12 January 2014 Edition
Cá bhfuil Gluaiseacht na Gaeilge agus an Teanga faoi Ionsaí?
IS SCANNAL DÁMANTA é go raibh ar an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, éirí as i bhfianaise fhaillí an rialtais i dtaobh na Gaeilge, sé sin an chaoi gur cuma leis an stát cearta lucht labhartha na Gaeilge fiú chómh fada is a bhaineann siad lena ndlithe féin nó le Bunreacht an stáit.
Fear díograiseach is ea an Cuirreánach, agus fair play dhó nach raibh sé sásta fanachht ina thost nuair a bhí an rialtas agus polaiteóirí Thigh Laighean ag déanamh neamhaird dá seasamh oifigiúil féin.
Ach ní leór an stát a cháineadh mar gheall ar an scéal seo, nó an Cuirreánach a mholadh. Ní leór eagrafhocal tacaíochta san Irish Times ach an oiread, cé go mba mhaith an rud é sin.
Sí an cheist ná céard a dhéanfaidh lucht labhartha na Gaeilge faoi?
Caoga bliain ó shoin chuir an réabhlóidí Mairtín Ó Cadhain an cheist chéanna rómhainn sa bpaimfléad Irish Above Politics. Thug sé faoi ndear an chaoi go raibh na páirtithe go léir ag an am sásta an cupla focal a rá, tacaíocht bhéil a thabhairt don teanga is leanacht ar aghaidh ag déanamh neamhaird de mheath na teangan.
Mhol an Cadhnach gur chóir do lucht labhartha na Gaeilge a spéis sa teanga a chur sa túsáit ó thaobh vótála dhe. Ábhar polaitiúil a dhéanamh den teanga sa gcaoi nach mbeadh na páirtithe in ann neamhaird a dhéanamh di.
Agus má bhreathnaíonn muid ar an Dail inniu, is é Sinn Féin an t-aon pháirtí a chuireanns leas na teanga chun cinn: is cuma le Aire Oideachais ó Pháirtí an Lucht Oibre an bhfuil gaelscolaíochta ar fáil, mar shampla; is cuma le Aire Gaeltachta ó Fhine Gael nach féidir le lucht labhartha na Gaeilge a gcearta a fháil ón stát; agus is cuma le Fianna Fáil go bhfuil a strfaitéis fiche Bliain féin ligthe i ndearmad.
Agus cá bhfuil gluaiseacht na Gaeilge sa scéal seo? An bhfuil gluaiseacht ann?
Gluaiseacht ar strae a thug an Cadhnach air, ach an fhaid is a bhíonn muide, lucht labhartha na Gaeilge, sásta tada a dhéanamh ach cáineadh go ciúin eadrainn féin ní thabharfar aon aird orainn.
Tá gá go dtiocfadh lucht na Gaeilge le chéile, ag tabhairt tacaíocht do pháirtithe is polaiteóirí a thugann tacaíocht duinn, ach ag cinntiú go mbeidh ár leas polaitiúil sa túsáit againn.
An féidir linn Irish a chur above politics