Top Issue 1-2024

1 December 2015 Edition

Resize: A A A Print

Súil Siar – Súil chun cinn

Féílire Comóradh 100 Bliain na Gaillimhe seolta

Bhí gaolta leo féin – a sin seanmhuintir in amanna, nó daoine eile ón bpobal a bhfuil gaolta leo beo go fóill sa gceantar – ag eagrú le ruaig a chur ar Ghallaibh

MÁ TÁ FÉIRÍN uait don Nollaig do dhuine éigin gar dhuit dhéanfá rud níos measa ná féilire Chomóradh 100 Bliain na Gaillimhe a cheannacht dóibh. Bronntannas luachmhar ó thaobh na staire di a léiríonn grianghraif le pearsain Gaillimheacha a raibh baint acu le gluaiseacht na Poblachta ag tús an chéid seo caite. Ach, an tábhacht bhreise a bhaineann leis do ghnáth phobal na h-áite ná go mba iad a gcuid daoine muinteartha féin, a gcomharsain agus a gcairde a bhí páirteach sa streachailt in aghaidh forlámhas na Breataine agus go mba leosan an Éirí Amach i ndáiríre.

Tá borradh faoi imeachtai chomórtha ar fud na tíre anois agus muid ag teannadh le 1916. Níl ort ach féachaint ar lion na gcuairteanna atá dhá thabhairt ag baill na bhFórsaí Cosanta ar scoileanna chun brataigh agus cóipeanna d’Fhorógra na Poblachta a bhronnadh orthu.

Bhí mé i láthair ag ceann de na h-ócáidí seo ag Scoil Náisiúnta Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus bhí bís ar na gasúir ag an ócáid agus aird dá réir tarraingthe ar thábhacht an bhrait, Amhrán na bhFiann agus teachtaireacht an Fhorógra. Ní fhéadfadh sé seo ach maitheas a dhéanamh agus suim daltaí a mhúscailt ina gcuid staire.

Tá scoileanna sa gceantar i mbun tionscnaimh chomórtha agus taighde iad féin freisin. Tá staidéar dhá dhéanamh ar na pearsain áitiúla a bhí bainteach le gluaiseacht na Poblachta, Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse agus mar sin di.

Tá siad ag fáil amach nach iad na mórphearsaí amháin a luaitear le h-eachtraí an GPO sna leabhra scoile an t-aon dream a bhí a bhí rannpháirteach sna h-iarrachtaí. Bhí gaolta leo féin – a sin seanmhuintir in amanna, nó daoine eile ón bpobal a bhfuil gaolta leo beo go fóill sa gceantar – ag eagrú le ruaig a chur ar Ghallaibh!

Tá siad ag foghlaim faoi eachtraí a tharla sa gceantar s’acusan. Creachanna, ionramháil, ionsaithe, dúnmharaithe agus eile. Tá sé seo ar fad ag cur craiceann nua ar an stair dhóibh. Tá sé ag lasadh lóchrann spéise i nglúin nua d’ógánaigh na tíre agus iad fiosrach faoinar thit amach ina gceantar féin agus cén fáth.

Tugann seo deis iontach dúinne mar Phoblachtánaithe breith ar an bhfuinneamh nua seo chun an ghlúin óg seo a chur ag smaoineamh ar luachanna Fhorógra na Poblachta agus ar an bhfís a bhí ag ceannairí na gluaiseachta ag an am sin. Agus níl an jab críochnaithe fós.

Tá éagcothromaíocht forleathan in Éirinn go fóill. Tá leatrom i gcúrsaí oideachais, sláinte, san eacnamaíocht agus cuid mhaith eile. Níltear ag caitheamh le chuile dhuine ar an mbealach céanna agus is fúinne agus faoi na glúnta atá romhainn atá sé sin a chur ina cheart. An bhealach is fearr chun sin a dhéanamh ná tríd an pholaitíocht – go h-áitiúil, go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta.

Tá dúshlan romhainn cinntiú go gcuirfidh an dream óg spéis sa méid atá ag tarlú sa bpobal thimpeall orthu. Caithfidh siad tuiscint go bhfuil na deacrachtai a fheiceann siad ina gceantair féin – easpa tithíochta, daoine gan dídean, rátaí ard féinmharaithe, ganntann seirbhísí agus deiseanna don aos-óg agus eile  bainteach go dlúth le cinntí polaitiúla ag gach leibhéal agus le polasaithe rialtais.

Is iad gnáth chosmhuintir na tíre a throid ar son saoirse. Léiríonn na sloinnte a fheictear ar Fhéilire na Gaillimhe úd – Donnellan, Breathnach Whelan, Mullen, Folan, Maguire is araile – gur gnath cosmhuintir na Gaillimhe a bhí i gceist chomh maith.

Agus is iad gnáth chosmhuintir na tíre a athróidh an dreach pholaitiúil in Éirinn sna blianta beaga atá romhainn. I chuile bhaile beag agus mór, ar fud an oileán. Caithfidh muidne an ceannasaíocht a thabhairt dóibh leis an bhfís Poblachtach, uile Éireann a fhíoradh.

• Is féidir cóip d’fhéílire Comóradh 100 na Gaillimhe a fháil ach glaoch ar 091 567 921 nó ríomhphost a chur chuig [email protected]. Luach €10.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland