Top Issue 1-2024

11 April 2016 Edition

Resize: A A A Print

Tithíocht stáit an t-aon leigheas ar an bhfadhb!

MÁS MALL is mithid mar sin fhéin go n-aithnítear anois go bhfuil géarchéim tithíochta againn sa stát seo. Ar ndóigh níl aon réiteach ar an bhfadhb seo ag páirtithe na Bunaíochta – Fine Gael/Labour nó Fianna Fáil; ach ar a laghad ar bith tá díospóireacht ann faoin bhfadhb is faoina leigheasanna a d’fhéadfadh a chur i bhféidhm.

Ach is trua ach nach fiú mórán an chaint a dhéantar faoi, mar ta na polaiteóirí aitheanta – ó pháirtithe is neamhspleách – aontaithe go gcaithfidh an réiteach a aimsiú sa margadh saor.

Agus seo muid ag caint faoi soláthar a mhéadú. Ach cén soláthar atá i gceist, ach tithe a chur ar fáil le ceannach nó le tógáil ar cíos, na rialacha a bhaineann le morgáistí a mhaolú nó polasaithe iasachta níos oscailte a bheith ag na bainc.

Ach níl aon réiteach taobh istigh den mhargadh. Tóigeann tógálaithe príobháideacha tithe nó árasáin ar mhaithe le brabach a dhéanamh. Tugann na bainc airgead ar iasacht ar mhaithe le brabach a dhéanamh.

Sea, tá fiacha móra ar dhaoine, agus caithfidh cabhrú le daoine atá sa riocht sin. Caithfidh gan dabht srian a chur le cíosa.

Ach ag deire thiar caithfidh an stát tithe cónaithe a thógail é fein,faoi mar a rinneadh sa ceathrachaí, sna caogaidí, sna seascaidí agus sna seachtóidí – go dtí gur chonacthas go raibh brabach le déanamh as riachtanaisí daoine.

Agus nuair a thosaigh an eacnamaíocht dhul i bhfeabhas cuireadh stop le tithe sóisialta a thógail go díreach ag na húdaráis áitiúla.

pg11-1

Ach sin é go díreach an t-aon leigheas ar an ngéarchéim seo – ach e a dheanamh níos fearr námar a rinneadh roimhe. Sé sin pleanáil chuimsitheach a dhéanamh le tithe, siopaí, ionaid scithe, fóillíochta is cultúrdha, scoileanna is áiseanna spóirt is taistil a thógail le chéile.

Agus más gá eastáit nua a thógail taobh amuigh dena cathracha mar atá nach féidir seirbhísí taistil ard-luasa ar phraghsanna srianta a chur in éineacht leó?

Is ar an mbonn sin cuid mhaith a tóigeadh an baile nua ag Baile Ádhaimh in iarthhar Bhaile Átha Cliath.

Má tá an toil ann is féidir é a dhéanamh arís is i ngach áit.

Ach sin í an fhadhb. Ní bheadh aon bhrabach le déanamh as a leithéid, is ar mhaithe le brabach a chosaint tá Fine Gael/Labour is Fianna Fáil ann.

Nach mór mar sin fáil réidh leó beirt?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland