Top Issue 1-2024

1 October 2014 Edition

Resize: A A A Print

Noonan sásta leis féin ach seachain an cur i gcéill

• Michael Noonan

BHÍ an tAire Airgeadais, Michael Noonan, an tsásta leis fein nuair a d’éirigh leis tacaíocht a fháil ó airí airgeadais limistéir an Euro dá phlean le cuid den iasacht tarrthála  ón IMF a íoc ar ais tré airgead a fháil ar iasacht ar na margaí ar rátaí níos fabharaí.

Ach ba spéisiuil gur luaidh sé, le cur i bhféidhm orainn gur plean dairíre a bhí ann, go bhfuil dáta curtha isteach i ndialann pharlaimint na Gearmáine le plé a dhéanmh faoin bplean.

Spéisiúil, toisc nach bhfuil aon dáta socraithe go bpléifeadh Dáil Éireann an scéal céanna.

Léiriú eile atá ann, ar ndóigh, go bhfuil rialtas is institiúidí na Gearmáine i gceannas orainne in Éirinn, díreach mar a bhí na Sasanaigh blianta ó shoin.

Seo toradh de muid a bheith páirteach san Aontas Eorpach agus, níos bunúsaigh, sa gcoras Euro.

Tá difir mhor cinnte idir ráiteasaí deasa ó lucht rialaithe na hEorpa agus gníomhú dá réir: is cuimhin linn an “gamechanger” a d’fhógair Enda Kenny is Éamon Gilmore cúpla bliain ó shoin ach a d’fhág an chluiche gan athrú ina dhiaidh.

pg21-2

Mario Draghi

Rud ar bith a laghdódh an t-ualach aisíoctha atá orainn, tá fáilte le cur roimhe.  Ach ná déantar dearmad nach cóir go mbeadh aon chuid den ualach seo orainn ar an gcéad dul síos, mar ní linn na fiacha seo de cheart.

Agus is cóir a thabhairt faoi ndear nach bhfuil Banc Cheannas na hEorpa chómh tógtha céanna le plean Noonan, agus Mario Draghi ag tabhairt foláireamh go bhfuil sé fós ag fanacht ar scéim na hÉireann le bannaí a chruthú (ar airgead eile ar iasacht) mar íocaíocht dona bondholders.

Céard tá i gceist mar sin i ndea-chaint Noonan?

Cur i gcéill, mo lean, mar is cuid den straitéis rialtais a rá linn go bhfuil deire ag teacht le déine (ach ní anois go díreach ach go luath) mar go bhfuil fás in ann anois don gheilleagar.

Idir an dá linn, tá táillí uisce ar an mbealach, tá na muirir tigh le n-íoc, tá tuilleadh giorraithe le bheith sna seirbhísí sláinte, leapacha breise dhá ndúnadh agus obráideachaí dhá gcur ar ceal.

Agus maidir le fostaíocht bhreise sa ngeilleagar, céard is fiú sin má tá na tuarastail íslithe chómh mór sin agus brabúis glanta le dul as smacht?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland