Top Issue 1-2024

2 February 2014 Edition

Resize: A A A Print

Ní leór dúinn geallúint bhréagach a thuilleadh

• Cluain Dolcáin na Gaeilge, ach ní féidir gaelscolaíocht a chinntiú

NÍL AON AIMHREAS ach sé fás na ngaelscoileanna ar fud na tíre an scéal is suntasaigh maidir le beatha na Gaeilge.  In ainneoin neamhshuim (ó dheas) is námhadas (ó thuaidh) na stát tá sé léirithe ag na mílte saoránaigh go dteastaíonn uatha an teanga a choinneáil beo is a thabhairt don ghlúin atá ag teacht.

Ach níl aon spéis ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i scéal na gaelscolaíochta; agus, do deimhin, bíonn a chomhleacaí Dála, Aodhán Ó Ríordáin – gaeilgeoir díograiseach é féin – go nimhneach i gcoinne na gaelscolaíochta.

Tá an cruthúnas ann, mar sin fhéin, go dtagann páistí amach as na gaelscoileanna le togha na Gaeilge acu; ach gur ar éigean a fhoghlaimíonn aon pháiste Gaeilge ar bith sna bunscoileanna Bhéarla.

Is leir freisin go bhfuil éileamh mór ar an ngaelscolaíocht.  I gCluain Dolcáin, i mBaile Átha Cliath, mar shampla, tá dhá ghaelscoil ann, ach fós cuirtear líon trí ranga ó dhoras toisc nach bhfuil spás nó múinteóirí ann dóibh.  Agus seo díreach na daoine a dhein iarratais oifigiúla ar ghaelscolaíochta, mar meastar go bhfuil a dhá oiread eile – sin líon cuig rang déag ar fad – ann a mbeadh spéis acu sa ngaelscolaíocht dá mbeadh fáil acu air.

Ach ní dhéanann an Roinn Oideachais iarracht ar bith freastal ar an éileamh seo i gcomparáid leis an tacaíocht gan limistear a thugtar don oideachas Educate Together.

Is aindiagach mise, agus ní maith liom go mbeadh guth ar bith ag an eaglais i gcúrsaí oideachais, ach tá ceist na Gaeilge níos bunúsaigh is níos tábhachtaí ná oideachas cómhchreidmheach nó neamhchreidmheach.

Ag deire thiar, mura n-aontaíonn tú le creideamh ná téigh ag seipéal nó eaglais nó mosc nó eile.

I gcás Chluain Dolcáin gheall an Roinn go dtógfaí scoil nua ar shuíomh atá ar fáil in aisce don Roinn sa gcaoi go mbeadh cheithre rang in aghaidh na bliana ann.

Ach sin geallúint eile nach bhfuil se ar intinn na Roinne a chómhlíonadh, is níl tasc nó tuairisc den scoil nua go fóill.

Ní scéal Chluain Dolcáin amháin é, ar ndóigh.  Tá an scéal céanna ann ar fud na tíre, ach tá Cluain Dolcáin roghnaithe ag an rialtas mar cheantar bádhúil don Ghaeilge (nó Gaeltacht cathrach mar a thugtar air go minic).

Ní fiú an roghnú seo ar ndóigh mura feidir le gluaiseacht na Gaeilge a chinntiú go ndéanfaí beart de réir bhriathar na Roinne is na bpolaiteóirí.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland