Top Issue 1-2024

3 August 2015 Edition

Resize: A A A Print

Slán le Séamus Mhicil Tom

Dá mba aisteoir ‘Bearla’ é bheadh i bhfad níos mó cainte faoi

D’airigh sé go raibh sé ag cleachtadh don pháirt ar feadh a shaoil agus é i mbun teach ósta

BAINEADH stangadh asam le déanaí nuair a chuala mé go raibh Diarmuid Mac an Adhastair básaithe. Bheadh aithne ag formhór Gaeilgeoirí na tíre ar Dhiarmuid as a pháirt mar Shéamuis Mhicil Tom sa sobaldhrama ar TG4 – Ros na Rún.

An rud a bhuail mé ná, dá mba aisteoir i saol an Bhéarla a bhí ann bheadh scéal i bhfad níos mó déanta faoi agus cáil domhanda bainte amach aige b’fhéidir – ach ós rud é gur aisteoir i ‘mionteanga’ é, ní amhlaidh atá.

Ní raibh fhios agam go raibh sé tinn. Ach, thuig mé láithreach nuair a chuala mé gur cailleadh é go raibh deireadh ré tagtha. Chaith mé féin thart ar 12 bliain ag obair leis ar an dráma teilifíse úd, a bhfuil an scór bliain bainte amach i mbliana acu agus bhí ‘Séamús’ i lár an aonaigh ar feadh an ama sin.

D’oibrigh mé le Fair City chomh maith agus le h-aisteoirí a raibh cáil mhór bainte amach acu sna meáin Bhéarla. Ach, bhí aisteoirí na Gaeilge ar a laghad chomh maith, muna raibh siad níos fearr, i mbun na ceirde. Buntáiste breise na Gaeilge dar liom – saibhreas teanga, cultúr agus pearsantacht nach bhfaigheann tú le h-aisteoirí aon-teanga. Sampla iontach dó sin ab ea Diarmuid.

Cé nach raibh Diarmuid ach bliain déag agus trí scór nuair a cailleadh é, cheapfá go raibh sé an aois sin le blianta fada roimhe sin! Bhí cuma an tseanleaid air le fada, agus sin ceann de na cúiseanna a raibh an oiread gean ag lucht féachana TG4 air. Ba é saol, seanórach, traidisiúnta Chonamara curtha i láthair i gcorp duine é. Bhí a mhacasamhail de sheanduine i chuile bhaile fearainn i gConamara tráth, ach fararor ní ann do morán díbh a thuilleadh.

Aon duine a raibh aithne acu ar an bhfear, bhí fhios acu go raibh i bhfad níos mo ag baint leis an bhfear ná a chuid aisteoireachta sa bpáirt úd. Tabhairneoir, ceardaí, cumadóir agus cara dlúth.

Chas mise le Diarmuid don chéad uair agus mé i mo mhacléinn óg agus muid beirt páirteach i ndráma sa Taibhdearc i nGaillimh. Ina dhiaidh sin bhí sé de phribhléid agam oibriú leis go minic agus mé i mo léiritheoir agus stiúrthóir amharclainne agus teilifíse.

Níor airigh mé droch fhocal ariamh ag aon duine do Dhiarmuid. Cé go mba mhinic leis ag aisteoireacht mar sheanduine, cantalach a raibh dúil san ól agus san achrann aige – ní amhlaidh a bhí an fear féin. Duine chomh gairmiuil ní chasfaí ort in aon áit. I gconaí in am. I gcónai dírithe ar an jab le déanamh. I gcónaí cabhrach do chuile dhuine thimpeall air. Mar a deirtear – ‘corp an duine uasail’.

Ní shin le rá nach raibh féith na diabhlaiochta go láidir ann agus ba mhinic leis ag baint as an dream a bhí thimpeall air. Agus áit ar bith a mbíodh Diarmuid, bhíodh neart gáire le cloisteáil ina chomhluadar.

Chuirfeadh a chasadh féin ar aon scriopt a thugtaí dó. Bhí sé thar a bheith greannmhar agus ba mhinic an lucht feachana lagtha ag gáire faoi, ach bhí sé thar barr freisin ag déileáil le radharcanna troma agus brónacha. Agus bhreathnódh sé nádurtha agus éasca i gcónai dó. Comhartha scoth an cheardaí.

Deir sé liom uair amháin go raibh sé ag baint an oiread taitneamh as páirt Shéamus i Ros na Rún agus gur airigh sé go raibh sé ag cleachtadh don pháirt ar feadh a shaoil agus é i mbun teach ósta i mBéal a’Daingean. É ag éisteacht leis na seanleaids uilig cois cuntar, bhí sé ag déanamh nótaí ina chloigeann do na geáitsí, na nathanna cainte agus eile agus d’úsáid sé cuid mhaith díobh le linn a chuid aisteoireachta. Ní fhéadfá an cineál sin a fhoghlaim i scoil aisteoireachta san Ardchathair, agus b’fhéidir gurb shin an difríocht?

Níl aon amhras orm dá mba i mBéarla a chuaigh Diarmuid i mbun a cheirde go bhféadfadh oiread cáil a bheith bainte amach aige le leithéidí Cyril Cusack, John Hurt agus David Kelly. Ach, chloí sé lena theanga dúchais agus ba saibhre muidne mar phobal dá bharr.

Scaipfear a chuid luaithre ag searmánas clainne as seo go ceann cupla seachtain agus níl aon dabht go mbeidh cumha an-mhór ar a chlann, a chairde agus a chuid leantóirí uilig ina dhiaidh.  B’fhéidir gur chóir dúinn an ócáid a úsáid mar deis chun machnamh a dhéanamh ar aitheantas níos mó a thabhairt dá chomhleacaithe atá ag treabhadh leo, ag aisteoireacht i nGaeilge.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland