Top Issue 1-2024

2 June 2014 Edition

Resize: A A A Print

Sinn Féin le dúshlán a thabhairt do phoilaitíocht bhréagach na hEorpa

• Tony Connolly

TÁ OSNA faoisimh ann go forleathan go bhfuil todhcháin na hEorpa thart, is go bhfuil deire leis an gcaint ráiméiseach a d’fhulaing muid futhu le roinnt seachtainí.

Ní hé nach raibh – is nach bhfuil – sé tábhachtach leas a bhaint as gach ardán le dúshlán a thabhairt do pholasaithe déine na hEorpa, agus dúshlán a thabhairt ach go háirithe do ghéilleadh na bpáirtithe móra in Éirinn do leasa bhancaeraí na hEorpa, ach níl aon tábhacht ag baint leis an blocanna móra i bParlaimint na hEorpa faoina mbíonn páirtithe na bunaíochta polaitiúil abhus ag caint.

Sea, déantar cómhoibriú le páirtithe ar fad na hEorpa atá ag troid in aghaidh na déine – mar atá Sinn Féin – ach ag deire thiar níl sa bparlaimint seo ach cur i gcéill: cur i gcéill gur fíor-pharlaimint í nuair a bhíonn an chumhacht ar fad ag an gCoimisiún neamhthofa is ag comhairle na n-airí.

Ba bhotún é ámh ról na parlaiminte a threisiú, mar ag deire thiar níl ach guth fíor-bheag againn sa bparlaimint i gcomparáid le ról aire rialtais ar féidir a chur faoi scrúdú sa mbaile.

Ag éisteacht le RTÉ, ámh, cheapfá gur ag roghnú rialtais don Eoraip a bhí muid.

Ní raibh ar ndóigh, ach ní iriseóir é Tony Connolly – comhfhreagraí RTÉ san Eoraip – ach bolscaire ar son an fhiontair Eorpaigh,  Ní dhéanann sé aon iarracht súil oibiachtúil a chaitheamh ar chúrsaí na hEorpa ach ina ionad cur leis an dallmullóg a chuirtear ar dhaoine faoin scéal.

Mar sin chuala muid ráiméis i ndiaidh ráiméise faoi polasaithe na mblocanna móra, nuair nach bhfuil aon difríocht idir na blocanna seo maidir le polasaithe.  Polaitíocht bhréagach is fhrithbheartach atá i “bpolaitíocht” seo na hEorpa.

Feiceann muid mar sin an chaoi go ndéannann RTÉ iarracht míniú bréagach a thabhairt ar dhul chun cinn Shinn Féin.  Ni feidir leó a aithint go bhfuil Sinn Féin ag cur dúshlán roimh an mbunaíocht, in Éirinn agus san Eoraip, is go bhfuil plé fírinneach ann anois faoi daonlathas agus cearta mhuintir na hÉireann. 

Plé nach bhfágann bunscéalta i lámha an chlé bhréagaigh nó na polaitíochta breagaigh.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland