Top Issue 1-2024

4 August 2014 Edition

Resize: A A A Print

Fearg ar lucht na Gaeilge faoi athchóiriú an rialtais

TÁ FEARG láidir ar lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tire go bhfuil an bheirt aire rialtais a bhfuil cúram na Gaeilge orthu gan i ndán an teanga a labhairt.

Mar thoradh ar athc hóiriú an rialtais ag an Taoiseach Enda Kenny, tá idir Heather Humphreys, a ceapadh mar aire sinsearach san Roinn Ealaíon, Oidhreachta is Gaeltacht, agus Joe McHugh, an t-aire stáit sa roinn chéanna, ag admháil nach féidir le ceachtar acu Gaeilge a labhairt.

Agus is masla ar mhasla é gur leór don Taoiseach go bhfuil Joe McHugh le freastal ar chúrsa Gaeilge i gcaitheamh an tsamhraidh!

Sí fírinne an scéil í ná nach mbeidh ceachtar acu i ndán agallamh beo a dhéanamh le Raidió na Gaeltachta nó le TG4 ar ábhar ar bith a bhaineann leis an ngaeilge nó leis an ngaeltacht i dteanga na Gaeltachta.

Mar adúirt Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin, íosgrádú na teangan atá i gceist.

Ar ndóigh ní hé seo an chéad uair da leithéid ag an rialtas seo.  Ní raibh Gaeilge líofa mar shampla ag an iar aire Jimmy Deenihan, ach ar a laghad bhí Gaeilge ag an Aire Stáit ansin, eadhon Dinny McGinley.

Ní hé nach bhfuil daoine eile, fiú i bpáirtí pairliminteach Fhine Gael, a bhfuil Gaeilge acu.  Tá Gaeilge réasúnta ag Fergus O’Dowd, a bhíodh ina aire stáit roimhe; tá freisin ag Joe O’Reilly as an gCabhán, dáilcheantar Heather Humphreys mar a tharlaíonn, agus Seán Kyne.

Agus tá daoine eile ann a bhfuil roinnt mhaith Gaeilge acu.

Ach ba chuma leis an Taoiseach, fear na Gaeilge e féin, go mbeadh Gaeilge ag na hairí seo, i gcomparaid le treithe eile nach eól dúinn iad.

Sea is ceart go mbeadh fearg mhor ar lucht na Gaeilge faoi seo, ach céard a dhéanfar faoi?

Ní leór gearán a dhéanamh nach n-éistfidh an rialtas nó an Taoiseach leis, faoi mar nár heistíodh nuair a d-eirigh an Coimisinear Teangan, Seán Ó Cuirreain as i ngeall ar fhailí an rialtais i leith na Gaeilge.

Sea, an fhaid is a bhíonn lucht na Gaeilge sásta a spéis sa teanga a chur ar leataoibh aimsir toghcháin is bhótaí a thabhairt do pháirtithe a dhéanann faillí den chineál seo, ní eistfear linn.

Agus ní bheidh na páirtithe nach bhfuil sa rialtas mórán níos fearr ach an oiread mura léiríonn lucht na Gaeilge nach bhfuil muid sásta glacadh go ciúin leis seo ó pháirtí ar bith.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland