Top Issue 1-2024

11 April 2016 Edition

Resize: A A A Print

Cad is Scéim Teanga ann?

Molaim daoibh a bhfuil an Ghaeilge ar na mbéalaibh agaibh go rialta dul i dteagmháil le do Rialtas áitiúil trí mheán na Gaeilge

Ó CUIREADH Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm sa bhliain 2003, tá iachaill ar gach eagraíocht phoiblí Scéim Teanga a chur le chéile agus a shocrú leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhoibriú leis an gCoimisinéir Teanga. Beartas iontach gan amhras, ach conas atá ag éirí le cur i bhfeidhm na scéimeanna iúd? An ceapa páipéir amháin iad nó an bhfuil beart de réir briathar mar dlúthchuid den choincheap? An bhfuil tú sásta leis an scéim reatha i do chontae-sa? An raibh a fhios agat go raibh scéim ann fiú? 

Is iad na príomhdhualgais atá le lámhsheáil ag eagraíochtaí poiblí (ar nós Comhairlí Contae agus Cathrach) na tíre ná:

  1.  a chinntiú gur i nGaeilge a fheagraítear comhfhreagras atá i nGaeilge sa chéad dul síos
  2. a chinntiú, nuair atá cáipéisí áirithe - bileoga eolais, mar shampla- á soláthar don phobal, gur i nGaeilge nó go dátheangach atá an chumarsáid sin. 
  3. go foilsítear doiciméid, ar nós tuarascáil bhliantúil, go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla.

I dteannta na ndualgas thuas, tá freagrachtaí i gceist i réimsí áirithe eile ar nós comharthaíochta, páipéarachais agus fógairtí taifeadta béil. Cuirim i gcás; is gá d’aon chomhartha nua, a chuireann Comhairle Contae/Cathrach in airde sa stát, a bheith i nGaeilge; nó i Gaeilge agus i mBéarla. Is gá go mbeadh an Ghaeilge chomh feiceálach, sofheicthe agus inléite leis an mBéarla ar chlúdaigh litreach agus ar nóta-pháipéar na Comhairle. Má chuirtear glaoch ar an gComhairle lasmuigh de na huaireanta oscailte, ba chóir Gaeilge a chloisteáil agus ní Béarla amháin. 

pg12-2

Is é an sprioc atá i gceist leis an Scéim Teanga ó thaobh na gComhairlí de ná go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil ar bhonn níos fairsinge trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo. 

Ba chóir go bhféadfaí freastal ar na custaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge.

Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin, mar sin, glacaim leis nach foláir go dtabharfar tréimhse ama chun na spriocanna a bhaint amach. Tá na scéimeanna ar an bhfód thart ar 10 mbliana anois, afách, agus ceapaim gur cheart iniúchadh a dhéanamh orthu ag an bpointe seo. 

Molaim daoibh a bhfuil an Ghaeilge ar na mbéalaibh agaibh go rialta dul i dteagmháil le do Rialtas áitiúil trí mheán na Gaeilge - ní fiú an scéim gan tairbhe agus leasa a bhaint as. Beatha teanga í a labhairt agus cleachtadh a dhéanann máistreacht, go háirithe do na baill foirne ar dheireadh an líne teileafóin nó ar an taobh eile don deasc uait. 

Bainigí úsáid as na seirbhísí agus éilígí iad muna bhfuil siad i bhfeidhm mar ba cheart. Beidh na seirbhísí ar fáil duit agus níos tábhachtaí arís, b’fhéidir, beidh siad ar fáil amach anseo don phobal ar fad.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland