Top Issue 1-2024

11 September 1997 Edition

Resize: A A A Print

Inniu lá na cinniúna in Albain

In olltoghchán na Belataine thug na hAlbanaigh bata agus bóthar do na Tóraithe. Mar leanas a roinneadh na suíocháin san olltoghchán sin: Páirtí an Lucht Oibre (45.6% den vóta) 56, Daonlathaithe Liobrálacha (13%) 10, Páirtí Náisiúnta na hAlban (21.9%) 6, An Páirtí Coimeádach (17.5%) 0. Is sontasach, dála an scéil, an easpa comhréire idir an sciar den vóta a bhí ag na páirithe agus líon na suíocháin a bhuaigh siad, rud a léiríonn a mhíchothroime agus a bhí an córas vótála. Ioróineach go leor ba iad na Tóraithe ba m,hó a bhí thíos leis sin.

O ba í an cheist náisi´7unta an cheist ba mhó a bhí san olltoghchán in Albain - a bhuíchas do John Major - chinntigh an toradh go mbeadh reifreann ann faoi pharlaimint Albanach tar éis 290 bliain. Inniu lá an reifrinn.

Reifreann simplí a bhí i gceist ag an tús ach d'éirigh le Tonty Blair casadh a chur sa scéal agaus an dara ceist faoi chumhachtaí cánach a chur leis. B'ionann sin agus cnámh spairne bolscaireachta de chuid na dTóraithe/aontachtaithe a ardú go mórcheist bunreachta.

Tgháinig deireadh le parlaimint na hAlban i 1707 nuair a daingníodh Conradh na hAontachta, conradh idir dhá stát neamhspleách de réir theoiric an dlí idirnáisiúnta. Ní raibh ansin ach an chéim dheireanach i bpróisás fada de chomhshamlú cultúir, polladh eacnamaíoch agus creimeadh ar institiúidí polaitiúla.

Ní gá cumha a bheith ar dhuine i ndiaidh na parlaiminte Albanaí a chuir lámh ina bás féin an tráth sin. Bhí sé beagnach chomh lofa lena leathbhádóir ar Fhaiche an Cholásite. Ba bhunáit ghalldachais í. Chothaigh an pharlaimint chéanna an deighilt is mó dochair in Albain, an deighilt idir Gaedhealtachdt augs deiscerat. Bhí an réimeas i nDún Eadain nimhneach in aghaidh Ghaeilge na hAlban. Thairis sin chothaigh sé an seicteachas reiligiúnach atá fós ina ghalar in Albain. Agus sa deireadh dhíol feisirí na parlaiminte sin a dtír féin. Ba bhocht an praghas a ghearr cuid acu.

Tá deis ag Albanaigh inniu tús a chur le próisias fuascailte. Ní réiteoidh parlaimint fadhbanna na tíre ná geall air ach léireoidh vóta mór ar a son toil na hAlban chun féinrialtais. Tá súil ag riatlas Londan go sásóidh parlaimint theoranta na hAlbanaigh agus go maolófar an náisiúnachas. Go deimhin, tá go leor sa Pháirtí Lucht Oibre i Sasana atá chomh haineolach sin go bhfeiceann siad an pharlaimint Albanach i gcomhthéacs daonlathas áitiúil a ``bhronnadh'' ar na ``réigiúin'' amhail comhthionól in ``Wessex'' nó comhairle paróiste in Much-Binding-in-the-Marsh. Dúiseofar as a suan iad, tá súil agam.

Abhar spéise é an meon ciníoch atá léirithe i bhfoilseacháin Shasanacha le tamall anuas faoin refireann in Albain. Ní chreidtear gur féidir le hAlbanaigh a gcúrsaí féin a riaradh, go dtitfeadh an geilleagar óna chéile, go dteichfeadh lucht gnó thar teorainn go Sasna, go mbeadh an saol pobilí in Albain gafa le paróisteachas, dá mbeadh féinrailtas sa tír sin. Sin ó na daoine a chreid nach bbféadfadh Sínigh Hong Cong a riaradh agus a chreideann i gcónaí nach bhfuil cumas féinrialtais in Eireannaigh.

Mionchúram amach is amach é do pharlaimint Albanach 2p nó 3p a bhaint den cháin ioncaim nó a chur léi. Is í an príomh-mhír a bheas ar a clár gnó an caidreamh idir Albain agus Sasana. D'fhéadfaidís tosú leis an £31,000 milliún de theacht isteach ó Albain atá ina luí sa státchiste i Londain a lrog ar ais.

Bíodh vóta dearfach ann inniu agus bíodh cathréim ina céim i dtreo an neamhspleáchais.

Colm de Faoite


Ros Muc



Bhí stoirm bheag frithGhaeilge i lár an tsamhraidh sna nuachtáin a d'inis scéal an chailín a cuireadh abhaile ó Choláiste Gaeilge i Ros Muc, toisc gur labhair sí `abhairt iomlán' i mBéarla.

Bhris sí riail an choláiste a chosc aon `abairtí iomláine' i mBéarla. Pardon Me adúradh linn a dúirt sí, ach níor maitheadh agus b'é sin deireadh leis an scéal. Labhair mé le duine de na cúntóirí i ndiaidh don nuacht a bhriseadh agus d'fhiosraigh mé an scéal... ``An raibh siad ro-chrua ar an chailín bhocht?'' a d'fhiafraigh mé. ``Crua?'' ar síse. ``Nár cuireadh mé féin abhaile ón gColáiste céanna ceithre nó cúig bliain ó shin agus diabhal pioc dóchair a rinne sé domh-sa! D'fhoghlaim mé as, agus anois seo ar ais mé mar chuntóir!''. Fair enough. Ach d'imir na meáin chumarsáide drochchlú ar Ros Muc mar gheall ar ar tharla, in áit a tháispáin dúinn gur cheantar é a bhfuil brod as an teanga, a bhfuil brod as an saíocht ann, agus nach daoine ná pobal dúr iad in aon chor.

Agus is mór an tsaíocht agus an traidisiún atá acu, thiar i Ros Muc. Cuimhnimis ar an áit ar chleachtaigh an Piarsach a chuid Ghaeilge. Cuimhnimis ar chultúir ceantair a thug a' léitheid de Pádraig Ó Conaire nó Caitlín Maud dúinn agus tuigfidh muid go bhfuil taobh eile d'íomha Ros Muc. Is ceantar ar leith é agus pobal ar leith ag baint leis. Coicis ó shin bhí re-union Ros Muc ar siúl, imeacht Deireadh Seachtaine nuair a d'fhill na sluaite ó gach carn den domhan ar an duiche agus nuair a chéiliúraigh siad a ndúchas. I measc na n-imeachtaí a d'eagraigh an Coiste Céiliúrtha don Re-union, ná gur fhoilsigh siad leabhar spéisialta don ocáid Leabhar Ros Muc 1997, curtha in eagar ag Tomás Ó Conaire agus Úna Ní Chonchúir. B'é Tomás a chruinnigh ábhar an leabhair le chéile agus bhí sé ana-ghníomhach in eagrú an Re-union, ach fuair an fear bocht bás seachtain roimh an teacht le chéile de bharr taom croí, agus is mór an trua é sin nó ní fhaca sé toradh a shaothair sa re-union nó sa leabhar féin.

Ach is leabhar spéisiúil gan amhras a d'fhoilsigh an Coiste agus tá moladh tuillte ag Úna Ní Chonchúir as ucht a cuid eagarthóireachta. Tá réimse leathan de ghriangraif ann agus sheasfaidís féin, na pictiúirí seo, mar thaifead luachmhar ar shaol an cheantar thar na blianta. Tá altanna suimiúla sa leabhar, altanna ar chultúir agus ar stair na ndaoine agus ar oideachas agus scoileanna Chonamara. I measc na scríobhnóirí a chuir dúch ar phar don leabhar seo tá Proinsias Mac Aonghusa agus Mícheál Ó Conghaile, agus tá altanna ann chomh maith ó mhuintir na háite mar chuimhní cinn, eolas faoi thionscáil (mara) an cheantair agus pisreog.

Ach ní stopann an leabhar le breathnú siar. Léiríonn cupla aistí atá ann go bhfuil `todhchaí' an cheantair le fáil san aos óg: tá cuir síos ar Ros Muc d'aos óg an lae inniu' agus Club Óige Ros Muc ag deireadh an leabhair, focal scoir a chintíonn nach bhfuil deireadh ré tagtha ar an cheantar fós...

Agus tá dream eile, seachas lucht an Re-union ag cinntiú go mothóidh muid tionchair Ros Muc le tamaill le teacht agus `sin é lucht An Phléaráca. Bunaíodh an Pléaráca ag tús na nochaidí; grúpa ealaine pobail atá ann agus iad suite san Fhiontarlann i Ros Muc. Ó 1991 amach, tá Féile Pobail Gaeltachta - Féile an Phléaráca Chonamara, eagraithe le cult´úir na ndaoine a fhorbairt, mar a deir siad féin Ó Charna go Bearna. I mbliana ritheann an Fhéile ó 18 go dtí an 21 Méan Fómhair. Bíonn imeachtaí ann do gach aos ghrúpa idir fir agus mná, ar mhuir agus ar thalamh. `Sí aidhm na féile ná ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas agus ar éagsúlacht an chultúir bheo sa Ghaeltacht chomh maith le deis a thabhairt don phoba spraoi agus taitneamh a bhaint as an himeachtaí. Agus ar ndóigh tarlaíonn an fhéile seo díreach nuair a tá na féilte eile ag críochnú, rud a chintíonn nach bhfuil léithscéal inghlactha agat gan dul ann.

I mbliana beidh comórtais cheoil, damhsa, imeachtaí farraige, sport agus eile ar siúl, agus in einneacht na n-ainmneacha rialta (Máimín Cajun Band, Joe Steve Ó Neachtain) beidh Karaoke Trí Ghaeilge; beidh Gwerinos - grúpa ceoil ón mBreatain Bheag; agus beidh Zak Powers, seó hipneoisí as Gaeilge! I measca na n-imeachtaí eile beidh trathnóna Filíochta le Louis de Paor, Dara ó Conaola agus Maire Holmes.

Déanann Pléaráca Chonamara a sheacht ndícheall féile iontach a chur le chéile agus cuirtear fáilte roimh cuairteoirí (eolas faoi lóistín ar 091-572582). Má léigh tú faoi Ros Muc le linn an samhradh sa phreas buí, seo deis duit anois dul ann, an t-atmaisféar a mhothú agus teacht trí sin ar do thuairimí féin faoi.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland