Top Issue 1-2024

4 July 2016 Edition

Resize: A A A Print

Céard is brí le Scéim Bhunioncaimmar a pléadh san Eilbhéis?

BHÍ REIFREANN san Eilbhéis le deireannas, agus séard a bhí faoi chaibidil acu ná moladh go n-íocfaí bun-ioncaim do gach duine atá ina chónaí go dlisteanach sa stát, gan choinníol ar bith.

Dhiúltaigh na vótóirí glacadh leis an moladh, ach tá tús mar sin fhéin curtha le machtnamh faoin bplean ar fud na hEorpa.

Ar ndóigh tháinig cumainn fhostóirí amach ag scréachaíl faoi daoine a bheith ag fáil airgid agus tada le déanamh acu. Sin mar atá ar ndóigh maidir leo siúd a mhaireann ar infheistíochtaí, ach ní chuireann sé sin isteach ar an dream saibhir.

Céard tá i gceist mar sin leis an mBunioncaim seo?

Faoi láthair tugtar tacaíocht airgid do dhaoine má ta siad dífhostaithe is ag org oibre, nó má tá éagumas orthu is nach feidir leó obair, nó má ta siad ró-shean, nó eile.

I ngach aon chás bíonn coinníollacha le líonadh sula bhfaightear aon íocaíocht.

Agus, ar ndoigh, go minim titeann daoine sna poill idir na coinníollacha.

Mar shampla, ma dhéanann duine dífhostaithe iarracht gnó a thosú ach má theipeann air th’éis cupla bliain, ní bheadh an duine “fein-fhostaithe” sin i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh de bhárr easpa stampai a bheith aige, nó íocaíocht i gcoinne phinsean stáit don todhchaí.

Le Bunioncaim, gheobhadh gach duine íocaíocht.  Dá bhfaigheadh duine jab, thiocfadh an t-airgead ar ais don stát trí cháin, ach bheadh an bhuníocaíocht seo aige i gcónaí.

Tá dhá bhuntáiste mhor ag baint leis seo.  Sa gcéad áit, ní bheadh an costas riaracháin air is atá faoi láthair nuair is gá gach iarratas a scrúdú agus seiceáil an bhfuil an coinníollacha líonta.

Ach sa dara háit, ní bheadh na gaistí bhochtanais ann ach an oiread a chuireann moill ar dhaoine go minic glacadh le fostaíocht, go háirithe fostaíocht ghearrthréimhseach nó ar uaireantaí teoranta.

Ní oireann plean den chineal seo dona fostóiri ar ndoigh, mar is breá leo ma tá ar dhaoine a bheith ag braith ar obair ar bith a fhail agus ar thuarastail ar bith. Cabhraíonn sé sin le tuarastail a choinneáil íseal agus brabúis a mheadú.

Is fiú díospóireacht a bheith ann faoi.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland