New side advert

1 September 2015 Edition

Resize: A A A Print

Éigeandáil Otharchairr faoin dTuath

Tuilleadh infheistíochta molta ag Sinn Féin

Measann muintir na h-áite gur bhásaigh daoine i gcúpla cás mar nach raibh an t-otharcharr tagtha chomh fada leo sách sciopaí

TÁ FRUSTRACHAS ar phobail tuaithe ar fud na hÉireann maidir leis na seirbhísí otharchairr a bhíonn ar fáil in am práinne agus an easpa áird atá dhá fhail ón Rialtas ina leith seo.

Ní eisceacht ar bith fararor iad pobal an Lionán i dTuaisceart Chonamara, atá tar éis a bheith ag feachtasaíocht le roinnt blianta anuas maidir leis an am a bhíonn daoine ag fanacht ar otharcharr ag teacht chuig cásanna práinne, nó timpistí éigeandála sa gceantar. Tá sé deacair a chruthú, ach measann muintir na h-áite gur bhásaigh daoine i gcúpla cás mar nach raibh an t-otharcharr tagtha chomh fada leo sách sciopaí. Ach, mothaionn pobail ar fud na tíre go mbionn moill rófhada ar sheirbhísí éigeandála tré chéile, go h-áirithe pobail atá scoite amach ó láithreacha a bhfuil dlús daonra ard iontu.

Is gá a aithint áfach, go bhfuil na foirne a bhíonn ag obair sna seirbhísí thar barr ar fad i mbun na gcúram, ach gurb é a laghad acu an locht is mó atá ar an gcóras. Tá siadsan ag deileáil le líon nios airde glaonna agus na cásanna sin ag fáil níos deacra agus níos casta le h-imeacht aimsire.

I 2013, níor éirigh leis na seirbhisí otharchairr na spriocanna glaoch amach atá acu a shroichint i gcás as chuile thrí cinn. Laghdaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na spriocanna i 2012 agus arís i 2013, ach fós tá ag teip orthu iad a bhaint amach. Sna figiúir is déanai atá ar fáil theip ar gach réigiúin, seachas Tuaisceart Laighean, a gcuid spriocanna a bhaint amach do na cásanna  is tromchúisí.

Leagann HIQA síos spriocanna glaoch amach inar chóir go mbeadh otharcharr ag láthair ina bhfuil baol báis ann lastigh d’ocht nóiméad.  Anuraidh, níor sroicheadh seo ach i 26% de chásanna ar fud na tíre. Sna ceantair tuaithe áfach, bhí an figiúr sin thios ag 6.6%. Is léir mar sin, go bhfuil fadhbanna ollmhóra sa chóras ar fad.

Tá cleachtas ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr gach othar a thabhairt chuig seomraí éigeandála sna príomh ospidéil. Tá Sinn Féin ag moladh córas nua a thriail amach ‘Féach agus Cóirigh’, mar a dhéantar i dtíortha eile. Sé sin go dtugtar cóir leighis d’othair in ionaid eile nó ar an láthair agus laghdaíonn seo tranglam na h-ionaid éigeandála agus an méid taisteal a bhionn le déanamh ag an otharcharr. Meastar go bhféadfaí déileáil le suas le 50% de chásanna ar an mbealach seo.

Freisin, ba mhaith linn deireadh a fheiceáil leis an gcleachtas go mbíonn oibrithe ag fanacht ‘ar aire’ sa mbaile nó go bhfaighfidh siad glaoch  eigeandála.

Ach, bun agus barr an scéil ná go bhfuil gá le breis fóirne agus feithiclí. I gcomparáid le hAlban agus an tuaisceart tá muid ar an ngannchuid. Sna sé chontae, le daonra de 1.7m duine, tá 1200 d’fhoireann agus 300 feithicil acu ag 57 ionad, le buiséad de €78m. Ó dheas, le daonra de 4.6m duine níl ach 1,600 d’fhoireann ann, trasna 87 ionad, le buiséad de €137m.

Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Rialtas dhá otharcharr breise a chuir ar fáil sna cheithre réigiúin feidhme atá ann. Cosnaíonn na feithiclí thart ar €35,00 sa bhliain. Íoctar tuairim €53,000 sa bhliain le Paraimhíochaineoir agus €66,000 le hArd-Pharamhíochaineoir. Bíonn gá le thart ar 11 oibrí do gach otharcharr.

Dá bhrí sin, bheadh Sinn Féin ag lorg ocht n-otharcharr  breise , le 88 oibrí breise, ar chostas de thuairim €6.6m sa bhliain,mar thús chun cinntiú go bhféadfaí clúdach níos fearr a thabhairt ó thaobh na réigiúin de.

Tá amhras orainn chomh maith go bhféadfaí príobháidiú a dhéanamh ar an tSeirbhís Otharchairr Aeir, mar nach bhfuil an tAire Varadkar sásta sin a chur as an áireamh agus ni bheadh aon ghlacadh againn leis sin.

Is gá tacaíocht a thabhairt do na pobail tuaithe freisin, maidir le scéimeanna ‘céad freagróra’, ach ní chóir go mbeadh siad dhá n-úsáid mar leithscéal gan seirbhís cuimsitheach, gairmiúil otharchairr a bheith ar fáil a bheadh in ann a bheith ag láthair éigeandála in am sách sciopaí, le beatha daoine a shábháil.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group