Top Issue 1-2024

6 June 2016 Edition

Resize: A A A Print

‘Níl aon Tinteán’

Rabharta athsealbhaithe ar thithe teaghlaigh ins na cúirteanna

Tá teaghlaigh dhá díbirt amach as tithe agus géarchéim tiithíochta againn, ar mhaithe le saint baincéireachta míthrócaireach agus feictear dhom go bhfuil an stát i mbun comhcheilge leis an bpróiséas ar fad

BA TRUAMHÉILEACH an radharc í. Bean meánaosta. Triúr clainne uirthi. Beirt acu ar ollscoil. A fear céile imithe go Ceanada ag obair le dhá bhliain ag iarraidh an morgáiste a choinneáil íoctha. Ise ag caoineadh ag lorg breis ama agus trócaire ón gCúirt Athsealbhaithe chun teacht ar réiteach leis an mbanc a bhí ag fiach ina diaidh gan staonadh.

Sin an radharc a bhí ós mo chomhair an lá faoi dheireadh agus mé ag suí isteach ar éisteacht iomlán den chúirt a dhéanann breithiúnas  ar dhaoine atá titithe siar ar a gcuid íocaíochtaí morgáiste. Radharc a chur olc agus múisiam orm. Radharc nár chóir go bhfeicfí in Éirinn céad bliain i ndiaidh an Éirí Amach.

Bhí 121 cás ós comhair na cúirte an lá a raibh mé istigh. Ach, ní cuirt é i ndáiríre. Ní Breitheamh a éisteann na cásanna, ach an Cláraitheoir Chontae. Ach, is istigh i seomra cúirte a tharlaíonn sé. Ceann atá ró-bheag le gur féidir le daoine dul isteach ag fanacht le go n-éistfear a gcásanna. Fiche dó suíochán a bhí ann, bhí deich gcinn acu sin tógtha suas ag na dlíodóirí. Roinnt eile ag daoine ó MABS agus dreamanna eile agus an chuid bheag eile ar fáil don té a bhí ann in am.

Bhí ar formhór na gcosantóirí fanacht amuigh sa phasáiste, nó ar an staighre nó go nglaoifí orthu. Is ar éigin a chloisfeá cuid de na dliodoirí istigh sa gcúirt féin agus gan muid ach cúpla slat uathu. Cén seans a bhí ag an dream lasmuigh?

Feictear dhom go bhfuil an córas claonta i dtreo na mbainc. Dlíodóirí ag feidhmiú ar a son, seantaithí acu ar an gcóras. Formhór na gcosantóiri gan cúltaca dlíthiúil ar bith. Iad dhá gceistiú faoina gcumas aisíocaíochta. Gan mórán deis acu dushlán na mbancanna a thabhairt ar phointí dlí – rud a theastódh go géar ón méid a chonaic mé.

Sna cásanna athsealbhaithe a ceadaíodh, bhí bearnaí ins an gcáipéisíocht oifigiúil, dindiúrí as dáta, doiciméid in easnaimh. Ach nuair nach raibh na cosántóirí ann chun iad féin a chosaint scaoileadh leis na bainc. Agus is iomaí cosantóir nach raibh i láthair. Rinne bean amháin a raibh a cás liostáilte gearán leis an gCláraitheoir nach bhfuair sí aon fhógra ón mbanc. Cheistigh sí faoin dream eile nach raibh i láthair. An amhlaidh nach dtáinig siad dá ndeoin féin, nó an é nach bhfuair siadsan fógra oifigiúil ceart ach an oiread? AnN chluas bodhar a fuair sí.

Tá ceisteanna ann maidir leis na fiacha chomh maith. Bhí formhór na gcosantóirí ag déanamh iarracht réasunta aisíoc a dhéanamh. Ní hé go raibh siad mifhreagrach ar chor ar bith.

Cuid de na comhlachtaí a bhí ag tógáil cásanna deirtear nach ann dóibh a thuilleadh. Cuid acu ceannaithe amach ar shladmhargadh ag na ‘creach-chistí’. Árachas mainneachtana tarraingthe anuas ag cuid de na bainc freisin nuair a loic daoine ar a gcuid aisíocaíochtaí. Luach an mhorgaiste iomlán faighte acu mar sin, ach iad fós ag iarraidh tithe agus sealúchais a bhaint do na créatúir sa mullach ar sin.

Tá rud éigin bunúsach mí-cheart maidir leis an gcóras seo, nach bhfuil ach ag breathnú ar an bhfigiúir a deireann an banc atá dlite dhoibh, gan aird ar bith ar an méid a íocadh leo in aisíocaíochtaí thar na blianta, nach gceistíonn cur chuige ná cruinneas dlíthiúil an cháipéisiocht ar a bhfuil an bhreith dhá thabhairt.

Tá teaghlaigh dhá díbirt amach as tithe agus géarchéim tiithíochta againn, ar mhaithe le saint baincéireachta míthrócaireach agus feictear dhom go bhfuil an stát i mbun comhcheilge leis an bpróiséas ar fad.

An teachtaireacht is mó a bheadh agam do dhaoine atá sa staid seo ná seas an fód! Bí cinnte go mbíonn tú ins an chúirt. Ceistigh gach rud. Déan mionscrúdú ar pháipéarachas an ghearánaí. Agus ná ceap go bhfuil tú mícheart, nó níos aineolaí ná iad. 

Ón méid a chonaic mise i nGaillimh tá na bancanna féin agus na dlíodóirí atá ag feidhmiú ar a son mícheart, míchóir agus mímhúinte go minic ina gcuid gnóthaí agus ba chóir don Rialtas an córas a athrú leis an gcosmhuintir a chosaint níos fearr.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland