Top Issue 1-2024

4 May 2015 Edition

Resize: A A A Print

Scannal na gcomharthaí bhóthair

• Leo Varadkar

ÁBHAR GÁIRE dúinn a labhraíonn Gaeilge go rialta go raibh an oireadh sin íonaidh ar Vincent Browne nuair a chraol sé clár as Gaillimh mar chuid dá shraith díospóireachtaí pobail.

Ba léir go raibh an t-iriséóir clúiteach ag iarraidh duine éicínt ar shráideanna na Gaillimhe a labhródh go nimhneach in aghaidh na Gaeilge, ach deoraí dá leithéid ní raibh ann.

Agus nuair a d’iarr sé ar an slua a bhí bailithe isteach le haghaidh na díospóireachta an n-ardódh duine ar bith a lámh in aghaidh na Gaeilge, arís ní raibh ann.

‘Nois tá’s agam go bhfuil an-chuid naimhde don Gaeilge sa tír – an chuid is mó díobh is cosúil insna ceantracha meánaicmeacha is méithe i mBaile Átha Cliath, agus insan stáitsheirbhís; ach ceapaim go raibh fírinne áirithe san eachtra seo: tá móramh mhuintir na hÉireann báúil don Ghaeilge.

Ach ina ainneóin sin is beag aitheantais a fhaigheann lucht labhartha na Gaeilge ón stát.

Bíonn an Roinn Oideachais chómh naimhdeach sin gur baistíodh Roinn an Éadóchais air, agus tá cás na gcomharthaí poiblí ina scannal amach is amach ó thaobh na Gaeilge dhe.

Sea, nuair a bhí Leo Varadkar ina Aire Iompair bhí sé ar tí comharhaí nua a thabhairt isteach a chuirfeadh an Ghaeilge ar chómhchéim leis an mBéarla.

Ach aistríodh Leo go dtí an Roinn Slainte is d’fhógair a chomharba sa Roinn Iompair, Pascal Donohoe nach rachfaí ar aghaidh leis an bplean gan athmhachtnamh.  Níor cualathas tada faoi ó shoin.

Agus an leithscéal suarach dó seo?  Is cosuil go gcuirfeadfh se isteach ar thurasóirí an Ghaeilge a bheith ar chómhcheim.  Ait mar sin fhéin nach gcuireann sé isteach ar thurasoirí sa mBeilg go mbíonn comharthai i gceantar na Bruiséile dá-theangach – leagan Fraincise is leagan Ísiltírise ar chómhchéim.

Ar ndóigh, níl ann ach bíogóideacht fhrithGhaelach.  Ach, agus muid ag dul i dtreó toghcháin, céard a dhéanfaidh lucht labhartha na Gaeilge faoi seo?  An bhfanfaimid ciúin béasach, nó an bhféachfaimid chuige go mbeidh an Ghailge ina ábhar toghcháin?

Dúinne, lucht labhartha na Gaeilge an cinneadh sin a dhéanamh!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland