Top Issue 1-2024

31 July 1997 Edition

Resize: A A A Print

Conspóid an otharcharr i nGaillimh

LE EOGHAN MAC CORMAIC

Freagra an neamhfhreagra an freagra a thug Otharlann Choláiste na hOllscoile i nGailimh an tseachtain seo do ghearán a rinne an scríbhneoir John Arden faoi iompar dhochtúir na hotharlainne ceithre mhí ó shin i leith Arden nuair a bhuail taom croí é.

Tógadh Arden, ina othar, óna bhaile, i gCorrandulla go dtí an tOispidéal nuair a bhuail an taom croí é, agus mar a deir sé féin go raibh an cuma air gur `sheanbhaistiléir mí-chosanta, tuathach' a bhí ann agus é ina luí gan corr i gcúl an otharchairr.

``An cheart ná cuí `go gcuirfí ceist orm, nó ar aon othar bocht i gcás mar sin, an mbeadh spéis agam bheith páirteacht i dtriall de shaghas leigheas nua, faoi tionscnamh `taigdhe Eorpach''', a fiafraíonn Arden. De reir ráiteas uaidh an tseachtain seo, cuireadh ceist mar sin air, agus bhí sé ar tí bheith páirteach nuair a shíl sé gur fearrde fiafraí an mbeadh aon eifeacht imeallacha ag éirí as an leigheas seo. Bheadh, is dócha. Dúirt sé gur iarr sé ar an dochtúir teacht ar ais chuige nuari a bheadh sé sabhailte san Aonad Leigheas Chroíthe.

Faoi am gur fhill an dochtúir uair ina dhaidh sin bhí a chiall ag teacht chuige arís, agus leigh sé an chaipéis fhada casta a bhronnaigh an dochtúir air, ag `miniú' i dtéarmaí teicniúla go raibh dhá chomhlacht phríobháideach - Boehringer Ingetheim Teo, agus Genetech Teo - taobh thiar den tionscnamh, agus ní raibh, mar a cuireadh le fios ar dtús, an Comhphobal Eorpach, taobh thiar den fhiontar. Agus nuair a scrúdaigh sé an baol a bheadh an d'othair, fuair sé amach gur féidir go mbeadh sé ag cur fola go hinmheánach ina intinn.

Mar chosaint agus árachas ar `eifeachtaí imeallacha' bhí polasaí `gan locht' ag Boehringer Ingelheim Teo, agus ag Genetech ar aon eifeachtaí nach raibh minithe cheanna ach ar an bhileog eolais... B'ionann sin agus a rá, dar le Arden, nach mbeadh aon arachas ann in aghaidh na neifeachtaí a raibh a a fhios ag an dhá chomhlacht faoi cheanna féin. Agus níor chóir, dar leis, go mbeadh triallacha mar seo á ndéanamh i ngan fhios ar othar taom chroí agus iad ina luí tinn, imníoch, soghortaithe i gcúl otharcharr.

Ní bheadh a fhios ag an dochtúir féin cén leigheas ná cén mhéad den druga a mbeadh le tabhairt roimh reidh don othar, nó is triall `dall' atá ann agus is faoi stiúr ríomhaire a oibreadh an triall féin. Fiafraíonn Arden -agus is ceist tábhachtach é nuair a cruimhnimid ar na ceisteanna eile atá beo sa t´ri seo faoi láthair maidir le cúrsaí leighis. Hep. C, Fuil Truailithe agus mar sin de - fiafraíonn sé an cóir go mbeadh dochtúir ar bith in Eirinn ag moladh d'othair bheith páirteach i dtrailalcha ``nuair a nach bhfuil a fhios ag an dochtúir fiú cén leigheas atá á tabhairt acu ar galar marfach?'' Molann Arden anois gur chóir go mbeadh poiblíocht faoina cleachtaidh seo roimh reidh. ``Níl aon amhras ná go bhfuil gánn do triallacha, agus go bhfuil tábhacht leo. Ach an bhfuil sé cothrom go mbaintear preab as othair, iad ar a mbealach go dtí an otharlann, le ceisteanna ag iarraidh orthu bheith páirteach i dtriallacha mar seo?''

Agus, críochnaíonn Arden le ceist eile, ceist a bhfuil boladh na firínne leis, go mór mór nuair a cruimhnimid nach raibh Urlabharí na hOtharlainne sásta aon fhreagra a thabhairt ar líomhaintí ARden:

``Ar roghnaigh siad mé, toisc gur cheap siad nach ndánfainn aon deacracht as seo dóibh? Sean fhear, 66 bhlian d'aois, amuigh faoin tuath, ar mo aonar? Ar chreid an Otharlann gur sheanbhaitsiléir tuatach míchosanta a bhí ionam nach ndiúltódh aon leigheas - fiú leigheas triallach - a raibh an teideal oifigiúil `Taighde Eorpach' ag baint leis.''

Beidh go leor eile le clositeáil faoina leithéid seo má cheapann Arden, agus a bhean chéile, Margaretta D'Arct, gu `éagóir' atá ann, nó tá siad aitheanta le fada mar feachtasóirí den túschadhnaíocht ar go leor cúiseanna polaitiúla. Cé fios anois nach `cosaint na seandaoine' nó cosaint na n-othar a thogfaidh siad mar chuspóir fómhar an tsaoil.


Oidhreacht nár mhiste a thabhairt chun cuimhne



Agus an mhonailit aontachtaíoch ag titim óna chéile tá iarrachtaí fuinniúla ar bun teacht ar shainchultúr aontachtaíoch/Protastúnach. Léiríonn cuid de na hiarrachtaí is truamhéilí tanaíocht chultúir agus mhachnaimh ar nós Joel Patton agus a chairde ag bronnadh stádas saintréith phobail ar pharáideanna Oráisteacha. Ansin tá bréagstair agus fantasíocht Ian Adamson ann.

Ar an taobh eile de tá tóir mhacánta go lforleathan i measc phobal Protastúnach an Tuaiscirt ar fhéiniúlacht a thabharfaidh brí dá saol. Is ceart tuiscint don bhfiosrú sin mar is comhartha sóirt é ar thitim ó chéile na bréagfhéiniúlachta ``Briotanaí.'' Gné den tóir ar fhéiniúlacht is ea an spéis nua sa Scotais, urlabhra a bhíodh in uachtar i gceantair fhorleitheadacha ó Dhún na nGall go hAontroim agus ó Mhuineachán aduaidh. Ceist achrannach í an teanga ar leith í an Scotais nó canúint den Bhéarla. Tá cás láidir teangeolaíoch ar son ``theoiric na teanga,'' gur forás neamhspleách í ón sean-Bhéarla. Pé ar bith, ní bhaineann an t-aighneas sin le héirim an ailt áirithe seo.

Cumadh beagán de litríocht Scotaise in Eirinn. Ba í an chuid ba shuntasaí di ``filíocht na bhfíodóirí'' a chum gasra filí i gceantar dheisceart Aontroma - tuaisceata an Dúin ag deireadh na 18ú haoise agus tús na 19ú haoise. Ba Eireannaigh Aontaithe, a chaith tréimhse i bpríosún an bheirt ba mhó cáil orthu siúd, James Orr (1770-1816) agus James Campbell (1758-1818) agus nuair a d'fhoilsigh duine eile díobh, Samuel Thomson, Poems on Different Subjects Partly in the Scottish Dialects i 1793 bhí liosta d'Eireannaigh Aontaithe mór le rá mar shíntiúsóirí aige.

Scríobhadh James Orr (``the Poet of Ballycarry'') in The Northern Star (réamhtheachta An Phoblacht) agus sa bhliain 1797 foilsíodh ansin a dhán ``The Irishman'' (i nglan-Bhéarla an Rí). Ghlac sé páirt ghníomhach in Eirí Amach 1798 agus chum sé dán Scotaise le cur síos an-réalaíoch ann ar thiomsú arm na Poblachta in Aontroim. Tar éis Cath Aontroma i Meitheamh 1798 chuaigh sé ar a choimeád agus theich sé go Meiriceá mar a d'oibrigh sé mar iriseoir, an fear bocht. Scríboh sé ``Song of an Exile'' ar an turas farriage ansin.

D'fhill sé ar Bhaile Cora, Co Aontroma, thart faoi 1804. Sa bhliain sin foilsíodh cnuasach dá dhánta, Poems on Various Subjects, agus léiríonn an liosta síntiúsóirí an meas mór a bhí air ar fud dheisceart Aontroma. Chuaigh sé i mbun oibre arís mar fhíodóir agus mar fheirmeoir. Sna blianta deireanacha dá shaol foilsíodh saothar dá chuid sa Belfast Magazine, an Commer0cial Chronicle agus an News Letter. Ach de réir tuairisce bhíodh sé go minic is ísle brí, rud nach ábhar iontais é ag cur staid na tíre san áireamh.

Fuair James Orr bás ar 24 Aibreán 1816 agus tá sé curtha sa reilig i mBaile Cora. D'fhoilsigh a chairde cnuasach breise dá dhánta in 1817 agus in 1831 tógadh leacht ar a uaigh. Cuireadh ráillí thart timpeall uirthi tráth éigin san aois seo agus tá sí coinnithe go maith i gcónaí. Tá an teach inar chaith Orr deireadh a shoail tagtha slán freisin agus é píosa siar ó Bhaile Cora díreach os comhair theach an mhinisir Phreisbitéirigh beagnach.

Dar le John Hewitt (Rhyming Weavers of Antrim and Down) ba é Orr an file Scotaise ab fhearr a scríobh ar thalamh na hEireann.

Níor mhiste é dá gcuirfí an Scotais agus a litríocht ar churaclam na scoileanna sa Tuaisceart. Cérbh iad na príomhscríbhneoirí san urlabhra ach Robbie Burns agus Hugh MacDiarmid, náisiúnaithe agus poblachtaigh go smior. Chuirfidís siúd séideán sláintiúil gaoithe trí scoileanna.

Le Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland