Top Issue 1-2024

2 November 2014 Edition

Resize: A A A Print

Athbheocan na Gaeilge cuspóir Shinn Féin

• Trevor Ó Clochartaigh, Gerry Adams, Honor Ó Brolcháin agus James Connolly Heron

THUAR Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádhaimh TD, go bhfuil cuma ghruama ar thodhchaí na Gaeltachta agus é ag oscailt Slógadh Shinn Féin 2014. Agus é ag labhairt ag an Slógadh i gCultúrlann Uí Chanáin, i nDoire, thuar sé go ‘bhfaighfidh an Ghaeltacht bás mura ndéanann an rialtas gníomh láithreach.’ 

I dtaca le sin dúirt sé, “is mithid do Rialtas na hÉireann gníomhú gan moill nó is amhlaidh atá imeacht in éag in ndán do na ceantracha Gaeltachta.” Chuir leis an argóint nuair a mhaígh sé, ‘deir na saineolaithe go mbásfar na Gaeltachtaí taobh istigh de tríocha bhliain muna ndéanann an rialtas idirghabháil go luath. 

Ina theannta dúirt Mac Ádhaimh, “tá an rialtas ag déanamh an mhion obair agus ag déanamh neamart ar an Ghaeilge.”

Mhol sé Seán Ó Cuirreáin as an dian obair a rinne sé agus é mar oifigeach na Gaeilge agus gheall sé tacaíocht Shinn Féin ar Rónan Ó Domhnaill an coimisinéir nua-cheaptha. Mhol sé comh maith, Carál Ní Chuilín agus an feachtas ‘Líofa’ agus bhí moltach as John O’Dowd as an mhéid tacaíocht a bhronn sé ar an ghaeloideachas ina ról mar Aire Oideachais sna sé contae. 

Bhí Aire Cultúir, Carál Ní Chuilín i láthair ag an Slógadh comh maith agus dúirt sí go bhfuil an sprioc a bhí aici don scéim ‘Líofa’ ná go mbeadh 5000 duine líofa sa Ghaeilge fá 2015, ag sárú na tuartha ar fad agus meastar go mbeadh rath 

ollmhór i gceist leis an scéim. 

Rinne Róise Ní Thoirealaigh MLA, an chéad seisiún a stiúradh ina ról mar chathaoirleach. Bhí aochainteoirí ceannairí Éirí Amach na Cásca i láthair agus labhair ar scéalta a gclainne. Is iad na painéalaithe a bhí i láthair ná, James Connolly Heron, garmhac le James Connolly, Honor Ó Brolacháin, iarua le Josepth Plunkett agus Éamonn Mac Diarmada as Cathair Dhoire. 

pg9-2

• Carál Ní Chuilín, Gerry Adams, Martina Anderson, Trevor Ó Clochartaigh agus Raymond McCartney

Ba é, ‘My Grandparents and the struggle for Irish freedom’ an teideal a bhí ar léacht Mac Diarmada. D’inis Mac Diarmada  scéaltaí a shean-tuistí agus dhírigh sé ar an ról a bhí acu in Éirí Amach na Cásca agus i dtaca le sin rinne sé iarracht spiorad an tSlógaidh a léiriú nuair a thug sé cearn dá léacht trí mhéan na Gaeilge. Thug sé sracfhéachaint ar an stair a bhí bainte lena shean-tuistí agus na cúiseanna a b’éigin dóibh Doire a fhágáil le bunú an stáit ó thuaidh. 

Thug Honor Ó Brolcháin caint ar shaol Joseph Plunkett agus an ról pleanála stratéis mhíleata a bhí aige le linn chruthú an Éirí Amach. Bhí sí ábalta mion sonraí agus íomhánna éifeacha a úsáid le linn an léacht agus thug léargas cruinn beacht ar shaol Plunkett agus ná rudaí a bhí acu air a shaol mar shampla, an eitinn (TB) agus caidreamh s’aige le Grace Gifford.

Labhair James Connolly Heron ar an tábhacht atá le coimhéad agus comóradh. 

Cé go raibh sé dírithe ar shaol James Connolly bhí sé tábhachtach aige an feachtas ‘Moore Street’ a léiriú agus a chuir chun cinn. Ba é Moore an lonnadh deireanach a bhí ag an Rialtas Sealadach a bunaíodh le Forógra 1916. Chaith cúigear as an seachtar sínítheoir a n-oíche dheireanach de shaoirse ann. I dtaca le sin tá Connolly Heron bainte le na teaghlaigh de bhaill troda 1916 agus is guth é in aghaidh an droch beartaíocht atá idir lámha ag an rialtas maidir le comóraidthe céad bliain atá ag druidim linn. Tar éis cruinniú eagraithe ag 1916 Relatives Association ar an 12ú Deireadh Fómhar, dúirt rúnaí an ghrúpa Úna MacNulty dúirt sí, “tá díoma orainn faoin dóigh atá an rialtas ag caitheamh le cuimhne na fir agus mná a fuair bás ar son cruthú na tíre agus an deacracht atá ann iad fiú a chuimhniú”.

Sa tráthnóna sin bhí ionadaithe ó Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Glór na nGael, Gael Linn agus Coiste Infheistíocha Gaeilge ag plé a bpleananna leis an Gaeilge a chur chun cinn.

Bá é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a bhí ina chathaoirleach sa díospóireacht sin.

Ag labhairt i ndiadh an tslógaidh dúirt Míchéal Ó Domhnaill, a bhí ina eagraí den lá go raibh sé sásta leis.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland