Top Issue 1-2024

1 October 2014 Edition

Resize: A A A Print

Gearchéim feirmeoireachta san Iarthar

‘Tá dhá thrian d’fheirmeacha na tíre nach bhfuil inmharthanach’

LÉIRÍONN taighde atá foilsithe ag Teagasc maidir le h-ioncam na dteaghlaigh feirme go bhfuil deighilt shuntasach idir fheirmeoirí san iarthar agus i gceantar na teorainn agus iad siúd sa chuid eile den tír ó thaobh teacht isteach di. Bhi an t-eolas dhá chur i láthair ag comhdháil dá gcuid maidir le forbairt tuaithe le déanaí.

Bhí sé suntasach go maith freisin go raibh bliain mhaith i 2013 ag feirmeoirí déiríochta ach go bhfuil cuid mhaith den chuid eile d’fheirmeoirí na tíre ag streachailt go mór.

Déanann an suirbhé bhliaintiúil seo rangú ar fheirmeacha ó thaobh iad siúd atá ‘viable’ (inmharthana), ‘sustainable’ (inbhuanaithe) agus ‘vulnerable’ (i mbaol). Tá feirm inmharthana, dar leo, má tá siad ag clúdach a gcuid costais agus ag íoc an meánphá tiosclaíoch le farasbarr 5% ar ioncam na feirme. Tá feirm ‘inmharthana’ má tá siad ag brath ar ioncam neamhfheirme chun an sprioc sin a bhaint amach agus tá siad ‘i mbaol’ muna mbaineann siad an sprioc sin amach ar chor ar bith.

Is léir ó na figiúir nach bhfuil ach aon trian de na feirmeacha inmharthana astu féin. Nó, lena rá ar bhealach eile, tá dhá thrian d’fheirmeacha na tíre nach bhfuil in ann maireachtáil as a stuaim féin - iad ag brath ar mhuintir na feirme a bheith ag saothrú ó fhoinsi eile, nó atá ag cailleadh airgead agus atá i dtrioblóid.

De réir na staitisticí, a bailíodh ó chuntais beagnach míle feirm ar fud na tíre, tá an mheán ioncam teaghlaigh feirme san Iarthar agus cois teorainn níos lú ná leath an ioncam atá acu san oirdheisceart agus i bfhad taobh thiar do na réigiún eile sa tír.

Níl ach thart ar 12% d’fheirmeacha an iarthar inmharthana agus 22% nó mar sin cois teorainn. Cur sin i gcomparáid le idir 40 & 50% sna réigiúin eile. Is léir dá bhrí sin go bhfuil géarghá le tacaíochtaí breise cois teorainn agus taobh thiar den Sionnann má tá muid chun teaghlaigh a choinneáil gníomhach ar fheirmeacha anseo.

Tá an pátrun seo le feiceáil chomh maith ó thaobh fostaíochta de in earnálacha eile agus ceangal nach beag aige le forbairt infreastruchtúr, seirbhísí agus eile sna réigiúin chomh maith.

Bhí an tAire nua stáit a bhfuil cúraimi tuaithe bronnta uirthi, Ann Phelan, ag an ócáid chéanna seo. Cé nach mbaineann cúraimi feirmeoireachta díreach léi, is léir go mbaineann forbairt na gceantair feirmeoireachta is mó atá i mbaol go mór léi. Trasnaíonn a cuid cúraimi riar-mhaith ranna stáit agus é ráite gurb é an t-aon chúis gur ceapadh Aire dá leithéad na chun dul chun cinn Sinn Féin ó thaobh polasaithe tuaithe a chloí. Caithfidh go bhfuil muid ag déanamh rud éigin i gceart!

Ach, beidh sí ag díriú ar chur i bhfeidhm mholtaí na tuairisce CEDRA maidir le cúrsaí tuaithe, a d’ullmhaigh Pat Spillane don rialtas. Níl aici ach beagan le cois bliain ar a mhéid le sin a dhéanamh. Deir sí go mbeidh sí ag iarraidh ar eagrais agus fhorais stáit spriocanna tuaithe a chur ina gcuid straitéisí agus pleananna agus is maith sin. Ach, rinne sí dearmad ar an gníomh is tábhachtaí a d’fhéadfadh sí a dhéanamh – sin cur ina luí ar a cuid comhleacaithe ag bord an rialtais profáil tuaithe a dhéanamh ar a gcuid buiséid féin! Muna mbeidh sin déanta is beag an mhaith a bheith caint leis na h-eagrais eile.

Tá ciorruithe damanta feicthe againn ó na ranna comhshaoil, oideachas, leasa shoisialaigh agus eile ar sheirbhísí agus bhuiséid do na ceantair tuaithe agus muna gcuirtear feabhas ar sin go luath beidh an daonra ag meath agus aos-óg na tuaithe a d’imigh ar an mbád bán ag fanacht i Sasana, san Astráil nó cibé áit a ndeachaigh siad agus tuilleadh dhá leanúint.

Ní bheidh sa bhfeirmeoireacht thiar agus cois teorainn ach finscéal a bheidh dhá n-aithris cois teallaigh do na turasóirí a bheidh ag triail le breathnú ar an áit a mbíodh pobail ghníomhacha ag cónaí tráth. Agus ní fada uainn sin ma leantar cur chuige an rialtais seo I bhfad eile tá faitíos orm.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland