Top Issue 1-2024

2 June 2014 Edition

Resize: A A A Print

Buaiteoirí agus caillteoirí – tábhacht na polaitíochta don phobal

Tá na toghcháin thart, anois a thosaíonn an obair i ndáiríre

• Matt Carthy canvasses on Inis Mór with Senator Trevor Ó Clochartaigh

Sílim gur chóir go mbeadh sé éigcinnteacht do gach duine, ag pointe éigin dá saol dul amach ag canbhasáil ina bpobail féin

BHÍ IDIR gáire agus caoineadh le cloisteáil ar fud na tíre, agus ar fud na hEorpa is dócha le déanaí agus na vótaí dhá gcomhaireamh ó na toghcháin áitiúla, fo-thoghcháin agus toghcháin na hEorpa. Cuma cén toradh a bhíonn ar na ballóidí éagsúla, aithníonn an chuid is mó den phobal an mhisneach a thógann sé d’aon duine iad féin a chur os comhair an phobail i dtoghchán ar bith.

Is iontach an tuiscint a fhaigheann tú nuair a chuireann tú d’ainm chun cinn go ndéanfaidh saoránaithe na tíre breithiúnas ort.

Tá mé cinnte go bhfuil sé tugtha faoi deara ag iomaitheoirí nua ó na páirtithe ar fad, an t-athrú dearcadh a bhíonn ag daoine ort mar gheall ar an seasamh polaitiúil, poiblí a thógann tú. Tá roinnt gnéithe suimiúil de seo dar liom. I dtosach báire, braitheann dearcadh do chomhleacaithe go mór ar an mbratach a bhíonn crochta agat agus an dílseacht páirtí a bhíonn i gceist leis sin.

Go tobann, is féidir le do cháirde, gaolta, comhleacaithe oibre agus eile breathnú ort  ar bhealach faoi leith má sheasann tú le páirtí, nó mar iarrthóir neamhspleách.

Is aisteach an beithioch í an pholaitíocht agus ceann de na rudaí atá foghlamtha agam nár chóir duit buille faoi thuairim a thabhairt faoi pholaitíocht daoine. Uaireanta bíonn súil go leanfaidh duine polaitíocht a muintire, nó ag brath ar an aicme, nó slí bheatha atá acu, go mbeidh luí acu le fealsúnacht pholaitiúil áirithe. Ach go minic, bíonn an réamhbhreithiúnas sin iomlán mícheart.

Uaireanta b’fhéidir go samhlófá go bhfuil duine tuaithe, atá ag dul amach sna blianta beagán coimeadach, ach d’fhéadfá a bheith iomlán mícheart. Ar an gcaoi chéanna d’fhéadfadh duine óg, uirbeach a bheith iontach coimeadach ina gcuid smaointeoireacht pholaitiúil.

Tá rud éicint iontach, áfach, faoi dul amach agus stocaireacht imeasc do phobal féin ag lorg vótaí le ionadaíocht a dhéanamh orthu. Ar bhealach, sílim gur chóir go mbeadh sé éigeantach do gach duine, ag pointe éigin dá saol, dul amach ag canbhasáil ina bpobail féin – cuma cén dílseacht páirtí atá acu.

Ba chóir go bhfeicfidís an chaoi a mhaireann a gcuid comharsana, saibhir agus daibhir, sean agus óg, sláintiúil agus easláintiúil. Is oideachas iontach é dul suas agus anuas bóithríní beaga i gceantair tuaithe ag bualadh le do chomhshaoránaithe. Nó, tríd h-eastáit tithíochta sna bailte beaga agus móra ar fud na tíre, a bhfuil meascán de theaghlaigh iontu atá ag streachailt, nó ag ag déanamh go maith, ag brath ar an staid inar fhág an Tíogar Cheilteach iad.

Dá mbeadh ar ógánaithe na tíre dul amach agus stocaireacht a dhéanamh fad is atá siad ar scoil mar shampla, b’fhéidir go gcuirfidís níos mó suim sa chóras polaitiúil. Is oideachas iontach a bheadh ann dóibh bualadh leis na daoine a chónaíonn thimpeall orthu agus atá uaigneach nó in ísle brí, nó na tuismitheoirí atá ag iarraidh cóipeáil le páistí míchumasacha, nó teaghlaigh óga nach bhfuil ábalta a gcuid billí a íoc ag deire na miosa.

Dár ndóigh ní daoine óga amhain a bhainfeadh tairbhe as an taithí seo, ach níl aon dabht orm le linn an toghchán is déanaí go raibh céatadán an-ard don aos-óg nach raibh cláraithe le haghaidh vótáil fiú, nach raibh suim ar bith acu sa mhéid a bhí ar bun agus nach bhfuil spéis dá laghad acu sa chóras polaitíochta.

Dushlán mór do Shinn Féin is ea polaitiú a dhéanamh ar dhaoine sna pobail as a dtagann muid, idir óg agus aosta. Caithfidh muid seo a dhéanamh tríd ionadaíocht chumasach a dhéanamh ar a son. Caithfidh muid a bheith sásta seasamh leo in am an ghátar, cruacheisteanna a chuir nuair is gá ceiliúradh a dhéanamh leo ag na h-amanna maithe.

Bíonn fás aon oíche ann i saol na polaitíochta, ach ní minic a mhaireann ionadaithe poiblí i saol na polaitíochta muna gcuireann siad an t-am, an dua agus an fhuinneamh isteach maidir leis an toghlach dár díobh iad.

Sin an dúshlán atá roimh chuile dhuine a toghadh  le déanaí. Tá mé cinnte go mbeidh chuile ionadaí tofa atá ag Sinn Féin ar a míle dícheall ag obair ar son fís an pháirtí agus ar son an phobal dár díobh iad agus tá mé ag súil go mór tacú leo agus comhoibriú leo san obair sin.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland