Top Issue 1-2024

29 April 2014 Edition

Resize: A A A Print

Tá Fírinne na hÍoslainn Ró-Shearbh do RTÉ

Bíonn an fhírinne searbh, mar deir an sean-fhocal, agus sampla maith de chruinneas an ráitis sin na scéal eacnamaíocht na hÍoslainne.  Agus is fírinne í a rinne RTÉ a ndícheall a cheilt ar Prime Time ar na mallaibh.

Maraon le hEirinn bhí géarchéim bancaerachta ag an íosláinne a bhagair go scriosfadh sé an eacnamaíocht ar fad.

I gcás na hÉireann ar ndóigh thugamar déine isteach ar mhaithe le bancaeraí eachtrannacha a íoc, is cuma an dochar a dhein a leithéid don ghnáth-phobal.  Támuid i gcónaí ag fulaingt dá bharr seo, is ce go mbíonn an rialtas ag geallúint arís is arís go bhfuil biseach ag teacht níl móran co0mharthaí dhe ar an talamh.

Rinne na húdaráis an rud céanna a dhéanamh san Íoslainn, ach bhí an pobal i dteideal reifreann a reachtáil ansin ar ábhair den chineál seo agus dhiúltaigh siad faoi dhó dó.  Fágadh na bancaeraí ag crochadh.

Le cúpla bliain anois ta an íoslainn as an ngéarchéim, an fhaid is go bhfuil muide fós sa sáinn.  Bhí an íoslainn in ndán dul ar ais go dtí na margaí airgeadais dhá bhliain sula ndeachaigh muide.  Tá ráta fáis os cionn trí faoin gcéad acu le cupla bliain anuas, agus tá dí-fhostaíocht síos ag ceathair faoin gcéad, agus muid i gcónaí timpeall a deich.

Ach dá gcreidfeá RTÉ agus David Murphy ní réiteach firinneach ar bith é an réiteach Íoslannach.  Bhí ar Íoslannaigh a gcuir saoire thar lear a chur ar ceal, dúirt sé; tá se ró-chostasach don ghnath-dhuine béile a fháil sna proinntithe is fearr agus tá na bainc eachtranna (i Sasana agus san Ísiltír).

Ar ndóigh tá na fadbanna céanna acu siúd in Éirinn nach bhfuil aon job acu, ach níor luaigh David Murphy é sin.

Deacracht eile don Íoslainn, dar le Murphy, ná go bhfuil na bainc eachtrannacha ar thóir a gcuid airgid i gcónaí.

Bhuel, dúirt an rialtas go n-íocfaí iad, ach I NDIAIDH fiacha an phobail a ghlanadh.  Agus céard is cearr leis sin?

Tá fadb ag an-chuid daoine san Íoslainn maidir lena gcuid morgáistí. Tá in Éirinn freisin ar ndóigh, ach tá rialtas na hÍoslainne ag úsaid airgead na tíre le cabhrú le daoine a bhfuil fadbanna mhorgaiste acu in ionad é a thabhairt dona bainc mar atá rialtas na hÉireann.  Agus an fhaid is go raibh rialtas na hÉireann ag gearradh siar ar thacaíocht leasa shóisialaigh, san Íoslainn meadaíodh ar an líon slándála sin.

Arís ní raibh aon tagairt dó seo i dtuairisc Phrime Time.

Tacaíonn eacnamaithe cáiliúla le polasaí na hÍoslainne, pointe eile nár luaigh David Murphy. Mar shampla dúirt Josephy Stiglitz, a bhuaigh Duais Nobel Eacnamaíochta, go raibh “an ceart ag an Íoslainn.  Ní bheadh sé ceart ualach na mbotún sa gcoras airgeadais a rinne roimhe a chur ar ghlúnta atá le teacht.”

Agus dúirt Paul Krugman go raibh se ciallmhar ag an Íoslainn na cainnteanais a chur ar na bainc a chuaigh ar mire in ionad iad a chur ar ghnáth-phobal.

Ar ndóigh sé an rud is tábhachtaí faoi seo ná gur éirigh leis an Íoslainn tíocht amach as an sáinn eacnamaíochta cupla bliain ó shoin, an fhaid is tá muide fós ag brath ar gheallúintí is féidireachtaí.

Ach níor thug tuairisc David Murphy mórán ama do rialtas na hÍoslainne an scéal a mhíniú. Ina ionad, rinne se caint i ndiaidh ciante le daoine a chreideann gur chóir don Íoslainn dul isteach san Aontas Eorpach agus a gcuid fiacha eachtrannacha a íoc (ar mhaithe leis na saoire thar lear, tá’s agat).

Níór luaigh Murphy gur theip go tubaisteach ar na páirtithe a mhol a leithéid sa toghchán le déanaí.

Ach ní iarracht a bhí sa gclár seo scéal na hÍoslainne a leiriú ach é a cheilt.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland