Top Issue 1-2024

1 July 2015 Edition

Resize: A A A Print

mNa déan dearam ar do shluasaid

Cothrom na Féinne uaidh na Saoistí Sóisialta Tuaithe

Measann na saoisti ar na Scéimeanna Sóisialta Tuaithe nach bhfuil siad ag fáil aitheantas dá réir as an obair a dhéanann siad agus tá siad in adharca leis na h-údaráis dhá bharr

TÁ AN Scéim Sóisialta Tuaithe ag feidhmiú sna ceantair tuaithe ó bhí 2004 ann. Tá 2,600 duine páirteach sna scéimeanna ar fud na tíre. Oibríonn siad faoi scáth 130 saoiste agus go minic oibríonn siad i gcomhair leis na scéimeanna fostaíochta pobail & scéimeanna ‘TÚS’ áitiúla ar oibreacha chomh maith. Ach, tá aighneas idir iad féin agus an Roinn Coimirce Sóisialaí mar gheall ar théamaí, coinníollacha oibre agus todhchaí na scéimeanna féin.

Ba é Éamon Ó Cuív a chum agus a cheap an Scéim Soisialta Tuaithe i 2004. Is léír nach ndearna sé aon ‘future-proofing’ air. An aidhm atá leis ná chun “ioncaim a sholáthar d’fheirmeoirí agus d’iascairí a bhíonn ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh go fadtéarmach agus chun seirbhísí áirithe a rachaidh chun sochair na bpobal tuaithe a chur ar fáil”. Is foríonadh tacaíochta ioncaim atá sa Scéim Sóisialta Tuaithe agus íoctar €20 sa bhreis ar an ráta íocaíochtaí leasa shoisialai le rannpháirtithe.

Tá an scéim aistrithe ón Roinn Gnóthaí Pobail & Tuaithe mar a bhí, chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ag an rialtas seo agus is minic iad ag obair leis na scéimeanna eile sa bpobal ar oibreacha ar nós cothabháil hallaí pobail, caohmnú reiligeacha, glanadh bóithre agus eile.

Measann na saoisti ar na Scéimeanna Sóisialta Tuaithe nach bhfuil siad ag fáil aitheantas dá réir as an obair a dhéanann siad agus tá siad in adharca leis na h-údaráis dhá bharr.

Deir an Dr Chris McInerney ó Ollscoil Luimnigh, a bhfuil staidéar faoi leith déanta aige ar na scéimeanna seo “gur uirlís riachtanach forbartha tuaithe” atá sa scéim a “dhearbahíonn don duine luach a gcuid saothar sa bpobal ina mhaireann siad”. Deir sé freisin, go dtugann na scéimeanna luach an-mhaith airgid don rialtas. As gach €1 a chaitheann siad faigheann siad luach €2.43 mar thoradh air, gan trácht ar na buntáistí pobail eile a eascraíonn as – ar nós teagmháil sóisialta, ardú ar chaipitil sóisialta go h-áitiúil, rochtain níos fearr ar oiliúint, comhairle agus eolais.

Ní bhfuair na saoistí ar na scéimeanna, deir siad, aon ardú pá le deich mbliana ó thosaigh na scéimeanna, níl aon chóras ardaithe pá ann dóibh. Bíonn siad ag streachailt de bharr ganntann áiseanna, ábhar agus maoiniú do na scéimeanna, in ainneoin go bhfuil na dualgais atá orthu ag meadú an t-am ar fad.

Tá siad míshásta nach bhfuil ionadaíocht mar is ceart acu sna comhraití atá ar bun ag an ‘Irish Leader Development Network’ atá i mbun comhráití leis an Roinn Coimirce Sóisialaí maidir le todhchaí na scéimeanna. Tá siad amhrasach má thugtar an iomarca cead a gcinn do na comhlachtaí forbartha pobail atá ag feidhmiú na scéimeanna ar son na roinne, go mbeidh siad gann ar acmhainní agus áiseanna dá bharr.

Tá doiléireacht ann maidir le feidhm “filleadh ar fhostaíocht” na scéimeanna. Ar lámh amhain tá an roinn ag iarraidh orthu daoine a chuir de na scáimeanna agus iad a fháil ar ais ag obair, ach ar an lámh eile níl siad sásta aitheantas cuí a thabhairt do na saoisti leis an obair sin a dhéanamh – I gcomhréir le saoistí ar na scéimeanna fostaíochta pobail mar shampla.

Tá ceisteanna eile acu a bhaineann le cearta pinsin, iomarcaíochta agus eile chomh maith. Tá na saoistí ag ardú na ceisteanna seo leis an roinn cuí ó 2005 ar aghaidh. Ó 2009 tá SIPTU ag troid a gcás ar a son freisin, ach fós féin, níl siad tada níos soiléire faoi cá seasann siad, nó cén chaoi an bhfuil an rialtas chun cothrom na féinne a thabhairt dóibh.

Is cinnte nár leag Éamon Ó Cuív bonn ceart faoin scéim seo ó thús, in ainneoin go bhfuil obair an-fhiúntach dhá dhéanamh ar scéimeanna éagsúla. Ach, cinnte níl an rialtas seo tada níos fearr ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an éagcothromaíocht atá sa chóras.

Tá Sinn Féin ag iarraidh ar an Aire Coimirce Sóisialaí seo a dhéanamh anois agus ról lárnach a thabhairt d’ionadaithe na saoistí sa phroiséas a bhaineann leis.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland