Top Issue 1-2024

1 July 2015 Edition

Resize: A A A Print

Lá na Cinniúna ag Teacht don Ghréig

TÁ LÁ NA cinniúna ag tapú linn don Ghréig. Tá rialtas de chuid SYRIZA ag seasamh an fhóid ar son mhuintir na Gréige ag diúltú géilleadh don déine, is bagairtí na Tríúrachta ag éirí níos scaollaí de réir mar a théann na laethanta thart.

Is cosúil go mbeidh a fhios againn sula mbeidh an deis agaibh an scéal seo a léamh, ach is don Tríúracht anois glacadh leis nach féidir dúmhál a imirt ar an nGréig nó beidh orthu an tír a bhrú amach ón airgeadra euro.

Cosnóidh an dara rogha sin €160billiún don Ghearmain is don Fhrainc, is ce go mbíonn an da thír sin ag labhairt go dána i gcónaí, beidh costas ollmhór orthu mura n-athraíonn siad cúrsa agus mura ndéanann siad margadh cóir leis an nGréig.

Ón gcéad lá ámh bhí laigeachth ag baint le straitéis SYRIZA, sé sin gur chuir siad an-iomad béime ar fhanacht leis an euro. Cionnte, b’shin rogha mhoramh an phobail, agus anois tá gach seans ann go bhfuil éirithe leis an rialtas tacaíocht an phobail a fháil le himeacht ón euro.

Da ndearfaidis an chéad lá go mbma mhian leo fanacht leis an airgeadra ach dá mba ghá go n-imeóidis as, seans go dtuigfeadh an Tríúracht ní ba thúisce nach n-eireódh leis an dúmhál.

Ar ndóigh, déanfaidh lucht na frithbheartaíochta in Éirinn, agus an tIrish Times agus Stephen Collins ar cheann na feadhna, iarracht imeahcht na Gréige ón Euro a leiriú mar theip.  

pg21-2

• Stephen Collins

Ach ní teip í, mar má fhanann an Ghréig go stuama ag diultú don deine, beidh bliain nó dhó de dheacrachtaí acu, ach beidh siad in ann filleadh ar mhargaí idirnáisiúnta airgeadais nuair is léir gur iad iasachtaí oifigiúla na Tríúracht amháin atá le loiceadh.

Fiú sa ngearrthréimhse beidh an Ghréig in ann airgead a fháil ar iasacht ón Rúís agus ón tSín.

Tá contúirt ag baint leis sin ar ndóigh, agus se sin go bhféadfadh sé na forsaí faisisteacht sa nGréig a spreagadh le lamh laidir a úsáid in aghaidh an rialtais, go háirithe má théann an Ghréig ar aghaidh le cómhoibriu leis an Rúis maidir le fuinneamh is an píoblíne gáis.

Támuid beagnach ag an deire ach seasaimis i gcónaí leis an nGréig sa gcaibidil dheireannach seo den scéal!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland