Top Issue 1-2024

22 April 2016

Resize: A A A Print

Ó pheann an Phiarsaigh

● Pádraig Mac Piarais


SCRÍOBHNEOIR cumasach ab ea Pádraig Mac Piarais. Bhí sé mar eagarthóir ar nuachtán Conradh na Gaeilge An Claidheamh Soluis ó 1903 go dtí 1909. Scríobh sé iriseoireacht, filíocht agus gearrscéalta i nGaeilge, d’aistrigh sé filíocht ón nGaeilge agus scríobh sé filíocht i mBéarla, chomh maith lena scríbhinní polaitiúla sa teanga sin.

Dúirt an Piarsach gur cuireadh tús le réabhlóid na hÉireann nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i 1893. “Dá gcaillfí an Ghaeilge, chaillfí Éire” a scríobh sé i 1912. Sa bhliain sin a chas sé i dtreo na polaitíochta. Go dtí sin bhí sé ina ghníomhaí teanga, iriseoir, múinteoir agus máistir scoile. Bhí Scoil Éanna bunaithe aige ó 1908 agus ón Díseart i Ráth Fearnáin, teach ina raibh Scoil Éanna lonnaithe ó 1910, áit a raibh ceangal le Robert Emmet, bhí smaointí polaitiúla an Phiarsaigh ag fás agus ag forbairt.

Ach ní raibh sé ina phoblachtánach amach is amach go fóill. Chomh déanach le mí Marta 1912 bhí an Piarsach ar ardán Home Rule i Sráid Uí Chonaill le John Redmond ó Phairtí na hÉireann. Is suimiúl an óráid a thug sé an lá sin. Ba léir nach raibh sé ar aon intinn le Redmond ach thuig sé tábhacht an chur le chéile, nuair a dúirt:

“Tá daoine ar an láthair seo gur cuimhin leo ocht agus ceathrú milliún Gael ar thalamh na hÉireann. Níl againne ach ceithre milliún agus a dtrian san ceannaithe ag Gaill. Ach ní lúide ár misneach an díth a chuaigh orainn agus ní lúide ár ndóchas na catha briseadh orainn. Músclaimis ár meanma arís. Tá oiread anseo is a chuirfeadh impireacht Shasana ar neamhní ach iad a bheith ar aon aigne agus iad do chur chuige i gceart...Tá dream dínn a bheadh sásta le bheith faoi cheannas Rí Shasana ach saoirse a bheith again ina bhfearainn féin. Tá dream eile dínn nár chrom ár gceann is nár fheac ár nglúin in ómós do Rí Shasana riamh agus nach ndéanfaidh go deo. Táim-se ar an dara dream den dá dhream sin mar is eol do chách.”

An abairt is cáiliúla a dúirt an Piarsach an lá sin ná seo: “Tuigeadh Gaill má fealltar orainn arís go mbeidh ina chogadh chraorag ar fud na hÉireann.”

Agus rinneadh feall orthu. Ghéill an Rialtas Liobrálach do na Tóraithe agus do na hAontachtóirí a bhí ag bagairt ‘cogadh craorag’ in Éirinn dá mbeadh Home Rule curtha i bhfeidhm. I mí Aibreán 1912 scríobh an Piarsach alt ina iris polaitiúl An Barr Buadh ina ndúirt sé:

“An bhfuil Gaeil na haoise seo chomh meata sin is go gcuirfidís iad féin faoi gheasa agus faoi mionna bheith dílis do choróin Shasana go deo na díleann ach Feis (pairlimint) d’fháil a bhéas faoi cheannas Gall agus ceangal i bhfad níos crua uirthi ná mar a bhí ar an bhFeis ar éirigh Wolfe Tone ina coinne? An é atá uainn an ní ná fhulaingeodh Wolfe Tone, ceannas Gall, do bhuanú in Éirinn?”

Ba léir don bPiarsach faoi 1913 go raibh Redmond agus a lucht tacaíochta i Westminster ceannaithe ag Rialtas Shasana. Duine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann sa bhliain sin 1913 ab ea an Piarsach. Ba i mBéarla atá na scríbhinní polaitiúla is cumhachtaí ag an Piarsach - The Murder Machine, Ghosts, The Separatist Idea, the Spiritual Nation agus The Sovereign People. Ach sna dánta Gaeilge thíos léirítear a fhearg faoin ghéilleadh sin ag Redmond - Mise Éire - agus an dóchas a bhí aige go raibh Óglaigh na hÉireann chun troid ar son na saoirse - An Dord Féinne. Mar amhrán mhairseáil do na hÓglaigh a scríobh sé An Dord Féinne, amhrán atá fós i mbéal an phobail, mar atá ainm an fhile a cuireadh chun bás ag Rialtas Shasain 90 bliain ó shin.

Mise Éire

Mise Éire - sine mé ná an Chailleach Béarra.

Mór mo Ghlóir - mé do rug Cú Chulainn cróga.

Mór mo náire - mo chlann féin do dhíol a máthair.

Mise Éire - uaigní mé ná an Chailleach Béarra.

An Dord Féinne

Oró ‘Sé do Bheatha ‘bhaile

Óró ‘Sé do bheatha ‘bhaile,

Óró ‘Sé do bheatha ‘bhaile,

Óró ‘Sé do bheatha ‘bhaile,

Anois ar theacht an tsamhraidh!

‘Sé do bheatha a bhean ba léanmhar,

B’ é ár gcreach tú bheith i ngéibhinn,

Do dhúiche bhreá i seilibh meirleach...

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland