Top Issue 1-2024

2 March 2014 Edition

Resize: A A A Print

Cén fáth bheith faiteach faoi neamhspleáchas na hAlban?

TÁ AN díospóireacht faoi neamhspleáchas na hAlban ag dul idteo sa tír, agus tá tionchar ag an díospóireacht orainne freisin mar is léir nach dteastaíonn ó lucht rialaithe an stáitín seo go rachaidh na hAlbannaigh sa treó sin.

Ar ndóigh is cinneadh do mhuintir na hAlban é dul go neamhspleách nó fanacht  le Sasana, is don mhuintir sin amháin é.  Tá impleachtaí ann dúinne in Éirinn, thuaidh is theas, do mhuntir Shasana, thuaidh is theas, is don Bhreatain Bheag freisin.

Ach glacfaidh na hAlbannaigh an cinneadh a oireann dóibh agus caithfidh gach náisiún eile glacadh leis.

Mar sin fhéin is fiú an cheist a chur cén fáth go bhfuil meánaicme Bhaile Átha Cliath chómh buartha sin in aghaidh neamhspleáchas na hAlban. Cinnte beidh comortas níos géire againn le hAlbain ó thaobh infheistíochtaí ón gcoigrích, ach ceapaim gho bhfuil ár meánaicme buartha faoin sampla a thabharfadh se dúinn.

Mar theip orainn fíor-neamhspleáchas a chruthú, agus na rátaí móra eisimirce, bochtanais is dífhostaíocht mar fhianaise dó sin.  Theip ar neamhspleáchas bréagach an tSaorstáit, ag cloí go critheaglach le Sasana agus ina dhiaidh sin leis an Eoraip.

Ní theastaíonn go gcuirfeadh rud ar bith ag smaoineamh arís muid.

Ar ndóigh feiceann muid faoi lathair an-chuid bagairtí ar na hAlbannaigh: an rialtas Sasanach ag rá nach mbeidh cead acu an punt steirling a úsáid a thuilleadh, agus uachtarán Choimisiún na hEorpa, José Barroso, faoi spreagadh ns Spainne ag rá nach mbeidh cead isteach in Aontas na hEorpa acu.

Cinnte tá faitíos ar rialtas na Spáinne faoin gCatalóin mar is cosúil go bhfuil móramh sa tír sin neamhspleáchas a fháil ón Spáinn.

Agus maidir leis an bpunt - agus nílim ag rá gur ciallmhmar an cinneadh fanacht leis - ach d’fhan Saorstát Éireann leis an bpunt le os cionn caoga bliain.

Ach seo argóintí a chaithfeas muintir na hAlban féin a mheas.

Ceard faoin bpobal Éireannach ann?  Meastar go bhfuil 800,000 ar de shliocht Éireannach iad i measc na gcúig mhilliún sa tír.  D’fhulaing an pobal seo seicteachas agus ciníochas ar feadh na mblianta a fhágann an-aimhreasach cuid mhaith díobh faoi neamhspleáchas.

Ní theastaíonn uatha stát Óráisteach a fheiceáil in Albain.

Ach tá an páirtí náisiunta ag síneadh lámh amach dóibh agus is cosúil go bhfuil cuid mhaith den aos óg de shliocht Éireannach sásta glacadh le neamhspleáchas anois: cinnte ní mheallfadh an Brat Aontachta iad.Ach cibé toradh a bhéas ar an reifreann ní

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland