Top Issue 1-2024

25 September 1997 Edition

Resize: A A A Print

Coimhlint teanga na Breataine Bige

LE EOGHAN MacCORMAIC
Tá dráma tráthúil ar tí camturas na tíre a thosú an tseachtain seo nuair a bheidh Compántas Drámaíochta na Breataine Bige, Theatre Y Byd, ag teacht chun Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh ar an Domhnach 28ú Meán Fomhair leis an dráma ``Marriage of Convenience''.

Roghnaíodh an dráma mar cheann de na deich seó imeall b'fhearr ag Féile Dhún Eideann le déanaí... ach tá go leor a tharla ó shin a dhéanann dráma níos toipiciúla de. Léiríonn an dráma na deacrachtaí atá ag duine a thagann ó scoil lán-Bhreathnaiseach atá suite in áit ina labhartar Béarla, agus dearcadh an phobail sin faoin duine atá ag labhairt na Breathnaise. Sin é an chéad ghné de atá tráthúil, go háirithe i ndiaidh don reifreann Cymraeg an tseachtain seo chaite agus an laige agus a bhí an vóta ar son neamhspleáchais. Dúinne anseo, a bhfuil orainn sreachailt ar son saoirse, tá drogall na mBreatnach chun saoirse nó neamhspleáchais deacair a thuigbhéail. Ach, is dócha, tá an meon frithGhaeilge chomh coitianta in Éirinn a's atá an meon frithBhreatnais sa Bhreatain Bheag b'fhéidir.

Is dirbheathaisne é seo ar bhealach agus baintear úsáid as na nithe a tharla don údar, Ian Rowlands, átá ag fás aníos mar dhuine óg sa Rhondda, ach tá sé chomh tábhachtach céanna do chomhthéacs Éireannach agus atá sé sa Bhreatain Bheag. Tarlaíonn gníomhaíocht an dráma ar an maidin chéanna leis an bPósadh Ríoga idir Charles agus Diana, agus sin é an dara gné tráthúil den dráma, á léiriú, mar atá sé, mí i ndiaidh bás na mná sin. Tuigfidh lucht féachána an dráma nach raibh gach duine sa Bhreatain Bheag ró-thugtha don lanúin ríoga ar lá a bpósta - fiú má's íomha naofa í anois. Ach níl aon dabht ná gur fiú é an réalachas a chuimhneamh ó am go ham, réalachas a deir linn go bhfuil poblachtánaigh thall agus nach bhfuil rud ar bith aisteach faoi daoine ag iarraidh deireadh a chur le córas na rithe/banrithe. Tá an choimhlint sin idir poblachtánaithe agus lucht leanúint na rithe mar chuid lárnach den dráma.

Is monalóg atá ann atá suite thart ar chlann - an mháthair, mac agus an leas-athair - agus déantar cur síos ar imeachtaí an lae sin.

Ar maidin lá an Phósta Ríoga, réitíonn an mháthair, an leas-athair agus an iníon féin chun freastal ar an bhfleá sráide atá eagraithe chun an pósadh ríoga a cheiliúradh. Ach, réitíonn an mac é féin chun dul chuig picnic Poblachtánach frith-Ríoga lena chuid cairde. Nuair a fhilleann an chlann abhaile, cuireann alcól lasair leis an olc a mhothaíonn an leas-athair faoin teanga. Pléascann a fhearg air agus casann sé ar leas-mhac go fisiciúil. Bíonn nóiméad tuisceanna eatarthu an chéad mhaidin eile ach ní thugtar aon mhaithiúnas; admhaíonn an ghlúin nua go gcaithfear claontuairimí an sean glúine a mhaitheamh, cé nach féidir go deo glacadh leo, chun go féidir hathruithe tarlú.

Tá an méid scoileanna lán Breathnaise sa Bhreatain Bheag ag leathnú cosúil le fás líon na nGaelscoileanna in Éireann. Ach cé go bhfuil an méid scoileanna ag dul i méid, ní ghlacann cách leis mar fhorbairt deimhneach nó deir daoine go bhfuil nádúr na teangan ag athrú mar gheall ar chros-sioliú. Díreach mar atá argóintí in Éirinn faoi ghlaine agus chruineas na teangan, measann roinnt daoine gur droch rud é an cros-siolrú do thodhcaí na teangan, cé go dtuigeann daoine eile go bhfuil gá le hathrú agus go láidríonn sé an teanga. Is páirt smaointeach agus neamhghnáthach é Marriage of Convenience den diospóireacht seo. Is i mBéarla atá an dráma agus tá roinnt teanga láidir le cloisteáil ann. I ndiaidh oíche i nGaillimh beidh Marriage of Convenience ag dul go Caisleán an Bharraigh, Droichead Atha, Longfort, Muineachán, Lios Tuathail agus Baile Atha Cliath (Amharclann Andrews Lane). In easpa dráma dúchasach Éireannach ar an ábhar céanna, b'fhiú do dhaoine a bhfuil léargas ar sreachailt na teangan/poblachtánachas uathu cuairt a thabhairt ar an dráma seo le linn a thurais tríd an tír.


An Choróin i ndeargsháinn



Dé hAoine seo caite labhair an poblachtach Astrálach, Thomas Keneally (údar Schindler's Ark, etc.), faoin ghluasieacht ina thíre dhúchais le poblacht a bhunú agus faoin ghleic dhaonlathach in aghaidh na monarcachta i dtíortha eile. Tá Keneally dóchasach go mbeidh an Astráil ina poblacht faoi thús na mílaoise. Seachtain ón Luan thug Aire Tionscalaíochta Cheanada, John Manley, le fios go raibh sé thar am fógra scoir a thabhairt don Choróin chomh fada agus a bhain sé leis an tír sin.

Níl sé éasca do dhuine a bheith ina Aontachtaí na laethanta seo. Feictear anois tar éis na reifrinn in Albain agus sa Bhreatain Bheag a thanaí is atá an fhéiniúlacht ``Bhriotanach.''

Ní mhaireann an Briotanachas clasaiceach mórán anois taobh amuigh do bhólaí áirithe d'iarsma na himpireachta - sna Malvinas, Giobráltar, St. Helena agus i limistéir áirithe d'oirthuaisceart Eireann.

Sna háiteanna sin tugtar ómós gar-reiligiúnach don Choróin, ómós nach féidir le formhór phobal Sasana sa ghlúin seo bun ná barr a dhéanamh as. Léiríonn pobalbhreitheanna agus fianaise starógach go bhfuil cur in aghaidh na monarachta forleathan ar fud na Breatine.

Le linn shearmanas sochraide Diana Spencer dhiúltaigh cuild mhór den slua i bPáirc Hyde, Londain, seasamh do ``God Save the Queen,'' de réir tuairisce. Cuir é sin i gcomparáid lena ndearna The Irish Times tamall ó shin nuair a bhí an cluice rugbaí idir Eirinn agus Sasana i bPáirc Lansdúin. D'fhonn daoine a ghriogadh le ``God Save the Queen'' a chasadh chuir an nuachtán sin dhá véarsa de i gcló lá an clucihe. Aisteach go leor rinne siad dearmad ar an tríú véarsa:

``Lord grant that General Wade
May by thy mighty aid
Victory bring.
May he sedition hush,
And like a torrent rush
Rebellious Scots to crush.
God save the Queen!''

Amach anseo beidh amhrán náisiúnta cearta ag na Sasanaigh nuair a bhainfidh siad poblacht amach. Cá bhfios nach roghnóidh siad ``The Red Flag'' le Jim Connell as Cill Sgíre, Co na Mí!

Ar ndóigh ní deargréabhlóidithe iad siud ar fad atá ag iarraidh a bheith réidh leis an monarcacht Shasanach. Bhí sruth ``poblachtach'' ann i measc lucht leanúna Thatcher fiú. D'fhéadfadh poblacht Sasanach leanacht d'fhrolámhas a imirt ar na tíortha máguaird. Níl Poblacht Aontaithe uainn in áit na Ríochta Aontaithe. Mar sin féin, ba chéim í sa treo ceart dá dtabharfaí bata agus bóthar do mhuintir Windsor. (Eiseachadadh go Hanover, b'fhéidir!) Go deimhin, ó tá an mhonarcacht chomh lárnach sin don ``Bhriotanachas'' agus don mheon impiriúil ní ceist inmheánach do na Sasanaigh amach is amach é seo.

Ní bhaineann sé mórán leis an scéal gur dream gránna iad na Windsoraigh. Is smál í ar an daonlathas an mhonarcacht ifú má bhíonn an duine is inmholta amuigh ina rí/banríon. Ní haon argóint í a bheith ag caint ar a laghad dochair atá i monairc na dtíortha Lochlannacha nó a bheith ag ríomhadh mar a sheas Juan Carlos 1 na Spáinne an fód in éadan coup d'état faisisteach - agus sheas, bail air - i 1981. Is é an prionsabal oidhreachtúil atá mícheart.

Tá Coróin Shasana níos nimhní, ar ndóigh, ná aon institiúid mhonarcúil eile san Eoraip. Tá sotal agus fíorchumhacht ag na daoine a stiúraíonn í, leithéid Sior Robert Fellowes, fear nár sheas i dtoghchán riamh.

Maireann prionsabal Meánaoise i ndlí Sasana, ``the King (or Queen Regnant) can do no wrong'' a chaillaíonn go bhfuil an monarc (agus, dá bhrí sin, institiúid na Corónach) os cionn an dlí. (Féach, mar shampla, Constitutional and Adminsitrative Law le Stanley de Smith agus Rodney Brazier, an séú heagrán, 1989, lch 133.)

Mar sin féin agus meon an phobail Shasanaigh ag tiontú in éadan na monarcachta tá deis ag Tony Blair, má thoilíonn sé é, deireadh a chur scun scan léi mar institiúid. B'fhiú dó súil a chaitheamh ar a bhfuil le rá ag Walter Bagehot, i gcaibidil III dá shaothar clasaiceach, The English Constitution, maidir le Banríon Shasana: ``She must sign her own death-warrant if the two houses unanimously send it up to her.'' Ní chaillaíonn ``unanimous'' anseo ach go mbeadh móramh simplí sa dá theach parlaiminte araon. Ní ceart ligint do chumhacht dhlíthiúil mar sin imeacht in éag cheal úsáide.

Le Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland