Top Issue 1-2024

1 December 2014 Edition

Resize: A A A Print

Is Glas iad na Cnoic i bhfad Uainn

Tábhacht níos mó ná ariamh teagmháil fónta a bheith againn leis an diaspóra

Cúis iontach bróid dom gur ainmnigh an páirtí mé le déanaí mar urlabhraí Shinn Féin don Diaspóra

CEANN de na míreanna rialta ar an teilifís faoi Nollaig na na radharcanna ag an aerfort do na hÉireannaigh a thagann ar ais abhaile ar chuairt ag a muintir anseo. Agus arís san athbhliain agus imircigh ag filleadh ar thíortha coimhthíocha ar fud an domhan, mar gur ann atá siad ag cur futhú mar nach féidir leo maireachtáil sa mbaile.

Is amhlaidh a bheidh i mbliana. Ach, níl aon dabht faoi  ná go raibh cuid mhaith trácht aon treo amach as aerfoirt na hÉireann le roinnt blianta anuas agus go bhfuil cuid mhaith díbh nach mbeidh ar a gcumas teacht abhaile agus gur ar ‘skype’ a roinnfear beannachtaí na Nollaig seo lena gclann agus a gcáirde ar an seanfhód.

Meastar go bhfuil suas le seachtó milliún duine ar fud na cruinne gur de shliocht Éireannach iad. Tá a rian le feiceáil ar chuile bhaile beag agus mór timpeall an domhan beagnach.  Tá daoine a rugadh agus a tógadh anseo agus a sliocht sleachta siúd chomh maith. Tá an chaidreamh agus an gaol idir tír a muintire agus iad féin i gcéin ag fáil níos casta I gcónaí, ach níos tábhachtaí an t-am ar fad freisin.

Tá cáil le fada an lá ar Shinn Féin mar gheall ar an dlúthchaidreamh a bhíonn againn leis na gaeil i gcéin. Níl aon dabht ná go gcuireann muid níos mó béim ar an ngné seo d’ár teagmháil pholaitiúil leis an bpobal ná aon pháirtí eile sa tír.

D’imir ár gaolta Gaelacha páirt an-tábhachtach i bhforbairt an phroiséas síochána agus seoltar urlabhraithe dár gcuid chuig imeachtaí agus comórthaí ar fud an domhan an t-am ar fad leis an teagmháil phearsanta a chothú, aitheantas a thabhairt do na pobail Éireannacha thar lear agus chun iad a thabhairt suas go dáta faoi chúrsaí sa mbaile.

Cúis iontach bróid dom gur ainmnigh an páirtí mé le déanaí mar urlabhraí Shinn Féin don Diaspóra. Beidh mé ag tógáil na cúraimí seo ar lámh ó mo chomhleacaí Oireachtais, Seán Crowe, a bhfuil obair den scoth déanta aige sa réimse seo le cúpla bliain i gcomhpháírt lenár teagmhálaithe idirnáisiúnta.

Beidh mé ag obair as lámh a chéile lenár rannóg idirnáisiúnta, lenár mbaill agus comrádaithe sa Bhreatain, i Meiriceá Thuaidh san Eoraip agus ar fud na cruinne, le leas na n-imirceach a chur chun cinn. Jab dúshlánach atá ann, ach is dóigh go bhfuil léargas faoi leith agam féin ar an ábhar mar gur rugadh de shliocht Éireannach i Sasana mé  féín agus go dtagaim as ceantar sa tír atá banaithe ag an imirce agus feicim ar bhonn laethúil an briseadh croí agus an scrios atá déanta le tamall de bhlianta de bharr an imirce.

Ach, chomh maith leis sin, bhí baint agam le Gaeil thar lear go rialta i mo shaol oibre sular thug mé faoin tSeanad agus tuigim chomh maith agus atá cruthaithe ag daoine faoi leith, iad mar eiseamláir ina gcuid réimsí oibre féin agus iad ag cothú meas agus mórtas imeasc na nGaeil i ngar agus i gcéin.

pg5-2

Ar na nithe is mó atá an páirtí dírithe ó thaobh cearta an diaspóra de tá cearta vótála i dtoghchán na hUachtaránachta do shaoránaithe Éireannacha thar lear. Bheadh muid ag iarraidh cearta vótála sna h-olltoghcháin a leathnú chuig chuile dhuine fásta ós cionn ocht mbliana déag atá ag cónaí sa tír ar feadh cúig bhliana nó níos mó. Tá muid ar son ionadaíocht Dála a thabhairt dár bpobal imirceach tré dháilcheantar teoranta a bhunú, le cearta vótála bunaithe ar phas bailí agus clárú rialta. Ba mhaith linn athchóiriú a fheiceáil ar chomhdhéanamh an tSeanaid le h-ionadaíocht don diaspóra mar chuid thábhachtach de.  

D’fháiltigh muid roimh ceapadh Aire Stáit le cúraimí an Diaspóra air le déanaí mar bhí muid dhá mholadh sin le tamall. Ba mhaith linn freisin go mbunófaí Tascfhórsa Rialtais faoi leith chun díriú ar an imirce. Dar le Sinn Féin freisin ba chóir ionadaíocht buan a thabhairt don diaspóra ar Chomhairle an Stáit.

Gan amhras, dár ndóigh, is iad ár gcuid imircigh féin is fearr a inseoidh dúinn céard a theastaíonn uathu agus tá mé ag súil go mór an chaidreamh sin a fhorbairt níos mó agus a neartú sna míonna agus na blianta beaga atá romhainn. Agus, má tá comhairle ar bith agaibh dom ina leith sin, beidh míle fáílte agam roimhe!

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland