Top Issue 1-2024

1 October 2015 Edition

Resize: A A A Print

Polasaí Oileánda thuas san Aer

Níl i scéal Aer Árainn ach cuid d’fhadhb i bhfad níos forleithne

Admhaíonn gach duine – fiú ionadaithe tofa an rialtais - go bhfuil praiseach iomlán déanta den phróiséas tairisceana seo. Ach, ní ionann sin agus freagracht a ghlacadh as na botúin.

Tá suim náisiúnta dhá chuir san agóid atá ar bun maidir leis an tseirbhís aeir go hÁrainn. Tá feachtas den scoth dhá rith ag pobal na n-oileáin agus tá daoine as chuile cheard ag cur spéis sa mhéid atá ag tarlú. Ach, tá amhras orm, fiú má thagann siad ar réiteach ar an troid áirithe seo faoin gcóras iompar, nach bhfuil an cath ach ina thús, mar gur léiriú é ar chúlú iomlán i bpolasaithe an stáit i leith na n-oileáin.

Baineann an t-aighneas leis an bpróiséas tairisceana ar an tseirbhís aeir, atá ag moladh go mbronnfaí conradh ar sheirbhís  a chur ar fáil go hÁrainn ar ‘Executive Helicopters’ a bheadh lonnaithe in Aerfort na Gaillimhe ar an gCarn Mór, seachas ar Aer Árainn – atá i mbun na seirbhíse le 45 bliain, ó Aerfort na Minna i gConamara.

Tharla rud iontach neamhgnáthach le linn an fheachtais seo. Tugadh ionadaithe tofa ó Ghaillimh amach chun cuairt a thabhairt ar thrí oileáin Árainn in aon lá amháin – rud nach bhfuil éasca le déanamh ar an gnáth bhealach.

D’fhreastal thart ar scór duine, idir baill Oireachtais, Comhairleoirí Chontae & Cathrach ar thrí chruinniú poiblí in Inis Mór, Inis Meáin agus ansin ar Inis Oírr. Bhí sluaite ag na cruinnithe ar fad agus iad ag brú go láidir an riachtanas a bhaineann le seirbhís eitleáin seachas ingearáin agus go mbeadh sé sin ar fáil ón aerfort i gConamara seachas taobh thoir de Ghaillimh.

Maidir leis an gcás ar son eitleán, tá an déanamh ‘Islander’ ag eitilt isteach is amach ó oileáin bheaga ar fud an domhain le blianta fada. Tá sé déanta go speisialta don obair seo agus é thar a bheith sábháilte. Ní thógann sé ach sé nóiméad eitilt ó Aerfort Chonamara chuig na h-oileáin, le h-ais fiche nóiméad ón gCarn Mór. Rinneadh cinneadh fiche cúig bliain ó shoin aerfort na Minna a thógáil go díreach don fheidhm seo.

Tá comhoibriú iontach idir an tseirbhís reatha agus na báid farantóireachta i Ros a’Mhíl chomh maith – nach bhfuil ach deich nóiméad siar an bóthar. Sa gcás agus nach féidir le duine filleadh ar an eitleán mar shampla, tugann an bád isteach iad,bailítear iad agus tugtar iad chuig an aerfort. Má bhíonn seirbhís as an gCarn Mór i gceist déanann sé cúrsaí i bhfad níos mí-phraiticiúil don taistealaí.

pg5-2

• Cruinniú Poiblí in Inis Mór

Admhaíonn gach duine – fiú ionadaithe tofa an rialtais - go bhfuil praiseach iomlán déanta den phróiséas tairisceana seo. Ach, ní ionann sin agus freagracht a ghlacadh as na botúin. Tá réiteach na faidhbe i lámha an Aire Stáit Joe McHugh, ach ceannaireacht a ghlacadh.

Is iad Comhairle Cathrach agus Comhairle Chontae na Gaillimhe na comh-úinéirí nua ar Aerfort na Gaillimhe – atá dúnta le tamall d’aerthaisteal poiblí. Tá léas ag comhlacht darb ainm Carnmore Aviation Ltd. ar an aerfort sin le h-eitiltí phríobháideacha a láimhseáil. Ritheann an léas sin amach faoi Nollaig. Mairfidh an chonradh maidir le seirbhís aeir go hÁrainn ar feadh cheithre bliana agus ní féidir le h-aon comhlacht gealladh go ndéanfar sin ó Aerfort na Gaillimhe. Dá bhrí sin, meastar gur chóir ‘Executive Helicopters’ a dhícháiliú agus dul chuig an chéad iomaitheoir eile sa chomórtas.

Tá McHugh ag iarraidh ar na h-údaráis áitiúla an cinneadh a ghlacadh ar a shon, seachas seasamh suas é féin.

Ní fheiceann aon duine ciall leis an bpróiséas seo ar fad. Ach, seans go bhfuil muid ag breathnú air ón dearcadh mícheart. Rinne Dinny McGinley iarracht an fóirdheontas seo a scrios roimhe agus cuireadh feachtas láidir ina aghaidh. Seo seift eile ag an rialtas leis an jab céanna a dhéanamh - go h-indíreach.

Má bhronntar conradh ar chomhlacht eile seachas Aer Árainn – cuirfear deire le fírinne leis an tseirbhís reatha. Is beag seans go n-éireoidh leis an tseirbhís heileacaptar ceaptar agus taobh istigh d’achar gearr imeoidh sin agus beidh sé ró-dhéanach filleadh ar an tsean-chóras.

Dar liomsa, is léiriú é seo ar pholasaí rialtais níos leithne chun tacaíocht do na h-oileáin a ídiú. Ní gá ach breathnú ar an droch bhail atá curtha acu ar Chomhar na nOileáin, na seirbhísí leighis, an easpa maoinithe do chéibh Inis Oírr agus eile, má theastaíonn breis fianaise uait.

Ach, ní dóigh liom go dtuigeann an rialtas buansheasmhacht muintir Árainn agus an tacaíocht ollmhór ata acu ó chosmhuintir na hÉireann. Buafar cath na h-aerseirbhíse, ach caithfear an meath níos leithne, de bharr polasaithe frith-oileánda Fhine Gael agus an Lucht Oibre a chloí freisin.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland