Top Issue 1-2024

1 April 2015 Edition

Resize: A A A Print

Níl saoi gan locht fiú Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Ní mhór do OÉG aghaidh a thabhairt ar cheisteanna cothromaíochta in athuair

An bhfuil sé sách maith nach mbeadh Uachtarán na hOllscoile sásta bualadh le h-ionadaithe tofa ar cheisteanna dáiríre atá arduithe ag baill den phobal leo?

TÁ AN DEARCADH coitianta ann gur eagraíochtaí iad na hollscoileananna atá lán de shaineolaithe ó thaobh chuile chineál ábhar acadúil de, daoine a thuigeann cearta agus cothrom na féinne agus meas acu dá réir ar na cearta sin – ach, léiríonn an méid atá ag tarlú in Ollscoil Éireann, Gaillimh (OÉG) le tamall anuas a mhalairt d’íomhá don ollscoil áirithe sin.

D’fhreastal mé féin ar OÉG agus ardmheas agam ar fhormhór na ndaoine atá ag obair inti i chuile réimse d’obair na h-eagraiochta. Ach, tá rudaí thrína chéile ann faoi láthair. 

Tharraing cás cothromaíochta Micheline Sheehy Skeffington, a léirigh go raibh leatrom dhá dhéanamh ar an mbean mhisniúil seo ó thaobh cúrsaí arduithe céime di, aird forleathan. Bhí Údarás na hOllscoile ar a míle dícheall ag iarraidh tabhairt le fios gur cás eisceachtúil atá ann agus nár léirigh sé deacrachtaí níos forleithne. Tá cásanna eile tagtha chun cinn anois áfach, a thugann léargas bhreise ar na deacrachtai cultúrtha a mheasann cuid mhaith atá san eagraíocht ó thaobh roghnú daoine le arduithe céime, rólanna sinsearacha, deiseanna taighde agus eile.

Ar cheann de na nithe is mó a tharraing cainte bhi ceistneoir sláinte a bhí dhá chur ar fáil do dhaoine a raibh tairiscintí poist dhá fháil acu. Téann an cheistneoir isteach i gceisteanna an-phearsanta ar nós, cé chomh trom is a bhíonn fuil mhíosúil na mban, deacrachtaí a bhíonn acu lena gcíochshláinte agus mar sin de.

Chas Matt Carthy, an Comhairleoir Anna Marley agus mé féin le baill den cheardchumann SIPTU faoi na deacrachtaí atá acu le cleachtais bainistíochta na hOllscoile. Rinne muid roinnt mhaith iarrachtai bualadh le hUachtarán & Údarás na hOllscoile agus cuireadh ó dhoras muid. Dúradh linn go raibh siad chun Tascfhorsa a bhunú le scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna seo.

Ní mheasann SIPTU, ná ceardchumann na dteagascóirí ollscoile (IFUT), ná go deimhin Aontas na Macléinn in Éirinn go bhfuil an saineolas ceart, an neamhspleáchas, ná muinín na n-oibrithe thré chéile ag an tasfhórsa seo.

Chuir mé ceist ar an Aire Oideachais faoi seo freisin, ag fiafrú an raibh sí sásta leis an gcur chuige atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir leis na ceisteanna cothromaíochta seo, in ainneoinn nach bhfuil ionadaí ar bith ag na ceardchumainn ná ag na h-oibrithe air agus deir sí go bhfuil.  Tá sin fíor aisteach ó Aire a bhfuil dlúthbhaint ag a páirtí le gluaiseacht na gceardchumainn, más fíor. Go deimhin tá sí tar éis an-olc a chuir ar na gnáth bhaill ceardchumainn in OÉG leis an meid a deir sí.

Tá na h-oibrithe ag lorg fiosrúchán, trédhearcach, neamhspleách ar na ceisteanna atá siad ag ardú agus sílim nach bhfuil sin as bealach. Cén muinín a d’fhéadfadh a bheith acu ar institiúd stát eile a bheith ag déanamh imscrúdú orthu féin ar cheisteanna chomh tromchúiseach leis seo?

De réir Acht na hOllscoile 1997, tá sé de chumhacht ag an Aire fiosrúchán neamhspleách, gan réamhfhógra a ghairm ar chás tromchúiseach. D’fhiafraigh mé di breathnú ar an rogha seo.

Sílim, chomh maith, gur cheart do Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine & Comhionannas a mbarúil a thabhairt ar an gceistneoir réamhfhostaíochta atá úsáidte.

Tá sé thar am ag baill Údarás na hOllscoile chomh maith labhairt amach faoin méid atá ag tarlú agus míniú cén chaoi gur féidir leo cosaint a dhéanamh ar iompar na bainistíochta sa scéal seo ar fad. An bhfuil sé sách maith nach mbeadh Uachtarán na hOllscoile sásta bualadh le ionadaithe tofa ar cheisteanna dáiríre atá arduithe ag baill den phobal leo?

Is cosúil go bhfuil deacrachtaí níos leithne ag an ollscoil ó thaobh cearta fostaíocht di chomh maith agus aighneas tionsclaíoch i gColáiste Naomh Aingeal i Sligeach mar gheall ar mhíshásamh leis na coinníollacha nua oibre atá OÉG ag tairiscint dóibh.

Agus, ní in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh amháin atá na deacrachtaí follasach. Thug Príomhfheidhmeannach an tÚdarás um Ardoideachais le fios dom i gComhchoiste Oireachtais gur ceist í an comhionannas fostaíochta an bhfuil siad féin ag déanamh dianscrúdú uirthi, mar go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil sé forleathan in institiúid éagsúla ag an triiú leibhéal in Éireann.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland