Top Issue 1-2024

2 March 2014 Edition

Resize: A A A Print

Pobal na Gaeilge ‘Dearg le Fearg’

Ós cionn seacht míle duine ar shráideanna Bhleá Cliath ar son na teanga

• Muintir Chonamara ag bailliú ag Oifigí Roinn na Gaeltachta roimh freastal ar an agóid i mBaile Átha Cliath

Measaim go bhfuil an rialtas seo ag úsáid an ghéarchéim eacnamaíoch reatha le lagú a dhéanamh ar stádas na gaeilge agus roinnt mhaith d’ardfheidhmeannaigh na státseirbhíse ag tacú go fonnmhar leo.

BHÍODAR ann ó chian agus ó chóngar lena míshastacht a léiriú leis an gcaoi a bhfuil an rialtas ag caitheamh le pobal na gaeilge. Bhí idir óg agus aosta ann, cainteoirí dúchais, daoine líofa, foghlaimeoirí agus lucht tacaíochta. Léiriú dearfach, spleodrach ar neart phobal na Gaeilge agus an tacaíocht láidir atá ann dár dteanga dhúchais.

Tá míshshuaimhneas leanúnach ann ón olltoghchán deiridh maidir le cur chuige an rialtas seo i leith na gaeilge. Ach, ina bhfocail féin tá an earnáil ‘Dearg le Fearg’ anois i gcomhthéacs a bhfuil ag tarlú. An rud a chur an sméar mullaigh ar an gcantal atá orthu ná gur bh’éigean don gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, eirí as ar bhunphrionsabal de bharr an easpa tacaíochta ón rialtas agus na ranna stáit maidir le cur i bfheidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá comharba ceaptha ag an rialtas ar Sheán Ó Cuirreáin, an t-iriseoir, Rónán Ó Domhnaill, ach muna bhfuil geallúintí faighte aigesan ón Aire go mbeidh athrú ar mheon an rialtais, is beag breise a bheidh sé in ann a bhaint amach sa ról, seachas an fear a chuaigh roimhe. Sin ráite, ní h-aon ribín réidh é Ó Domhnaill. Is duine oilte, cumasach, díograsach, macanta é a thabharfaidh faoin ról le fuinneamh agus le misneach tá mé cinnte agus guím chuile rath air.

Muna mbeadh slua ar na sráideanna do ‘Lá Mór na Gaeilge’ ba dheacair argóint a dhéanamh i gcoinne cur chuige fabhtach Dinny McGinley i leith na teanga. Ach, ba leiriú ar neart agus díogras phobal na gaeilge a raibh i láthair ann. Ní agóid leithscéalach, diúltach a bhí ann ach an oiread ach dearcadh beo beathaíoch, ceolmhar, fuinniúil ar aicme den phobal a thuigeann go bhfuil a gcearta bunúsacha dhá sharú orthu agus nach bhfuil dul ag cur suas leis a thuilleadh.

pg 5-2

Cairbre agus Trevor Ó Clochartaigh i gcuideachta Gerry Adams ag 'Lá Mór na Gaeilge' i mBaile Átha Cliath

‘Cearta Gaeilge, Cearta Teanga’ ceann de na roisc chatha a bhí dhá ghairm ag an slua le linn an mhórshiúil. Sin bun agus barr an scéil. Go mbeadh, mar shampla, i bhfocail Sheán Uí Chuirreáin ceart ‘gan cheist, gan choinníoll’ ag Gaeilgeoirí a gcuid gnóthaí a dhéanamh leis an státchóras i ngaeilge más mian leo sin. Ní féidir sin a dhéanamh go praiticiúil i láthair na h-uaire agus is ar gcúl atá cursaí ag dul seachas chun cinn.

Is beag rialtas nach mbaineann úsáid as géarchéim maith le droch pholasaithe dá gcuid a bhrú chun cinn. Measaim go bhfuil an rialtas seo ag úsáid an ghéarchéim eacnamaíoch reatha le lagú a dhéanamh ar stádas na gaeilge agus roinnt mhaith d’ardfheidhmeannaigh na státseirbhíse ag tacú go fonnmhar leo. Sílim go raibh drogall go dtí seo freisin ar ghaeilgeoirí seasamh mór poiblí a ghlacadh, mar go rabhadar ag feiceáil an slad a bhí dhá dhéanamh ar sheirbhísí leasa pobail, sláinte, oideachais is araile agus gur beag trua a bheadh ag an bpobal go ginearálta maidir le cearta teanga sa chomhthéacs sin.

Ach, tá cearta teanga iontach tábhachtach. Is cuid de spiorad agus anam na tire í an Ghaeilge agus an cultúr ar fad a ghabhann léi. An difríocht is suntasaí mar shampla idir muid féin agus an dream a chónaíonn sa Bhreatain ná ár bhféiniúlacht Gaelach, an teanga, ceol, traidisún agus gach a théann leis. Má bhaintear sin dúinn beifear dár mbrú i dtreo an ghalldachas dár mbuíochas.

Caithfidh Sinn Féin mar pháirtí ár gcuid féin a dhéanamh go polaitiúil leis an gcas a mhaolú. Caithfidh muid brú a choinneáil ar an rialtas ó dheas. Caithfidh muid géarú ar an bhfeachtas chomh maith maidir le hAcht Gaeilge do na sé chontae agus aird a dhíriú ar ról na rialtais i Westminster agus Baile Átha Cliath seasamh le geallúintí Comhaontú Aoine an Chéasta ina leith seo.

Mar pháirtí, go h-inmheánach, caithfidh muid leanúint d’fhorbairt na Gaeilge ag gach leibhéal. Ní leor an béal binn ina leith seo ach an oiread. Tá ceannródaíocht dhá thabhairt ag pearsaí éagsúla sa pháirtí, ach tá cuid mhaith bóthar fós le siúl againn chun go mbeidh ár dteanga dhúchais fite fuaite i ngach gné dár gcuid oibre agus ar gcuid baill ábalta a gcuid oibre a dhéanamh ‘gan cheist, gan choinníoll’ chomh maith.

pg-5-3

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag seastán de chuid Gaelacholáiste Chill Dara ag 'Lá Mór na Gaeilge'

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland