Top Issue 1-2024

28 August 1997 Edition

Resize: A A A Print

Dalta de chuid na Sasanach é Moi

Ní hí an Chéinia an áit is sábháilte ar domhan do dhaoine le hintinní dá gcuid féin. Is cuid fhollasach den saol laethúil sa tír sin í an sceimhlitheoireacht stáit. Tá an t-uachtarán - deachtóir go fírinneach - Daniel Torotich arap Moi ar dhuine de na daoine is míthaithneamhaí ar an bpláinéad seo (bíodh is go bhfuil iomaíocht ghéar ann don ghradam sin).

Nuair a bhí an Mau Mau/An tArm um Thalamh agus Saoirse i mbun gleice armtha ba dhuine de thacaí an réimis choilínigh é Moi. I 1954 d'ainmigh na Sasanaigh é ina chomhalta dá gcomhlacht reachtais in Nairobi. Naoi mbliana níos déanaí bhí sé ar dhuine de cheannairí KADU (Aontas Afracach Daonlathach na Céinia) a ghéill go drogallach do neamhspleáchas na tíre. Bhuaigh KANU (Aontas Afracach Náisiúnta na Céinia) faoi cheannas Jomo Kenyatta ar KADU in olltoghhchán 1963. Ach, faoi na 1970í bhí Moi ina Leas-Uachtarán agus ina Aire Gnóthaí Bhaile i rialtas Kenyatta.

Sa tréimhse sin d'éirigh stát na Céinia níos frithbheartaí agus de réir a chéile sáraíodh cearta daoine níos minice agus níos minice. Fuair Kenyatta bás i 1978 agus tháinig Moi i gcomharbacht air. Tá an tír crúite aige ó shin i leith. Thacaigh an tIarthar leis faoi mar a thacaigh siad le Mobutu, Bokasa, Banda, Idi Amin agus daoine deasa eile. Go dtí an lá inniu is mórthacaí iad le réimeas Moi an Banc Domhanda agus an Ciste airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Tá níos mó i gceist sa Céinia ná cumhacht phearsanta Moi. Tháinig aicme bheag d'Afracaigh saibhre i dtír ar neamhpleáchas (nó bréag-neamhspleáchas) na Céinia. Tugann sé sin chun cuimhne rud a dúirt duine de laochra an Mau Mau, J.M. (Mwangi) Kariuki: ``We do not want to create a Kenya of ten millionaires on the shoulders of ten million beggars.''

Chuir sé siúd ina luí ar cheannairí na gluaiseachta náisiúnta na blianta fada ó shin nach raibh siad ann ``to satisfy their amibiton nor so that they can strut about in fine clothes and huge cadillacs as ambassadors and cabinet ministers but to create a new Kenya.''

Scríobh Kariuki ardsaothar i litríocht an phríosúin, Mau Mau Detainee (OUP, Nairobi), faoi na blianta a chaith sé faoi ghlas ag Gallaibh. Thosaigh a phríosúntacht nuair a ghabh an Brainse Speisalta é in óstlann ar 28 Deireadh Fómhair 1953. Sna blianta ina dhiaidh sin d'fhulaing sé ciapadh agus cruatan ach glac sé misneach ó chreideamh agus díogrias a chomhchiní agus óna gcuid amhrán augs scéalaíochta traidisiúnta. D'fhéach sé le teangacha d´uchasacha uile na Céinia a fhoghlaim ó na príosúnaigh eile.

Bhí páirt nár bheag ag Klariuki sa Chéinia a bhain neamhspleáchas amach ar 12 Nollaig 1963. Toghadh é ina fheisire parlaiminte de chuid KANU agus ceapadh é ina cheannasaí ar an tSeirbhís Náisiútna Oige. Ba dhlúthchara é le Kenyatta ó i bhfad siar agus ghoill sé go pearsanta air scarúint leis de réir mar a d'imigh sé siúd siar ar bhóthar an nuachoilíneachais.

Ar 2 Márta 1975 gabhadh Mwangi Kariuki - is óstlann arís - agus tugadh chun siúl é. Fuarthas marbh é sna cnoic. Paraimhíleataigh stáit faoi cheannas Daniel arap Moi a mharaigh é.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland