Top Issue 1-2024

4 July 2016 Edition

Resize: A A A Print

Duine v Dúlra

Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar srianta comhshaoil

Caithfear na pobail tuaithe a choinneáil inmharthanach chomh maith, nó beidh muid féin áirithe mar ‘chine faoi chosaint’ sa Bhruiséil, gan mórán moille freisin

TÁ CÁS ardchúirte taréis cnámh spáirne na srianta comhshaoil a thabhairt chun cinn i gConamara arís.

Ach, is ceist náisiúnta é seo nach bhfuil éalú uaidh agus tá géarghá le h-athbhreithniú air na rialacháin timpeallachta le gur féidir leis na daoine agus an dúlra maireachtáil go suaimhneach i gcomhair a chéile, mar a rinneadh leis na mílte bliain.

De bharr rialacha nua Eorpacha a bhaineann le caomhnú timpeallachta is gá do mhuintir na tuaithe cead pleanála a fháil anois má tá siad ag iarraidh oibreacha bunúsacha a dhéanamh ar a gcuid tailte. Bhí feirmeoir caorach amháin i gceantar iargúlta i gConamara  ag iarraidh fál a chur le taobh an bhóthair leis na caorigh a stopadh ag dul amach air.

Bhí dualgas air cead pleanála a lorg de bharr gur ceantar caomhnaithe atá i gceist. Fuair sé an cead sin ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ach rinne lucht timpeallachta athchomharc chuig an Bord Pleanála agus diúltaíodh an cead an fál a chrochadh.

Ní nach ionadh, tá bunadh na h-áite ar buille leis seo. Tá Eagraíocht na bhFeirmeoirí Sléibhe agus Ceantair Natura i mbun fiosruchán leis an Aontas Eorpach féachaint le treoir a fháil maidir leis an gcinneadh seo.

Ceann de na ráitis is coitianta a chloisfeá uathu ná, ‘murach an aire a thug muintir Chonamara don talamh riamh nach mbeadh tada fágtha ann le caomhnú’ agus anois go bhfuil rialacha tugtha isteach ag an Eoraip le stop a chur le feirmeoirí na bun rudaí a rinne siad i gcónaí, ar nós draenáil, sceacha a bhaint, claíocha a thógáil agus mar sin de.

Go deimhin, maidir le cás an fheirmeoir thuasluaite, tá contúirt mhór tráchta anois ann mar go mbíonn cuid mhaith turasóirí ag taisteal an bhóthar áirithe atá i gceist agus níl aon bhealach aige leis na caoirigh a stopadh a dhul roimh na feithiclí. Sách dona sa lá, ach contúirt dhearg san oíche gan dabht.

Tá raic anois arís ann freisin mar go bhfuil stop curtha le forbairt bhóthair an N59 idir an Chlochán agus Uachtar Ard, de bharr ceisteanna comhshaoil chomh maith. Bhí cruinniú le déanaí ag baill Oireachtais Ghaillimh Thiar leis an Aire Stáit Seán Kyne agus oifigigh ón Roinn Forbartha Réigiúnagh, Tuaithe , Ealaín & Gaeltachta maraon le h-ionadaithe ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag iarraidh na deacrachtaí a bhaineann leis seo a shárú.

Tá cás faoi leith ag cruthú deacrachtaí i lár báire sa bpíosa bóthar seo atá le forbairt idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard, mar go bhfuil láthair ann ina bhfuil an Diúlicín Péarlach lonnaithe. Is sliogéisc  cosanta é seo, atá go mór i mbaol agus an chuid is mó den méid atá fágtha díbh san Eoraip le fáil in aibhneacha an taobh seo tíre. Tá cead pleanála faighte dón stráíce bóthair seo, ach go mbeidh socraithe casta innealltóireachta, eolaíochta agus caomhnaithe le n-aontú idir an NPWS agus Comhairle Chontae na Gaillimhe le cinntiú nach ndéanfar aon dochar don diúlicín le linn na h-oibre.

Ar an dara cuid den bhóthar atá le forbairt idir an Teach Dóite agus an Clochán tá cead pleanála diúltaithe ar fad, mar gheall ar cheisteanna a bhaineann leis na ceantair chaomhnaithe chaon taobh den bhóthar. Beidh sé seo níos deacra le réiteach, ach deir na géaga éagsula den státchóras go gcinnteoidh siad go dtiocfar ar shocrú.

Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar na ceantair chaomhnaithe seo agus na srianta a bhaineann leo ar fad áfach. Tá 90% de Chonamara faoina scáth, rud a fhágann gur deacair forbairt ar bith  a dhéanamh gan teacht salach ar na rialacháin. Tá milleán go leor ar na Rialtais éagsúla a leag amach cá mbeadh na ceantair seo, gan plé mar is ceart ar na h-impleacht

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland