Top Issue 1-2024

18 September 1997 Edition

Resize: A A A Print

Daw eu dydd hefyd

Mo ghreidhn iad muintir na hAlban! Inniu is ag na Breatnaigh atá an deis céim, dá laghad í, a ghlacadh chun fuascailte.

Ní hionann agus an pharlaimint in lbain ní bheidh sa Bhreatain Bheag, má éiríonn leis an togra, ach comhthionól le raon cúng cumhachtaí. Sin de bharr cur in aghaidh féinrialtais taobh istigh de Pháirtí an Lucht Oibre a fheidhmíonn mar mhaifia gan fhreasúra i gcuid mhór ceantar i ndeisceat na tíre. Mar sin féin tá tábhacht le reifreann an lae inniu a sháraíonn ceist an chomhthionóil. Is ag plé le próisias atáimid seachas cinneadh ar leith. Má vótáltar ``le'' inniu beidh móiminteam nua faoin bpróisias sin.

Ba le dua - agus sraith chostasach de chaisleáin atá ann i gcónaí - a ghabh Eadbhard I an Bhreatain Bheag idir 1277 agus 1301. Seacht gcéad bliain níos déanaí maireann an náisiúnacht Bhreatnach in ainneoin cúngais mhíleata, comhshamlaithe cultúrtha, an Welsh Knot (an bata scóir seo againne), díbirt ó thalamh agus easpa institiúidí agus struchtúr.

Bhí parlaimint dá cuid féin ag an mBreatain Bheag uair amháihn cheanna, idir 1405 agus 1415, tar éis éirí amach Owain ap Gruffydd/Glyndwr (1349-1416). Tá an teach parlaiminte le feiceáil i gcónaí in Machynlleth. Is beag nár éirigh leis na Breatnaigh stát náisiúnta a bhunú an tráth sin. Rinne said comhghuailleacht le naimhde choróin Shasana in Eirinn, in Albain, sa Fhrainc agus fiú in Northumbria. Cath Agincourt a chriog iad seachas aon easnamh orthu féin.

In éagmais institiúidí polaitiúla ba í an teanga thar aon rud eile a choinnigh an náisi´7untacth slán sa Bhreatain Bheag. Bhí difríocht bhunúsach amháin idir Eirinn agus an Bhreatain Bheag san 18ú agus sa 19ú haois, gur sheas an séipéal leis an mBreatnais ón Athbheochain Chreidimh ar ahgaidh fad is a bhí an Eaglais Chaitliceach Rómhánach in Eirinn ag feidhmiú in aghaidh na Gaeilge.Bhí an Bíobla ar fáil go forleathan sa Bhreatnais agus as sin d'eascair traidisiún litearthachta agus oideachais i measc na cosmhuintire.

De réir mar a rinneadh tionscalú ar dheiscearta na tíre tháinig forás ar aicme shaothair uirbheach a thug isteach traidisiún nua gleice anuas ar an rada´culacht dhúichasach a léirigh í féin i ngluaiseacht Rebecca (leithéid Captain Moonlight), mar shampla. O éirí amach na gCairteach in Casnewydd go dtí stailc mhór 1926 bhí na Breatnaigh i lár na coimhlinte.

Is é an tasc is tábhachtaí sa Bhreatain Bheag an dá thraidisiún réabhlóideach sa tír - an sóisialachas agus an náisiúnachas - a cheangal le chéile.

Fadhb an-mhór sa t´ri an coimpléasc ísleachta náisiúnta: tá siad níos measa ná muid féin. Tá curtha ina luí orthu ag na meáin Shasanacha (agus ag a meáin féin, go minic) go bhfuil siad róbheag lena mbealach a dhéanamh sa saol mór. Ach tá sé sin ag imeacht. Seachtain ó aréir rinne bean óg bhríomhar as Caerdydd/Cardiff argóint - a bhí paiseanta agus réasúnta - ar son an neamhspleáchais ar BBC2. I mBreatnais a labhair sí. Bhí sí comh dubh le pic - siombail bheo den todhchaí ilchiníoch.

Le deich mbliain anuas tá an Bhruiséil, Washington, Londain agus Bonn ag spreagadh agus ag cothú náisiúin bheaga in oirthear na hEorpa le stáit dá gcuid féin a chur ar bun. A mhalairt ghlan de pholasaí atá acu in iarthar na mór-roimhe. Ach nío féidir leo an jíní atá ligthe amach as an lampa a chur ar ais. Daw y Dydd!

Colm de Faoite


11ú Slógadh Shinn Féi


Ar aghaidh leat go Maigh Eo Níl ach trí seachtain fágtha anois go dtí go gcruinneoidh an 11ú Slógadh Shinn Féin le chéile i gContae Mhaigh Eo.

Bhí sé i gceist go mbeadh an Slógadh suite i gCeathrú Thaidhg i mbliana ach an tseachtain seo chaite, d'athraigh lucht eagraithe an tSlógaidh an venue ó Poll an Thomhais go dtí Gaoth Saile, go hOstán Synge, ostán níos féiliúnaí don imeacht mhór. Is mór an spéis atá le mothú sa dúiche Gaeltachta sin cheana féin, muintir na háite ag fanacht ar an imeacht pholaitiúil is mó sa cheantar ó aimsir na bhFrancach. Is cinnte go gcuirfí leis an spéis sin nuair a chloistear go n-osclóidh Gearóid Mac Adaimh an Slógadh go hoifigiúil ar an tSathairn agus go gcaithfidh sé an lá i measc an tslua ag an Slógadh. Beidh cruinnithe ar thrí théama tábhachtacha ag an Slógadh i mbliana, beidh aoíchainteoirí ann ó Udarás na Gaeltachta (Tim Quinn) agus ó Fhorbairt Feirste (Pilib Mac Cathmhaoil) agus iad ag labhairt ar `Eisimirce, Inimirce agus Forbairt'. Beidh Comhairleoir Páraic O Coscair agus staraí áitiúil Pádraig O Láimhín ag plé `Trí Chomóradh: 1798, An Gorta Mór, 1848' agus beidh Caoimhghín O Caoláin TD (agus cainteoir eile) ag scrúdú `Aithint don tSáinordú', téama tábhachtach anois agus na cainteanna tosaithe - agus na haondachtóirí agu diultú páirt a ghabhail sna cainteanna fós. I measc rudaí eile a bhéas ag tarlúint le linn an tSlógaidh i mbliana beidh seoladh leabhair úr ó Pádraig O Laighin, a fhoilseoidh Coiscéim, turas ar suíomhanna stáiriúla Iarthuaisceart Mhaigh Eo, agus na Páirceanna Ceidí agus ar ndóigh ceol, craic agus comhluadar taobh amuigh de na cruinnithe foirmeálta.

Tá méadú spéise ó gach carn den tír in imeachtaí Slógaidh Shinn Féin 1997 agus aithnítear é mar an t-aon imeacht dá leithéid - deireadh seachtaine polaitiúl, ina mbíonn na díospóireachtaí agus léachtanna go léir trí Ghaeilge. Mhol Eoghan Mac Cormaic, úrlabhraí Roinn an Chultúir, go mbeadh gach Comhairle Ceantair - nó gach cumann má's féidir leo - ag cur ionadaí chuig an Slógadh. ``Bhí deireadh seachtaine ana-úsáideach againn anúraidh i nGaoth Dobhair'' arsa sé. ``Anois, táimid ag bogadh siar ó dheas go dtí Gaoth Saile... ach ná bíodh einne ag smaoineamh gur `lán de ghaoth' a bhíonn lucht an tSlógaidh! Seo deis do dhaoine teacht le chéile agus cleachtadh a chur ar a chuid Ghaeilge, smaointe éagsúla a mheá ó dhaoine nach baill de Shinn Féin iad, tuairimí a mhalartú le daoine ón Gaeltacht agus ó áiteanna eile ar fud na tíre agus, ar ndóigh, Iargúltacht agus áille Mhaigh Eo a fhéiceáil. Ní gá domh a rá, ar ndóigh, go mbeidh fáilte roimh cách don tSlógadh agus go mbeidh na himeachtaí go léir oscailte don phobal.''

Tá an Slógadh suite in Ostán Synge, Gaoth Saile, trí mhíle siar ó Iorrais, sé mhíle ó Béal an Mhuirthéad. Cosnaíonn an deireadh seachtaine £50.00 ina iomlán, dhá oíche l&b, dinnéar an tSathairn agus an turas stairiúil san aireamh. Is féidir gach eolas a fháil ó Eoghan Mac Cormaic ar 086-248 12 42 nó 091 527061, agus ba cheart clárú leis roimh réidh. Is féidir clárú, freisin, san ostán ó am tae ar an Aoine, agus tosaíonn céad seisiúin an tSlógaidh ag 8.30 pm ar an Aoine 3ú agus críochnaíonn sé maidín Dé Domhnaigh 5ú Deireadh Fómhair.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland