Top Issue 1-2024

1 June 2015 Edition

Resize: A A A Print

Tuarascáil Cháinteach Eisithe ag an gCoimisinéar Teanga – Ach Céard a dhéanfaidh lucht na Gaeilge faoi?

• Leo Varadkar

IS BEAG plé a rinneadh faoi Tuarascáil an Choimisinéar Teanga a foilsíodh an mhí seo caite. Sea, chlúdaigh na meáin Ghaeilge an scéal ach ní fhaca mé oiread is focal amháin faoi sna meáin Bhéarla. 

Ar ndóigh bhí an Coimisinéar Rónán Ó Dómhnaill an-cháinteach faoin easpa reachtaíocht atá curtha taobh thiar de obair an Choimisiúin – agus an ceart ar fad aige.  Sea, bliain i ndiaidh bliana tuairiscítear na gearáin chéanna, agus bliain i ndiaidh bliana feicimid úadaráis áitiúla is comhlachtai stáit eile ag iarraidh a gcuid dualgaisí i leith na teangan a sheachaint.

Ach léiríonn an easpa plé faoin tuarascail sna meáin Bhéarla nach bhfuil Bunaíocht an stáit ag tabhairt aon aird ar an teanga nó ar na polasaithe atá riachtanach le dul chun cinn a dheanamh.

Cinnte tá an scéal níos measa i bhfad ó thuaidh den Teorainn, mar tá na páirtithe Aontachtóirí ag cur go nimhneach in aghaidh aon aitheantas a thabhairt don teanga, fiú ma tá Aontachtóirí ann – agus tá – a labhrann an teanga is a chuireann duil inaq spreagadh.

Ach mar adúirt Mairtín Ó Cadhain, “ag deire thiar is marfaí neamhshuim ná namhadas ar bith”

Ní bhacann Bunaíocht an Stait ó dheas le cur i gcoinne na Gaeilge.  Just ní dhéanann siad tada faoi.

Fagtar gaelscolaíocht ag deire na scuaine nuair a bhíonn acmhainní dhá ndáileadh amach, foirginti is áiseanna eile.  Ní dhéantar aon iarracht an Ghaeilge a dhéanamh sofheicthe go poiblí, agus tá plean Leo Varadkar le comharthai bhóthair dátheangacha a chruthú curtha i bhfolach.

Tá daoine díograiseacha, ó thaobh na Gaeilge dhe, i ngach aon pháirtí Dála.  Ach ní fiú tada iad a bheith ann mura mbeadh siad sásta seasamh go deimhnitheach ar son na teanga agus cearta a chinntiú dá lucht labhartha.

Támuid anois ag ullmhú le haghaidh olltoghcháin sa bhFómhar nó go luath san aithbhliain.  Agus tá an tsean-cheist le cur arís: an bhfanfaidh lucht na Gaeilge inár dtost, nó an mbaileódh muid ár neart agus brú polaitiúil a chur ar na páirtithe ar fad fírinne a dheanamh dá bhfocla breátha faoin nGaeilge tré eilithe aontaithe eagraithe a dhéanmh leis na páirtithe go léir?

Is féidir leis an gCoimisinéar labhairt amach; ach is féidir linne rud éicínt a dhéanamh faoi.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland