Top Issue 1-2024

1 December 2013 Edition

Resize: A A A Print

Céard is fiú Foras na Gaeilge mura bhfuil acmhianní aige le obair a dhéanamh?

BÍONN an rialtas ag maíomh i gcónaí go bhfuil siad taobh thiar den straitéis fiche bliain don Ghaeilge, ach ag an am céanna tá siad ag gearradh siar ar gach aon chaiteachas atá riachtanach don straitéis.

Bunchloch na stratéise is ea an coras gaelscolaíochta, ach tá Foras na Gaeilge i ndiaidh stop a chur leis an deóntas a bhíodh ar fáil ag eagraíocht na naíonraí — sa gcaoi go bhfuil fadbanna airgeadais anois ag gach naíonra sa tír.

Tá go maith maidir le oideachas saor ó smacht eaglasta — agus fáiltímse roimhe sin — ach is léir nach bhfuil aon spéis ag an Aire Oideachais Ruairí Quinn sa ngaeloideachas, ná ag an Roinn Oideachais ach an oiread.

Tá Foras na Gaeilge ag cur stop freisin le scéimeanna pobail a thugann acmhainní do eagraíochtaí le cúrsaí gaeilge a chur chun cinn go háitiúil ar fud na tíre. Leanfar leis an scéimeanna reatha go cionn bliana eile, ach ina dhiaidh sin ní fios an mbeidh aon scéim eile ann.

Eascraíonn dhá cheist as seo: ar dtúis, cén chaoi gur féidir an gníomh ar an talamh a réiteach le dea-chaint an rialtais maidir leis an straitéis Gaeilge; agus sa dara háit, céard is fiú Foras na Gaeilge mura bhfuil na hacmhainní aige aon obair a dhéanamh, agus gur gearradh siar an t-am ar fad an t-aon ghnó atá in ndán dó.

Ó thaobh na hiriséóireacht ar ndóigh, níl aon chomharba ar Ghaelscéal ocht mí i ndiaidh gur básaíodh an nuachtán sin. Sampla eile den easpa fiúntais a bhaineann le Foras na Gaeilge.

Tá gá le athbhreithniú fírinneach ar obair an Fhorais, is cheana fein ta eagraíocht pobail atá le bheith thíos de bharr na gcinnithe is deireannaí seo ag pleanáil freagra aontaithe le fearg an phobail a mhúscailt is a chur in iul go forsúil don rialtas.

Insan Ghaeltacht, ta an scéal mar an gcéanna. Níl aon fheabhas ar mhaoiniú Raidió na Gaeltachta, tá deacrachtaí ag dul i mead maidir le féidhmiú na gaelscolaíochta ann is ní fiu labhairt faoi scéimeanna teangan ag leibhéil áitiúla

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag iarraidh ar an Aire Dinny McGinley míniú a thabhairt ar fhaillí na Roinne san cásanna seo, ach tá gá go labhródh gach eagraíocht Gaeilge amach faoin scéal sula mbeidh sé ró-dhéanach.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland