as do vótóirí más féidir na pobalbhreitheanna is déanaí a chreidiúint.

pg5-2

Tá daoine ag rá liom gur diabhaltaí gearr an chuimhne atá ag toghlach na hÉíreann má tá siad ag filleadh ar ‘Shaighdiúrí na Cinniúna’ ar an gcaoi atáthar ag rá. Ach, is straitéis daingean dec chuid an pháirtí sin é seo. Tá siad ag coinneáil na seanfhondúirí siar ón spotsholas agus ag cur chun cinn an dream nuathofa nach bhfuil smál orthu. Dhá dícheangal féin ón stair agus ag cumadh polasaí de réir mar a osclaíonn siad a mbéil gan cás, gan náire.

An jab atá againne ná an fhimímteacht a nochtadh go poiblí agus go polaitiúil. D’eirigh linn sin a dhéanamh le déanaí maidir leis na táillí nua bruscar atá tugtha isteach. Ar dtús bhí Fianna Fáil agus Fine Gael ag obair as lámha a chéile leis an réimeas nua bailithe bruscar a bhrú chun cinn. Rinne muid iarracht an polasaí a chur ar ceal sa Seanad, ach vótáil an dá comhrialtas fheidhmeach le chéile le muid a chloí.

Ní cheapfá sin leis an gcaint a bhrí ar Theachta Dala dá gcuid, Éamon Ó Cuív, ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain dár gcionn agus é ag rá gur praiseach a bhí sa leagan amach nua ó thaobh seirbhísí dramhaíola. Thapaigh muid an deis an lá sin arís le brú a chur ar Fianna Fáil sa Seanad vótáil linn. Náirigh mé Ó Cuív ar an Raidió ma bhí an oiread sin imní air faoin bpobal go gcaithfeadh sé glaoch ar cheannaire Fianna Fáil sa tSeanad, Catherine Ardagh, chun tacú linn an tAire a thabhairt ar ais le h-athbhreithniú a dhéanamh ar na táillí agus bhí orthu sin a dhéanamh.

An tseachtain dár gcionn arís b’éigean do na comhlachtaí ‘u-chasadh’ a dhéanamh ar na h-ardaithe táillí a bhí beartaithe. Ní mó na sásta a bhí siad.

Má tá Sinn Féin le bheith éifeachtach mar fhíor-fhreasúra, caithfidh muid a bheith níos cliste ná Fianna Fáil ach go h-áirithe. Caithfidh muid Fianna Fáil an dá thaobh a thaispeáint chuile uair a mbíonn siad ag labhairt amach as an dá thaobh dá mbéil.

Tá ról ag baill ar fad Shinn Féin anseo chomh maith. Ná bíodh leisce ar bith oraibh an fhimínteacht seo a ardú ar na meáin áitiúla, ag cruinnithe poiblí, imeasc bhur gcairde, comharsanaí agus an cosmhuintir tré chéile.

Cá bhfios cén chomh luath is a bheidh deis ag an bpobal a mbreithiúnas a thabhairt in olltoghchán arís. Bímís ar aire. Is fada an t-achar seachtain sa bpolaitíocht!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland