Top Issue 1-2024

2 November 2014 Edition

Resize: A A A Print

Brabach as fulaingt na dTeifeach

€850m d’airgead stáit faighte ag comhlachtaí príobháideacha gan iniúchadh cuí

• BRITISH CAYMAN ISLANDS/OILEÁN MHANAINN

Deirtear go bhfuil cuid de na comhlachtaí i ndiaidh níos mó ná €100m a fháil ón stát ar son a gcuid seirbhísí le blianta beaga anuas

TÁ SÉ CURTHA i leith comhalchtaí príobháideacha a ritheann ionaid do lucht iarrtha tearmann in Éirinn go bhfuil na céadta milliún euro dhá fháil acu ón stát agus nach bhfuil iniúchadh cuí dhá dhéanamh air.

Rinne Karen McHugh, ón eagraíocht Doras Luimní a chuireann seirbhísí tacaiochta ar fáil do theifigh, na líomhaintí seo ag cruinniú den Chomhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú Seirbhísí Poibli agus Achanaíocha an tseachtain seo.

De réir fianaise a thug sí ag an gcomhchoiste tá ós cionn €850m tugtha ar lamh do chonraitheoirí príobháideacha ón bhliain 2000 leis na hionaid Chóireáil Dhíreach (Direct Provision) a rith. Íocadh €62m leo i 2012 agus €55m i 2013. Tá 53 de na h-ionaid seo in Éirinn agus níl ach seacht gcinn acu faoi úinéireacht stáit. Is ar bhonn príobháideach, brabasach atá an chuid eile dhá reáchtáil. Maítear go bhfuil ar a laghad cúig chinn de na comhlachtai seo faoi úinéireacht i ndliteanais seachtracha ar nós British Cayman Islands agus Oileán Mhanainn.

Deirtear go bhfuil  cuid de na comhlachtaí i ndiaidh níos mó ná €100m a fháil ón stát ar son a gcuid seirbhísí le blianta beaga anuas.  Is dream a bhíodh ag obair mar fhorbróirí, lucht bainistíochta óstain, bainc agus eile atá i mbun na h-ionaid seo. Tá níos mó ná ionad amháin dhá rith ag roinnt acu. Níl de dhualgas orthu ach leaba, lóistín agus bia a chur ar fáil agus cloí le dlíthe a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht agus maitear go bhfuil caighdeán an íostais agus an chóiriú neamhrialta go leor trasna na h-ionaid.

D’ardaigh Doras Luimní ceisteanna tromchúiseacha ag an éisteacht maidir le iniuchadh airgeadais ar na comhlachtaí seo. Ní léir dóibh go bhfoilsitear cuntais phoiblí I ngach cás, toisc gur comhlachtaí neamhtheoranta cuid díbh. Níl sonraí do na conraí aonaracha le fáil go poiblí ach an oiread a dúradh. Dúradh chomh maith nach bhfuil dualgas ná na scileanna cuí ag baill foirne sna h-ionaid chun deileáil le dúshláín sláinte intinne agus pearsanta na dteifeach ach an oiread.

Níl aon mhonatóireacht neamhspleách dhá dhéanamh ar na h-ionaid ó thaobh cúrsaí sláinte agus coiríochta de, mar a bhíonn ar bun ag HIQA in ionaid eile agus níl aon chóras neámhspleách gearáin ar fáil ag na teifigh má bhíonn deacrachtaí acu leis an gcóras.

pg14-2

• Karen McHugh

Tá na h-éisteachtaí seo ar bun ag an gComhchoiste mar thoradh ar fhiainaise atá tugtha ag Ombudsman éagsúla dúinn maidir leis an imní atá orthu faoin easpa freagrachta agus monatóireachta neamhspleách ar na h-ionaid seo ar fud na tíre.

Chomh maith le Doras Luimní, tá fianaise tugtha ag eagrais eile a oibríonn le lucht iarrtha tearmainn ar nós Comhairle na dTeifeach in Éirinn, Spirasi agus Gluaiseacht na hÉireann i gcoinne Díbirt Inimirceach – chomh maith le scéalta na dteifeach féin.

Tá éileamh bhunúsach dhá dhéanamh ag na finnéíthe go gcuirfí deireadh leis an chóras ar fad agus áiírd faoi leith ar na coinníollacha mídhaonna sna h-ionaid éagsúla dhá maíomh acu.

Is páisti iad aon trian den 4.500 duine atá ag lorg tearmann in Éireann atá ag fanacht sna h-ionaid seo. Le cuig bhliain anuas tá ós cionn 1,500 cás maidir le h-aire leanaí, nó imní faoi dhaoine óga atá I mbaol  curtha in iúl do na seirbhísí sóisialta. Sin trí nó cheithre h-uaire níos mó ná an mheán náisiúnta.

Tá iliomad cás de theagmháil neamhoiriúnach idir daoine fásta agus daoine óga ar an taifead chomh maith. In ionaid áirithe tá páistí ag roinnt somraí folcadh le fir agus mná nach bhfuil gaol ná damh acu leo. Agus tá teaghlaigh le páistí agus déagoiri ag roinnt seomra amháin eatarthu i gcásanna áírithe.

Tá an córas institiúdeach ann féin ag cothú deacrachtaí breise do na daoine seo sa mhullach ar na dúshláin choitianta atá acu de bharr teitheadh óna gcuid tíortha dúchais.

Tá sé scannallach má tá na milliúin euro de bhrabach dhá dheanamh ag comhlachtaí, príobháideacha mar thoradh ar an gcóras seo agus muna  bhfuil trédhearcacht iomlán ann ó thaobh maoirsiú airgid ná eile ann.

Beidh an chomhchoiste ag déanamh éisteachtaí leis na h-eagrais stáit atá freagrach as an gcóras seo go luath agus muid ag súil soiléiriú a fháil ar na ceisteanna fíorthromchúiseach atá ardaithe go dtí seo.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland