Top Issue 1-2024

3 August 2015 Edition

Resize: A A A Print

Tá teipthe ar fheachtas Uisce Éireann

• An tAire Comhshaoil Alan Kelly

LE TAMALL fada anois tá an rialtas ag aiarraidh dallamullóg a chur orainn go bhfuil ag éirí le hUisce Eireann, to bhfuil daoine ag glacadh leis an argóint go gcaithfí na táillí uisce a íoc.

Ach leiríonn na figiúirí is deireannai ó Uisce Éireann go bhfuil ag teip go tubaisteach ar an gcomhlacht.  Níl ach 46% i ndiaidh a gcuid billí a íoc faoi láthair, agus os cíonn ceathrú dena tithe nach bhfuil ag cómhoibriú le clárú fiú.

Anois tá an Tríúracht ag cur a ladar isteach sa scéal. Ina dtuarascáil faoi téarmaí “tarrthála” na hÉireann amhdaíonn an Tríúracht go bhfuil namhadas an phobail don déine dírithe isteach ar na táillí uisce, is go bhfuil daoine ag diúltú iad a íoc toisc go bhfuil siad bréan den déine.

Ach níl sé de ionraiceas ag Rialtas na hÉireann a leithéid de amhdú a dhéanamh.

Mhaígh an tAire Comhshaoil, Alan Kelly, leas-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, go raibh sé “sásta” le líon na n-íocóirí faoi láthair – bréag má dúradh bréag riamh.

Agus bhí urlabhraí Uisce Éireann ar an bport céanna.

pg13-1

Sé bun agus barr an scéil, ná nach bhfuil an pobal ag glacadh leis an ualach breise seo, go dtuigeann daoine nach bhfuil ann ach cáin bhreise ar an canachai go léir ata gearrtha ag gnáth-oibrí an fhaid is a shiúlann lucht an tsaibhris saor don chuid is mó.

Agus chuir Mary Lou McDonald a méar ar an bpointe nuair a d’iarr sí sa Dáil ar an rialtas glacadh leis go bhfuil teipthe ar an gcáin seo is gur chóir é a chur ar ceal.

Go deimhin, ní raibh móran polasaithe ag an bpairtí nua a fógraíodh i rith na míosa, na Daonlathaigh Shóisialacha, ach bhí polasaí amháin go soiléir acu: dá mbeadh aon bhaint acu le rialtas sa gcéad Dáil seo chugainn chuirfidh siad deire leis na táillí uisce seo.

Maidir leis an rialtas, nuair a insíonn siad bréaga chomh glan soiléir sin nach cruthúnas eile é nach bhfuil siad oiriúnach do bheith i rialtas ar bith.

Cuimhneóimis air sin lá na bhótála!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland