Top Issue 1-2024

1 October 2015 Edition

Resize: A A A Print

Sea, Léiríonn Ceapachán Chorbyn go bhfuil Dhá Shasana Ann

DÚINNE, Éireannaigh a rugadh is a tóigeadh i Sasana, níl sa tír sin ach tír chiníoch, tir impireachta is tir a chuireann bac roimh fhorbairt an chine dhaonna ar fud na cruinne.

Ach cuireann ceapachán Jeremy Corbyn mar cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre thall go bhfuil dhá Shasana ann: Sasana na himpireachta is na crúáltachta, ach – ar an taobh thíos – Sasana na daonnachta, Sasana den dlúthpháirtíocht is den chur le chéile.

Go minic iarrann Seoiníní abhus orainn dearmad a dheanamh den stair is sean-choinbhliocht a chur ar leataoibh, ach d’fhulaing lucht saothair Shasana an dú-shaothrú is an cur faoi chois freisin.

Sea, neartaigh an aicme rialaithe ciníochas ar mhaith le scoilt a choinneáil idir náisiúin na n-oileán angla-ceilteacha seo.

Agus sin cúis eile le fáilte mhor a chur roimh cheapachán Chorbyn, mar is fear é a sheas ar fadh a shaoil in éadan an dúshaothrú, in éadan an chiníochais, in éadan beag a dheanamh dena naisiúin imeallacha ar Shasana nó ar na pobail ón domhan ar fad a thainig (nó, inár gcás, a díbríodh) go Sasana.

Cara mór le hEirinn is éa é gan dabht: fear a sheas linne nuair nach raibh mórán ann a dhéanfadh, is fear a thuill cáineadh is géarleanúint mar gheall ar an seasamh dlúthpháirtíochta sin.

Ba chúis ghaire mar sin gur ghabh Joan Burton, ceannaire Pháirtí fhealltach Lucht Oibre na hÉireann, cómhgháirdeachas – mar dhea – le Corbyn. Tá dúthracht agus díogras caite ag Joan ag cur go nimhneach in aghaidh na bpolasaithe a mholann Corbyn, agus is sampla eile den fhimínteacht chladhaireach a chleachtann polaiteóirí na heite deise anseo.

Ní bheidh sé éasca ag Corbyn ar ndóigh.  Níl gach cumhacht ag ceannaire phairtí aon ait, agus cheana fein tá sé léirithe go mbeidh cuid mhaith dá phairtí ag obair as lámha a cheile leis an eite dheis, leis na meáin, le lucht na himpireacht le cur ina choinne.

Ach is é an feachtas a raibh sé de thoradh air gur toghadh é an rud a thuiganns ábhar dóchais is gliondair dúinn.  Mar na mílte a thainig amach chun é a roghnú, dhein siad é toisc go gcreideann siad san sóisialachas is go bhfuil siad dóite ag an síor-chur i gcéill a mhilleann an pholaitíocht.

Sea, tá sampla Tsipras is SYRIZA rómhainn, a mhúscail an dóchas céanna ach a ghéill don déine toisc nach raibh siad in ann smaoineamh taobh amuigh de bhosca na hEorpa. 

Ach bhí Corbyn riamh orthu siúd a thuig an tAontas Eorpach, is ta bunús maith dó seasamh go fírinneach leis an prionsabail a thug sa gceannaireacht é.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland