Top Issue 1-2024

2 February 2015 Edition

Resize: A A A Print

An bhfuil leithcheal inscne forleathan sna coláistí?

Cás Sheehy Skeffington taréis ceisteanna cothromaíochta níos foleithne a ardú

Is cinnte nach ar na mná amháin a bhíonn tionchar ag iompar den chineal seo ach ar gach duine atá fostaithe in eagraíocht

BHÍ RIALÚ an-spéisiúil ag an mBinse Comhionannas le déanaí maidir le cás a thóg Micheline Sheehy Skeffington in aghaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur déanadh leithcheal inscne uirthi. Agus, tá misneach faighte anois ag riar-mhaith mná eile sa gcoláiste céanna ag rá go bhfuil leatrom den chineál céanna déanta orthu féin agus iad ag lorg cothrom na féinne anois freisin.

Chas mé féin agus ár gcomhleacaí, an Feisire Eorpach Matt Carthy, le h-ionadaithe ó Craobh Acadúil SIPTU san Ollscoil le déanaí leis an gceist seo a phlé agus mar thoradh ar sin tá muid anois ag lorg cruinniú ar bhonn phráinne le hUachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Jim Browne, leis an imní atá ann maidir le cearta cothromaíochta san ollscoil a phlé. 

Chuir na h-ionadaithe ceardchumainn ar chas muid leo ó Rannóg Acadúil SIPTU san Ollscoil cás cuimsitheach ós ár gcomhair, go bhfuil ceisteanna le freagairt ag údaráis na hollscoile i dtaca leis an rud ar a dtugann siadsan ‘deireadh a chuir le chuile ghné de leithcheal struchtúrtha san institiúid’ agus an gá atá ann le saineolaí neamhspleách a thabhairt isteach chun seo a scrúdú.

 Tá na rialaithe le déanaí ag an mBinse Cothromaíochta i gcásanna Sheehy Skeffinton agus cás eile atá tógtha ag Mary Demspsey agus a bhfuil achomharc déanta ag an ollscoil ina aghaidh,  tar éis fócas nua a chuir ar an gcomthéacs níos ginearálta san ollscoil. Baineann na ceisteanna atá dhá ardú ní amháin leis an bhfoireann acadúil ach le daoine i ranna eile, beag beann ar inscne agus stádas fostaíochta.

Baineann na buncheisteanna le líon na mban a fhaigheann ardú ceime chuig rólanna sinsearacha san ollscoil. Léirítear sa bhfianaise a tugadh don Bhinse Cothromaíochta go raibh claonadh fireann ar na boird agallaimh, nár leanadh proiséas cuí arduithe céime agus gur tugadh arduithe céime d’fhir nach raibh chomh cáilithe le mná a chuaigh i mbun an phroiséas céanna agallamh.

Braitheann na h-ionadaithe ceardchumainn ar chas muidne leo go bhfuil cleachtas na h-éagcothromaiochta forleathan agus nach mbaineann sé le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh amháin. Deir siad go bhfuil cultúr faitíos tagtha chun cinn agus go bhfuil drogall dá bharr ar dhaoine labhairt amach ar eagla go gcaithfeadh bainisteoirí, nó na h-údaráis ar an gcaoi chéanna leo féin.

Tá SIPTU ag iarraidh go gcuirfí moltaí an Bhinse Cothromaíochta i bhfeidhm ina iomláine, go dtabharfaí saineolaí neamhspleách seachtrach isteach le scrúdú a dhéanamh ar gach gné d’obair na hollscoile, go mbeadh deis ag fostaithe fianaise a chur ar fail don duine sin, go n-aontófaí le SIPTU an té atá le roghnú don obair agus go dtógfar céimeanna le dul i ngleic leis an bhfadhb ag leibhéal náisiúnta.

Tá sé íorónach go bhfuil cáil acadúil idirnáisiúnta ar an ollscoil seo maidir lena cuid oibre go h-idirnáisiúnta i réimse na gcearta daonna agus go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha dhá n-ardú anois maidir lena cleachtais inmheánach oibre féin i dtaca le cearta bunúsacha.

 Tá muid ag lorg cruinniú ar bhonn práinne le hUachtarán na hOllscoile, Jim Browne, le gur féidir linn an imní atá léirithe linn a chur in iúl agus cur ina luí air chomh tábhachtach is atá sé go dtógfaí moltaí praiticiúla agus stuama na gceardchumainn ar bord.

Tá tuairimaíocht ann go bhfuil cleachtais den chineál seo ar bun in institiúid triú leibhéal ar fud na tíre agus tá gach seans go dtiocfaidh casanna eile chun cinn anois ó mhná eile a bhraitheann go bhfuil éagóir déanta orthu sin. Is cinnte nach ar na mná amháin a bhíonn tionchar ag iompar den chineál seo ach ar gach duine atá fostaithe in eagraíocht. Má bhraitheann fostaithe go bhfuil leatrom dhá dhéanamh ar chomhleacaithe leo ar chúis amháín ná ar chúis eile  is beag iontaobh gur féidir leo a bheith acu as an mbainistíocht agus údaráis na h-institiúid chéanna.

Dar leis an mBinse Cothromaiochta ní leor ‘cosúlacht na cothromaíochta’ a bheith ar an bpróiséas earcaíochta ar pháipéar ach go raibh an leagan amach a bhí ann go maith faoi bhun an deá-chleachtas a mbeifí ag súil leis agus nach bhfuil sé sin ceart.

Is cinnte go gcloisfear i bhfad nios mó ar an ábhar seo sna míonna atá romhainn.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland