Top Issue 1-2024

5 January 2016 Edition

Resize: A A A Print

Raic san AE faoi Gás na Rúise

CÉ GO GCLOISEANN muid a lán baoth-chaint faoi phrionsabail chómhsheasaimh an Aontais Eorpaigh, níor dhearnadh aon phlé sna meáin Éireannacha faoin raic mhor idir an Iodáil agus an Ghearmáin mar gheall ar an Rúis, smachtbhannaí agus soláthar gáis.

Ó fuair lucht an Iarthair greim ar rialtas na hÚcráíne, ag iarraidh an tír sin a dheighilt ar fad ón Rúis, tá na Rúisigh ag cur fuinnimh bhreise ina gcuid iarrachtaí le bealaí eile a aimsiú le gás a sholáthar don Eoraip gan dul tríd an Úcráín.

Ar thaobh amháin tá fadb na smachtbhannaí a cuireadh i bhféidhm i gcoinne na Rúise nuair a tháinig an tir sin i gcabhair ar na forsaí frith-fhaisteacha is báúla leis an Rúis. Ach ar an taobh eile, bhí an Úcráín ag goid gáis ón bpíplíne is ag diúltú íoc as (tá an Úcráín nach mor banc-bhriste anois).

B’é an chéad phlean, le tacaíocht láidir ón Ungáir na píplíne nua a thóigeáil faoin bhfarraige ón Rúis go dtí an Bhulgáir – an Sruth Theas mar a tugadh air. Thabharfadh an píplíne nua seo gás dona tíortha Bailteacha, don Ungair is don Ghearmáin mar aon leis an Iodail, gan aon chur isteach ón Úcráín nó ón bPolainn.

Ach chuir na Meiriceánaigh an-bhrú ar na Bulgairigh gan dul ar aghaidh leis an bplean, agus faoin mbrú sin rialaigh Coimisiún na hEorpa gur sháraigh an píplíne rialacha an Aontais maidir le comortas.

Chuir sé sin fearg, mar a tharla ar an Iodáil a bhí ag déanamh infheistíocht s abplean ar mhaithe le gás a chinntiu dóibh fein agus ar mhaithe le brabús a dhéanamh.

D’imigh an Sruth Theas.

Ansin chinn na Rúisigh ar píplíne eile a thóigeail ag dul tríd an Túirc, isteach sa nGreig agus suas go dtí an Eoraip.  Ní bheadh an brabús céanna ann don Iodáil, ach bheidis i ndán cuid den ghás a fháil.

Ach nuair a scaoil na Túircigh eitleán de chuid na Rúise os cionn na Siria, bhí deire le dea-chaidreamh idir an Rúis agus an Túirc, agus deire is cosúil leis an Sruth Túirce.

Ach ta plean eile fós ann, an Sruth Thuaidh, foain bhrraige díreach ón Ruis go dtí an Ghearmáin.  Tá na Gearmáinigh ag déanamh infheistíocht mhor sa bplean seo, a fhágfadh gás na Rúis is saor ón Úcrain, ón bPolainn agus ó thir Bhailteach ar bith.

Anois tá na hIodáiligh ag gearán go raibh riail amháin ann maidir le smachtbhannaí is comortas don Iodáil, agus riail eile don Ghearmáin.

Ach tá soláthar gáis ró-thabhachtach don Ghearmáin, agus is cosúil nach bhfuil éinne ag éeisteacht le Matteo Renzi na hIodaile.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland