Top Issue 1-2024

1 February 2016 Edition

Resize: A A A Print

‘Ár dTeanga’: Cur i bhfeidhm nó Cur i gCéill?

• Dhúbhglas de hÍde

Sa tríú cuid dár sraith ‘Ról an Stáit agus Ról an Phobail’, scríobhann Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht) Chonradh na Gaeilge ó thuaidh – An Dr Pádraig Ó Tiarnaigh faoi thábhacht an ‘Cur i bhfeidhm’. Labhair Pádraig ag an plé painéil le linn Shlógadh Shinn Féin in Iúr Cinn Trá ar na mallaibh

“Táimid ag bualadh buille láidir ar son na hÉireann anocht, buille níos láidre ná do shílfeá ar dtús, óir táimid ag taispeáint don domhan mór go bhfuil an tsean-Éire, Éire na Gaeilge, beo ann go fóill, agus táimid ag dul inár mbannaí go mbeidh sí beo ann go bráth… Agus ansin nuair a thiocfas scéal na hÉireann do bheith scríofa san am le teacht, léifidh na daoine a thiocfas inár ndiaidh gur éirigh sibhse amach agus gur sheas sibh go daingean dílis ar son teanga bhur dtíre, agus gur chuir sibh í arís ina háit féin, ar mhodh nach bhfuil baol uirthi bheith caillte choíche” – Éireoimid feasta, tá an lá geal ag teacht’, Óráid Dhúbhglas de hÍde, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag An Chéad Oireachtas, 17 Bealtaine 1897

NÍ FADA ó shin a iarradh orm caint ag Slógadh Gaeilge Shinn Féin i nGaeláras Mhic Ardghail in Iúr Cinn Trá. Is cuimhin liom go maith ag an am mo mhachnamh a dhéanamh ar ábhar an phlé; ‘Ról and Stáit agus Ról an Phobail’ i dtaobh na Gaeilge. Ní raibh freagra na ceiste, nó fuascailt na faidhbe, agam. Ansin mhothaigh mé tuairisc RCEF (DCAL) maidir leis an chomhairliúchán ar Bhille na Gaeilge: Fuarthas 12,911 freagra don chomhairliúchán, ó eagrais agus ó dhaoine aonair, a raibh 94.7% (12,233) díobh ag tacú leis an Ghaeilge. Ardaíodh mo chroí. Bua! Ansin, thit sé arís, agus smaoinigh mé; cad is fiú seo uilig gan chur i bhfeidhm?

Ceistím go minic, mar sin, cá luíonn an Ghaeilge sa lá atá inniu ann, agus cá luíonn ‘ár dteanga’ mar thosaíocht don dá rialtas? Ba chóir go leanúnach an cheist sin a chur, an staid reatha sin a mheas. Cad é mar a mhothaíonn an pobal féin faoin teanga agus cad iad na láidreachtaí, na láigí agus go príomha, na dúshláin is mó atá roimpi mar theanga bheo?

Níl aon cheist, dár liom, go bhfuil tuairimí dearfacha ann maidir leis an Ghaeilge ar fud an oileáin, i measc na bpobal éagsúil, mar a léirítear i dtaighde a rinne Conradh na Gaeilge i gcomhar le Millard Brown in 2015:

Léiríodh go gcreideann 72% de dhaoine ó dheas agus 63% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh Gaeloideachas ar fáil do dhaoine ar mhaith leo é. 

pg9-1a

• Pádraig Ó Tiarnaigh

Aontaíonn 65% de dhaoine ó dheas agus 55% de dhaoine ó thuaidh gur chóir don stát/rialtas tacaíocht a thabhairt do phobail áitiúla chun straitéis Ghaeilge a fhorbairt ina gceantar féin

Creideann 70% de dhaoine ó dheas agus 54% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge do dhaoine ar mhaith leo iad a úsáid.

Cad é, mar sin, atá cur bac ar fhorbairt na teanga. Taobh amuigh d’easpa tacaíochta trás-pholaitiúla, caithfear amharc go príomha ar easpa maoinithe. Tá dí-infheistiú fadtéarmach  déanta ar an Ghaeilge. Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge ó €20milliún go níos lú ná €15milliún ó bhí 2007 ann. Is ionann sin agus gearradh siar de breis agus 25% i gcomhthéacs inar raibh méadú suntasach i bpobal na Gaeilge chomh maith le méadú ar dualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge – ag eascair ó na straitéisí éagsúla a chuireadh i bhfeidhm ag leibhéal an rialtais. Laghdaíodh buiséad Údarás na Gaeltachta ó €25.5milliún go €6mhilliún ó bhí 2008 ann. Sin againn slad iomlán ar bhuiséad an Údaráis. Chonaic muid an taighde a seoladh maidir le todhchaí na Gaeltachta anuraidh. Cad é freagra an stáit? Béalghrá, gearradh siar maoinithe agus tuilleadh den chur i gcéill. Cad é an ról atá ag an phobal? Cur in éadan. Cinneadh, freagra, gníomh.

Ní bhíonn an scéal i gcónaí chomh duairc is a shíltear. Bíonn seansanna agus féidearthachtaí forásacha ann. Caithfidh gach gearán, gach fadhb, bheith ceangailte le moladh, réiteach agus fuascailt. Ní mór dúinn mar phobal bheith dóchasach, agus níos tábhachtaí arís, bheith ceannasach. Don chéad uair tá pobal na Gaeilge (breis’s 80 grúpa pobail chomh maith leis na heagrais reachtúla, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta) uilig comhaontaithe ar phlean do bhreis mhaoinithe don Ghaeilge. Tá an plean seo spriocdhírithe agus bunaithe ar bhearnaí sa phobal agus dírithe ar tionscadail reatha atá ag feidhmiú go héifeachtach agus go sásúil cheana féin.

Mar atá fhios againn fan am seo, beidh dhá olltoghchán ann go luath i mbliana – thuaidh agus theas. Molann Conradh na Gaeilge go mbeidh Aire Sinsearach le Gaeilge don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bheadh ar chomhchéim leis na comhchoistí Oireachtais eile. Agus ó thuaidh, moltar go mbeidh Aire Pobail agus Aire Oideachais ann a bheas báúil don Ghaeilge, is rannaí iontach go deo tábhacht iad seo maidir le cur chun cinn na teanga agus forbairt na Gaeilge sa chóras oideachais agus ag leibhéal an phobail. 

Ach creidim i gcónaí gur chóir dúinn fís a cheangail le gach rud. Sprioc a bheith ag baint le gach gníomh. Is é an sprioc fadtéarmach a aithním féin ná an teanga féin a normalú agus a bhuanú; cuirimis deireadh leis an chur i gcéill agus déanaimis an brú a dhíriú ar an chur i bhfeidhm. ‘Éireoimid feasta’, a impíonn an Craoibhín; ‘Go dtaga an lá geal sin gan mhoill’ a ghuíonn an pobal. 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland