Top Issue 1-2024

23 April 2016

Resize: A A A Print

Gaeil iad fhéin . . .

● Michael Collins, Paddy Dunphy agus Harry Boland

GAEIL iad fhéin ní Gaill ná Spáinnigh” a deir amhrán an Phiarsaigh An Dord Féinne. Gaeil a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca agus bhí an Éirí Amach mar thoradh ar ‘ath-Ghaelú’ na hÉireann a bhí ar siúl ó bhunú Chonradh na Gaeilge in 1893 nó níos faide siar le bunú Chumann Lúthchleas Gael in 1884.

Bhí an Conradh, CLG, Sinn Féin agus na hÓglaigh fite fuaite agus bhí an chuid is mó de na daoine a throid i 1916 páirteach in dá nó trí de na heagrais sin. Taobh istigh de na heagrais go léir bhí Bráithreachas na Poblachta ag obair chun daoine a spreagadh chun troda ar son na saoirse.

Ar ndoigh bhí tionchar ollmhór ag Conradh na Gaeilge ar an saol náisiúnta agus ar an saol soisialta. Bhí an Conradh oscailte do mná agus fir. Ghlac Caitlicigh agus Protastúnaigh páirt ann. Chuir sé béim ar féin-mheas phobal na hÉireann. Eagras neamh-polaitúil a bhí ann ach eagras náisiúnta ag an am chéanna. Ba léir ó obair an Chonartha nárbh fhiú neamhspleachas polaitiúl na hÉireann amháin. Gan an teanga Ghaeilge agus an cultúr Gaelach ní bheadh náisiún na hÉireann ann.

Tá conspóid fós ann faoi na himeachtaí ag Ard Fheis an Chonartha i nDún Dealgan i 1915. Cuireadh rún os comhair na hArd Fheise, rún a raibh baill den IRB mar urraithe air. Bhí sé mar leasú ar Bhunreacht an Chonartha agus dúirt sé:

“Gan baint ar bith a bheith ag Conradh na Gaeilge le haon cheist pholaitíochta nó le haon cheist chreidimh, agus gan a bheith de chúram ar an gConradh ach náisiún Gaelach neamhspleách a dhéanamh d’Éirinn, saor ó gach ceannsmacht Gallda.”

Glacadh leis an rún ach d’éirigh Dúbhglas de hÍde as an uachtarántacht dá bharr. B’shin an fhadhb ba mhó leis an rún; ba léir faoin am sin go raibh na Conraitheoiri ar son neamhspleachas na hÉireann, cé go raibh easaontais eatartha maidir le conas an neamhspleachas sin a bhaint amach. Mar a dúirt an Piarsach, na gluaiseachtaí a d’fhás as an gConradh a bheadh chun tosaigh ag obair ar son na hÉireann “ní hamháin saor ach Gaelach, ní hamháin Gaelach ach saor”.

Conraitheoirí iad an cuid ba mhó de na ceannairí a cuireadh chun bás in 1916. Mar an gcéanna le Chumann Lúthchleas Gael. San eagras sin a fuair fir óga cleachtadh sular bunaíodh na hÓglaigh in 1913. Agus chuaigh siad ina mílte isteach sna hÓglaigh. Ghlac cumainn de chuid an CLG, chomh maith leis an Ard Chomhairle, Boird Chontae agus Comhairlí na gCúigí, páirt i sochraid Uí Dhonnabháin Rosa i 1915. Sampla maith ab ea Harry Boland – Cathaoirleach an Bhoird Chontae i mBaile Átha Cliath, imritheoir ar an bhfoireann Chontae iománaíochta, Óglach agus ball den IRB.

Cuireadh na Sasanaigh cosc ar an nuachtán Gaelic Athlete cúpla seachtain roimh an Éirí Amach. Bhí an méid sin fir CLG páirteach san Éirí Amach agus faoi ghlas ina dhiaidh go raibh siad in ann cluiche ceannais speisialta – Comórtas Wolfe Tone –a chur ar siúl i gCampa Geibhinn Frongoch i mí Iúil 1916.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland