Top Issue 1-2024

1 February 2016 Edition

Resize: A A A Print

Cé – is Céard- atá Freagarthach as na Tuilte?

IS TRUAMHÉILEACH é gan dabht cás na ndaoine a bhfuil a gcuid tithe, feirmeacha nó gnóanna sciosta ag na tuilte.  Agus tá an scéal níos measa fós ar ndóigh sna cásanna nach annamha sin nach bhfuil árachas ar fáil.

Ach tá’s againn go léir go bhfuil na tionchar na dtuilte níos measa toisc nach bhfuil airgead caite ar chosantaí in aghaidh tuilte.  Bhí baint freisin ag droch-phleanáil leis an scéal, sa méad gur tugadh cead go lucht tógála tithe a thógáil ar thuilemhánna.

Is cén freagra atá ag an rialtas air seo, ach iarracht a dhéanamh an milleán a chur ar na comhlachtaí árachais!

Tugann na comhlachtaí seo clúdach de réir leibhéal an phriacail, mar ag deire thiar caithfidh an teacht isteach a bheith in ann an dul amach a chlúdach – agus i gcás comhlachtaí príobháideacha brabús a dhéanamh freisin.  Ní seirbhísi sóisialta iad, agus is maith a bhfuil a fhios sin ag an rialtas.

Ach tré deacrachtai árachais a chur sa túsáit sa díospóireacht faoina tuilte, tá an rialtas ag súil go mbeidh siad in ann éaló ó mhilleán iad fein.

Tá’s ag an rialtas gur seafóid í seo, ach tá toghchán ar siúl (nó ar tí a bheith ar siúl) agus is dócha gur malairt phoirt a bhéas acu ina dhiaidh.

Ní feidir arachas a chur ar fail go dtí go mbeidh laghdú mór ar an bpriacal, agus braitheann se sin ar chosantai a chur ar fáil.

pg13-2

• Cuidíonn Comhairleoir Chathair Luimní Maurice Quinlivan le faoiseamh tuille

Tá gá le seolbhealaigh nó cuislí a chur ar fáil le uisce as an ngách a thabhairt amach ó bhruach abhann nó loch go dtí an fharraige. I bhfianaise an chostais a bhaineann le tuilte, is beag an costas a bhainfeadh lena leithéid.

Tá gá freisin le crainnte a chur, mar ólann na crainnte uisce; ach tá crainnte bainte de chuid mhaith den tuaith, tá bruachana aibhneacha lagaithe agus ní nach níonadh agus fadbanna aeráide ag dul i ndonas go bhfuil deacrachtaí níos measa ná riamh ann.

Is ar an bhfíor-fhadb is ar na fíor-reitithe is cóir don rialtas a n-paird a dhíriu.  Ma shocraíotear an bunfadhb beidh reiteach ann go loighiciuil le fadb an árachais.

Ach oireann sé don rialtas dallamullóg a chur ar dhaoine maidir leis an scéal seo in ionad a admháil go bhfuil siadsan is a gcuid polasaithe rachmais taobh thiar den fhadb ar an gcéad dul síos.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland