Top Issue 1-2024

24 July 1997 Edition

Resize: A A A Print

Bile a thit - bás Phádraig Uí Conchúir

Tá ceann de laochra móra na nGael agus na Gaeilge i Londain ar lár. Tá Pádraig O Conchúir ar shlí na fírinne anois tar éis ráig thinis a bhuail go dona é le gairid.

Níl insint déil ná pinn ar mhéid an chailliúnt atá anois ann do Liamín, baintreach Phádraig, do chairde an fhir mhór uasail seo, agus do Ghaeil uilig Londain.

Rugadh Pádraig i Chelsea, Londain í 1928. Ba as shlicoht Uí Conchúir Mhóir Roscomáin é - le sinsireacht clainne atá díreach inaimsithe ó ard-rí deireannach na hEireann, Art O Conchúir. Bhain sé céim amach ag Ollscoil na Gaillimhe, le gradam. Bhí baint ag Pádraig leis an Ghaeilge agus le Chonradh na Gaeilge i Londain óna óige. Bhí ballraíocht aige i sean craobh Ruairí Mhic Easmainn den Chonradh agus bhí sé i measc na ndaoine a bhunaigh Craobh Nollaig Uí Chonaill atá ag gníomhú go bríomhar anseo, ó 1991 i leith.

Duine uasal, éirimiúl ag ea Pádraig. Bhí dúil sa léann agus i réimse leathan léithóireachta riamh aige. Rinne sé an t-uafás oibre ar son na teanga i Londain thar na blianta - mar mhúintéoir ar ranganna Gaeilge le ILEA tráth, mar bhall gníomach de Chumann an Scríbhinn Gaeilge, agus mar oifigeach craoibhe an Chonartha. Scríobh sé colúin Gaeilge go riatla `sna meáin Eireannacha i Londain thar na blianta - ina ainm féin, agus fosta faoin ainm - cleite `Cormac MacAirt.'

I gcomhar le Seamas O Confhaola ó Rinn O gCuanach, chuir sé `Cuideachta', an ghrúpa ceoil, craice agus airneáin ar bun san `Irish Club' i gCearnóg Eaton, agus lena shean-chara Fheirstigh, Seoirse O Broin, bhí sé le fáil gach oíche Luain gan teip, i gcomhluadar Gaeilgeoirí ó gach cearn den ard-chathair san Fhabhcún i Kilburn, ag cíoradh chúrsaí na seachtaine inár dteanga dhúchais féin. Comhbhunaiteóir de Chumann Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir ab ea Pádraig, agus de dheasca a chuid oibre leo. Tá éacht déanta ag an eagras seo chun daoine a chur ar an eolas faoi cad a tharla in Eirinn le linn na tubaiste sin.

Bhí suim ar leith ag Pádraig i saol, cultúr agus todchaí na tíortha Cheilteacha eile, Alba, Breiz Cymru, Kernon agus Mannin. Is cinnte go mbeidh brón ar na cairde aige sna tíortha sin sin anois ina dhiaidh, agus fosta, na cairde a bhí aige i LACE (London Association for Celtic Education).

Bhí an sóisialachas agus an phoblachtánachas go smior i bPádraig. Bhí sé páirteach agus gníomhach le fada an lá sna Levellers, agus san Thomas Paine Society, agus bhí baint nach beag agie le lucht chomóradh Bronterre O'Brien, an t-Eireannach a bhí ina cheannaire ar na Chartists bhí fuath aige don fhimínteacht, don tsaint, don leatrom agus don chos-ar-bolg i ngach gné den tsaol poiblí - agus bhí sé réidh i dtólamh dul i ngleic leosan a chleactaíonn sin - lena ndordghuth uasal ar agóidí, lena pheann chumasach agus, cibé áit nó modh ina ndearna sé sin, le neart meabhraíochta agus ionracais.

I measc na gcúiseanna ag ansa lenár gcara, bhí cruachás na bpriosiúnach poilaitiúil Eireannach sa Bhreatain. Bhí seo de shíor á bhrú aige. Bhí Pádraig ag obair go dian fa choinne ag gcimí seo sna seascaidí, tráth nuair nach raibh mórán eile ag déanamh a leithéide. Bhí baint nach beag aige le bunadh an eagrais `Fuascailt' cúpla dlian ó shin, agus bhíodh sé páirteach i ngach agóid agus i ngach cóisir leo. Cuireadh olc air leis an dóigh inar caitheadh le chlú Ruairí MhicEasmainn. Rinne sé obair taighde agus scríbhinn ar shaol an Athair Séamus O Coigligh, an sagart Gaelach a crocadh ar Pennenden Heath, gar go leor do Maistone, Kent, i 1798. Beidh sé sin le cluinstin ag Comhdháil an British Association of Irish Studies (BAIS) i dtús an fhómhair seo.

Cad a dhéanfaimíd anois a Phádraig gan do litreacha san Irish Post, ar Lá agus san Irish Times? Bhíodh siad i gcónaí iontach léannta. Crónóimíd thú a dhuine uasail, shéimh - leis dhomhain, fhairsing agus leis an fheith sin den ghreann a bhí ionat. Bhí tú dílis riamh d'aisling an Chraoibhín Aoibhinn agus i do fhíor ionspioráid dúinne, Gaeil Londain.

Tugaimíd ár gcomhbhrón ó chroí do Liamín, baintreach dhílis Phádraig. Ar dheis dé go raibh a anam uasal Gaelach.

Le Frainc O hArrachtáin (Cathaoirleach Craobh Nollaig Uí Chonaill Conradh na Gaeilge, Londain.)


Ba é an trua Mhuire é O hEochaidh



Tamall de bhlianta ó shin chuir John Waters agallamh ar Chathal O hEochaidh le haghaidh Hot Press. Tugadh an-aird ar an agallmah ag an am toisc gur cuireadh ar an taifead focal ar fhocal gach F... ó bhéal Uí Eochaidh amhail is dá mba rud iontach caint ghráisciúil ó pholaiteoir. Is trua nár tugadh an aird chéanna ar ráiteas an-aisteach a rinne sé san agallmah céanna. Dúirt sé: ``Deep down I'm a very shallow person.''

Bhí iarracht d'fhéinmhagadh ansin, ar ndóigh, ach b'fhéidir gur spleanc d'inbhreathnú a bhí ann freisin. Mar tá san abairt sin an míniú is fearr ar shaolré Chathail Uí Eochaidh. Sa chéad óráid a thug sé i dTeach Laighean i mBealtaine 1957 dúirt sé: ``The trouble with this country is that too many people are making insufficient profits.'' B'in ag tráth nuair a bhí daoine dífhostaithe á mbualadh ó shráideanna Bhaile Atha Cliath le smachtíní agus nuair a bhí na mílte daoine óga á n-easpórtáuil ar nós eallach.

Léirigh an tEochach nimh don phoblachtachas sa chéad aireacht a bhí aige, mar Aire Dlí agus Cirt. D'athbheoigh sé an Chúirt Speisialta tar éis di a bheith ina suan ó na 1940í. Thionscain sé feachtas in éadan Lile na Cásca agus chuaigh an Garda Síochána go díosgraiseach i mbun lucht díolta na lilí a chiapadh ar fud an stáit. Rinne an iomarca daoine dearmad air sin aimsir thriail na nArm agus le linn a thréimhsí béalghrá don náisiúnachas.

Go dtí le déanaí creideadh go coitianta go ndearna an tEochach a chuid airgid an chéad lá trí theacht i dtír ar athcriousú talaimh go talamh cónaithe. B'in i bhfad roimh Liam Lawlor. Ach ní elor é mar mhíniú fiú ar an maoin a bhí cnuasaithe ag an Eochach faoi dheireadh na 1960í. Ba theann an sparán a cheannaigh agus a chothaigh Inis Mhic Fhaoláin agus Abbeville.

Sna blianta sin ba é an tEochach buachaill bán bhaicle na gcultacha móhéir agus Taca (fearas Fhianna Fáil ag an am le hairgead a bhailiú i measc lucht gnó). Teastaigh uathusan sochaí a chruthú ina sáródh an tóir ar bhrabús pearsanta gach luach eile. Faoi na 1980í bhí leo. B'in ré Michael Smurfit, Tony O'Reilly, Patrick Gallagher, Dermot Desmond, Larry Goodman, Pino Harris agus muintir Dunne - agus ré Chathail Uí Eochaidh.

Ar feadh an ama bhí daoine ann, daoine bochta macánta, taobh istigh agus taobh amuigh d'Fhianna Fáil, a chreid reitric Chathail Uí Eochaidh. Rinneadh feall thar na bearta ar na daoine sin agus is ceart iad a thuiscint agus ná cuirimis an tarcaisne i gceann na héagóra orthu siúd. Is trua nár smaoinigh siad ar fhainic Henry Joy McCracken: ``The rich always betray the poor.''

Ar ndóigh ba cheart go mbeadh sé soiléir do chách nár phearsa morálta é an tEochach tar éis gur fhaomhaigh sé an chéad eiseachadadh ar phríosúnach polaitiúil. B'in tar eeis dó a gheallúint go dtí an lá a imríodh an feall sin nach ndéanfaí a leithéid.

Ní haon rud nua é do Chathal O hEochaidh a bheith ag insint bréaga. D'inis sé bréaga aimsir Thriail na nArm (agus dá dheasca sin chuir sé a chomhchosainteoirí i mbaol go mór). Bhí na bréaga deireanacha a d'inis sé don bhinse fiosraithe i gCaisleán Bhaile Atha Cliath chomh lán sin d'fhantasaíocht agus mór is fiú go raibh siad ar aon dul leis an gcineál rámhaillí a chloiseann síciatraithe gach lá i gclincí d'andúiligh chócaoin. Ba é an trua Mhuire é.

Ní bheadh aon ghá le Binse Mhig Reachtain dá mbeadh na Coimisinéirí Ioncaim ag déanamh a gcuid oibre go cothrom. Is ceart go mbeadh athruithe móra ansin. Ní bheadh gá leis an mbinse ach an oiread dá mbeadh seirbhís phóilínteachta neamhspleách sa stát ach sin lá oibre eile.

Le Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland