2 December 2014
Cuireann an t-Aire Ní Chuilín fáilte roimh leabhar nua
SEOLADH leabhar de chuid Rab Kerr i gCultúrlann McAdam/Ó Fiaich i mBéal Feirste ar an 29ú lá de Mhí na Samhna, leabhar den scoth faoi na múrphictiúir ar fud na cathrach agus é curtha i gcló as Gaeilge.
Deirtear ar chlúdach an leabhair gur treoirleabhar é don taistealaí go Béal Feirste ar a chuid múrphictiúr le treoracha iomlána le tagairtí GPS agus eolas soiléir an bhealaigh.
Treoir riachtanach ar Bhéal Feirste, a stair, a charachtair agus a chuid áiteanna suimiúla.
Ar achan leathanach tá na mionphointí ann ag miniú don léitheoir cúlra na múrphictiúr.
Bá é Fergus Ó hÍr a bhí ina chathaoirleach agus é ráite aige gur leabhar an-tábhachtach an leabhar seo.
Ba í Aire an Roinn Cultúir sa tuaisceart, Carál Ní Chuilín, príomhchainteoir ar an lá agus é ráite aici go raibh an-áthas uirthi glacadh leis an chuireadh labhairt ag seoladh an leabhair.
Bhí Gearóid Trimble ó Fhoras na Gaeilge a thug deontas do Rab ann freisin.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures